firstLine"; ?>

1359. Misde mh’innmhe mh’fad o Shaidhbh $
Length: long 41qq
Certainty: 1
Period:
  1. 15th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy wp
Manuscripts:
  1. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
Motifs:
  1. envoi to spouse ?
  2. Envoi to other patron
  3. envoi to Holy Cross and St Patrick
  4. eulogy of personal appearance
  5. nobility of ancestry
  6. comparison with all others
  7. Material rewards for poetry
  8. patron’s liberality to poet
  9. Historical Comparison
Poet Christian Names:
  1. Maoilsheachlainn na nUirsgeal
Poet Surnames:
  1. O hUiginn (RIA 743)
Patron Christian Names:
  1. Sadhbh inghean Conchobhar m. Mathgh.
Patron Surnames:
  1. O Briain (wife of Walter m. Risdeird of Tipp
Apologue Subclasses:
  1. Sadhbh dau. of Conn: her liberality
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Meisde mh’inmhe mh’fhad ó Shaidhbh

[RIA 743 (A/iv/3), 684]

Maoileachloinn na nUirsgél [Ó hUiginn cecinit]

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Meisdi mh’inmhi mh’fad ó Shaidbh

’na goiri a-tá ’gar ttogairm

ni anabh gan tríall dá t(h)oigh

gidh cían rabhar ’gá rochtoin.

2 Mór do bhronntuibh bheanas díom

m’fad ó ingin an airdríogh

lór an linn 7 lór damh-sa

ar mhill da hór umam-sa.

3 Ar cenn a bó nó a brat ndonn

a-túaith go Tiobrad Arann

gé madh tráth do thograinn techt

do ghnáth ní admhainn imthecht.

4 Ni husa ná bheith ’na mbun

ag inghin airdrigh Muman

ar ceann séd an tíre theas

céd míle um cheann do churius.

5 Seóid do choigill fám comhair

ní fhéd inghean Chonchobhair

breith a harradh da madh áil

bheith ’na farradh ní foláir.

6 Anfad fesda ’na farradh [685]

mó as fada gur anamar

mh’aithcheódh ar chlannaibh Coinn

dallaidh ar n-aithcheol orainn.

7 Inghean chodhnaigh chloinni Táil

ni thiucfa fúinn a fágbhail

ar bhúaibh láogh dá lenam dhi

is ar ferann sáor Saidhbhi.

8 Ní bhí an t-each ná an t-erriodh sróill

aici acht ar fhuighioll mh’fhasdóigh

ná an cófra munbá cead liom

ná an leag órtha ná an fhithchioll.

9 Inghean í Bríain do-bheir damh

grádh muinndire is muirn dheóradh

do-bhir gan imtecht ar mh’óigh

ag sin dá inntlecht mh’fhasdóigh.

10 Anfad aga hagaidh mhoill

gach ubhall ar a abhaill

fuil trénChoinn na deala dhamh

lé heala merchuirr Mhuman.

11 Sadhbh inghean Choinn dum chrich féin

fada ó andúthcus eisein

mo bheith ag Saidhbh ara sliocht

da reich a hainm ’sa hoidhriocht.

12 Mná úaisle ’na hégmais sin

do leth Coinn cóir a n-airimh

uimpi ar-áon re hingin Choinn

ní gáol nach imghidh oroinn.

13 Leth Coinn airighim uirre

díbh máthair mhná Sabhroinni

lé sgoil dá tír do tháthaigh

díbh soin a dha seanmhathair.

14 Fuil Cholla as comhfhogas di

ó dhá sheanathair Shaidhbhi

ó á ffuil ’na eanglais dá fhíon

is fuil Fherguis an airdriogh.

15 Fuil Uilliam Búrc an bha[i]rr thais

or ghin máthair mhná an Fhorghais

aga brosdadh do bhí an fhuil

gum fhosdadh dhí óm dhúthaigh.

16 Tráth éigin d’aimhdheóin tShaidhbhe

’nar ndúthaigh dhá ndechaim-ne

badh cumhain é ar a fheabhas

mé i Mumhain ar mhuinntioras.

17 Tugsad tiodhlaicthi Saidhbhe

mé a g(h)comhrac dhá chomhairle

cíabh ghlúnchas ’gá ngabuim port

as dúthchas chladhfhuinn Chonnacht.

18 Tig fúm gan a fágbhail sin [686]

tograim dol[a] gó ar ndúthaigh

beg nach anadh badh loinn linn

ag sgaradh re cloinn Chairthinn.

19 Giolla Brighdi breithiomh sgol

ó chloinn Táil mar do thríalladh

dub é a sgaradh riú mo riocht

dob fhiú anadh a imthiocht.

20 Mac Líag mo leithéd oile

o maicni Bríain Bhóroimhe

úatha ríamh ní raibhe ag dol

nach mbíadh a airi ar anadh.

21 Duthchas thúaith ’gan tríar ollamh

ionann táobh dhá ttangamur

ionann cridhi dháibh is damh

fá fhini Tháil do thrégadh.

22 Clann Táil nach ttreigid filidh

fúair uirrim gach éinchinidh

nír dhíall lé féile a bfinnbhan

ríamh acht tréidi tigernadh.

23 Ní rug acht ríoghan éigin

do mhaicni meic Cinnédigh

cá bean díbh nach sloinnim soin

oirrim ó rígh dá ríogaibh.

24 Bean énanma d’inghin Choinn

an ríoghan rug an urroim

tearc d’íbh Sadhbha acht slat Chaisil

mac samhla na Sadhbhai-sin.

25 Ní cinneadh d’inmhi orra

ní dealbh na díol orroma

do-bheir uirrrim shíl Shaidhbhe

do chuinnill mhín Mhodhairne.

26 Ní huaisle na adhbhar gill

do-bhéradh aice an uirrim

gé fúair-si a bruinnedh ó Brían

is tuilleadh úaisle ó Uillíam.

27 Inghean í Bhríain an bhairr truim

dá tréidhibh tugsat urruim

gé tá ar uirrinn don tír theas

uirrim gach mná dhíbh dhlighius.

28 Dá rabh ar ríoghnaibh Banbha

luidhe ré lucht ealadhna

ní badh coimhmionna dhí is dáibh

ar tí a n-oirrioma d’fagail.

29 Dá mbeith gach áoinbhen aca

ar seachna dhámh ndeórata

ní léig mac deóraidh gan díol [687]

an tslat d’fheólfhuil na n-airdriogh.

30 Dá ttugadh mar nach ttabhair

eitioch ar gach ollamhain

a-tá a cheilt [leg. chleith?] d’airrthibh oile

’gár gcleith saidhbhir Shadhbhai-ne.

31 Tlás [’gus] fos 7 féile

bheith d’feruibh ar éincheile

tréidhi mhna glaicrédhe gáoil

baintréidhi a-tá gan tatháoir.

32 Gile diorga 7 duibhe

trí datha ó mBríain Bhóraimhe

fúair go gcláolach ndata ndearc

gach áondath aca a n-áoinecht.

33 Fúair inghion í Bhríain Bhanbha

an cethramadh comurdha

ríoghan osgurdha Uisnigh

rosggurma san ríoghuin-sin.

34 A díthchioll dána molta

as agam badh ionganta

’sa feabhas lé fer páirti

bean dár bhenas bótháinti.

35 Gén go ngabhadh geis oile

righion [leg. ríoghan?] í Bríain Bhóroimhe

mar do sgéradh sinn ré Saidhbh

a-déradh gan inn d’íarghairm.

36 Mo chuid do chlannuibh Sadhbha

Sadhbh ingean mheic Mathghamhna

trén ’gá súil mhongfhabraigh me

tnúidh ar ollamhnaibh uime. Meisde...

37 Ferdi lé feruibh Uladh

misdi lé mnáibh fionnMuman

céim lé mbéra thoir ar thrén

a moigh do-bhéra Bháiter.

38 Iomdha i leith Cuinn na gcúach nderg

do mháinera [leg. -a- -é-] a meic Risderd

bíaidh an leth-sa a ndeighriocht dhe

badh leat-sa eidhreacht th’aicme.

39 Feirdi mh’inmhe mh’fhaicsin dó

mac Domhnaill dergas caolghó

lámh ón meinci cnedh croidhi

fer teilcthi na táthlaimhe. Meisde...

40 Croch Dhé dum dhidion orra [688]

truagh ar n-inmhe etorra

ar bhfúarrum is ar bferg the

ní sealg ar núamur nimhe.

41 Meisdi a fhad go ndamhuim dhuid

mo breith ó phéin a Phádraig

ni thallan nach ttiocfa rinn

bhar bfiorta as annamh éisdim. Meisde...