firstLine"; ?>

1363. Mithid sin a mhaca Mileadh
Length: very long 50qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
Motifs:
  1. envoi for spouse
  2. envoi for other patrons
  3. for St Peter
  4. imagery for patron
  5. patron’s liberality to poets
  6. ?fianbhoth
  7. caithreim
  8. spartan life of warriors (contrast)
  9. War with English
  10. English conquest of Ireland
  11. legal terminology (eraic)
  12. music
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (RIA 743)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Conchobhar Og mac Taidhg
Patron Surnames:
  1. MacDiarmada (d. 1607)
Apologue Subclasses:
  1. Cath Muighe Leana
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Mithidh sin, a mhaca Mílidh

[RIA 743 (A/iv/3), 759]

Ferghal Óg Mac an Bhaird

[Séadna, Dán Díreach]


1 Mithidh sin a mhaca Mílidh

mithidh dháoibh a nderna sibh

fá íath gcnóigheal na gcíoch ttana

dár fóireadh críoch Logha libh.

2 As fada an treimhsi a-tá Banbha

fá breith nDanar díochra an bron

go ttug sibh congnamh dá chéile

dar cobhradh libh Éire ógh.

3 Ni bheid(h) Goill a ngar do Luimneach

na fa Lifi na lerg ttais

ná fán mBúill tre bháidh bhar gcomhgháoil

ná um (Nuir) Mháidh ná um ghormDaoil nglais.

4 A Gháoidhiola na ngreagh seangbhras

sáoraidh Banbha na mbrugh gcorr

cía dhíbh lé mberthior a bhuidhe

tír chleithgheal na nduille ndonn.

5 Beiridh uile a aicme Chormaic

cuid da bhuidhe le baidhbh Chró

fairche tháoibhsheang na ttragh líggeal

clár Ráoilionn do dhidion dó.

6 Cóir a bhuidhe do breith ris-[s]ion

rí Mhoighi Luirg na lerg tte

go dol agaibh ar íath nÉimhir

clíath chogaidh do dheinimh dhe.

7 Mac Díarmada dreagan Búille [760]

do bhúaidhrigh íad táobh re táoibh

lea dheirc mhoill as beirthi a bhuidhe

Goill Eithne Goill Mhuighi Máoin.

8 Tug fúath eachtrann fá íath Medhbhe

a mheince um Bhúill na mbárc ndonn

’s a ró díbhearg fán Múaigh mhaigrigh

gruaidh mhínderg do thairngir tonn.

9 Do chaithedh lá láimh ré Suca

ag seilg Dhanar dá dheirc chuirr

do chaitheadh bláth thoighi Túathail

tráth oile fá Chrúachain Chuinn.

10 Do cheól ghnáth ar ghothaibh fúairshreabh

fada do bhíoth barr na ngég

cían do bhíodh i mbothaibh cáoilshleagh

ag díon shochair Ghaoideal nGreag.

11 Do fhuilngedh gér anba an mheisnioch

mac Díarmata dídion ceall

fa fhairche mhín ttoinnghil tTúathail

shín oighridh i mbrúachaibh benn.

12 Do ghnáthaigh re glúasacht cogaidh

Conchobhar óg innlius cheilg

sreabh reóidh 7 teach gan tuighi

is feóil chreach is luighi ar leirg.

13 Mar sin ré Gallaibh ghuirt Lonndan

lámh fhuiltioch dá n-órthar cuilg

fairche ghlan na bfiodhbhadh bfillte

do sgar fionnmhagh linnte Luirg.

14 Gur ghabh Magh Luirg na learg ttorthach

tamhan cumhra chnuic na Níall

do sgáth an anshóidh ní adhair

gnáth rodhóigh a roghain ríamh.

15 Mac Díarmada na ndúas líonmur

do lúach an anshóidh fúair

do thil clár na bhfionnshroth bfoirfi

lám ré bionnLoch coirmthe Cé.

16 Tug beódhacht is begán tathaimh

’s tug a bheith i mbennuibh sliabh

do fhleisg Lúain is-teagh a toradh

búaidh ar fer na roghan ríamh.

17 Mac Díarmata díoghbhódh eachtrann

íobha[idh] fesda fíon a hór

fa Bhúill sgathaigh na síon soirbhgheal

rachaidh díol san oighredh dh’ól.

18 Beid ag úaislibh innsi Luighdioch [761]

leabtha donnsroill ’má dheirc gcuirr

do thsíor is na leapthaibh lúachra

bús díol d’Eachtair Chrúachna Coinn.

19 Seanchas díamhair dán lé ceólcrot

mar cheól codail clechtaidh sé

d’úa na ríogh ó íathmhuigh Earca

díol a mbríathraibh ealta é.

20 Seóid Dhanar ag dol ’na éraic

d’éigsibh cáigh ó chúil na ngég

i mbotha[n] díamhra ar dhíot[h] máoinedh

do bhíoth gríangha Gháoidheal nGrég.

21 A n-agaidh úaignis an fhásaigh

iomad curadh do-chí sé

lén gnáth rinn chatha do chongmháil

fá linn Lacha collbháin Ché.

22 Go deimhin as dáor do cheannaigh

críoch Bhúille fa mblaghaid cuill

tug a dhonnchrú uile uirrthi

onchú mhuighi cuirmthe Cuinn.

23 Mac Aibhilín na n-écht minic

fá mhagh Luirg na linntedh tte

air go fóill a chneas do chréchtghuin

doigh i ttreas ni dhentair de.

24 Conn Cédchathach coilén Teamhra

tugadh amhlaidh iolar cnedh

ara chorp fa fhíadmhagh nÉirionn

gort niamhghlan na ngérrenn ngeal.

25 Téd an Conn-soin tar ceann Éirionn

iúl fíre dá bfuil an sdair

go Magh Léna a n-agaidh Eóghain

gabhair sgéla eólaigh air.

26 Téd a n-aghaidh Eóghain Taidhligh

tríath Éirionn le húathadh slúaigh

go slios brúigh lechtMhuighi Léna

nertruire mhúir Énna d’úaim.

27 Cóigedh Uladh na n-eas líggeal

is Leth Mogha na múr réidh

do thairg úaidh a gcomhaidh chatha

do roghain shlúaigh Locha Léin.

28 “Ní gheb úaidh” ar Eoghan Caisil

“comha acht Teamhair na ttrí ffer

tulach fhíonur na n-eang n-álainn

badh lem ríoghmur bhánfhuinn Breagh.”

29 Conn Cédchathach na gcúach ngreanta [762]

do ghabh fírferg fíor an sdair

longphort engbhlaith an fhuinn gríanaigh

fan seanraith chuirr d’iarraidh air.

30 “Eóghan Mór ge mór a aignedh

ní fhuighi feasda” ar flaith Lúain

“d’Éirinn shriobhghloin do tháoibh thoile

iomdhaidh láoigh na hoighi uaim.”

31 “Do-bhér cath dá chrobhaing míleadh

ar Mhagh Léna a los a uilc

ós é as áil lé hEógan échtach”

do raidh leomhan crechtach Cuilt.

32 Ar Mhagh Léna an lá arná bhárach

brisder cath ara chúl fann

ua na ríogh nar lag a lúaghal

do-rad díol san úabhar ann.

33 Bentar san gcath-soin céim súaithnidh

seanchus fire fúarus ró(r)m

leómhan fá teann ar gach teghlach

a cheann d’Eóghan mhedhrach Mhór.

34 An égoir re hairdrí Banbha

do bhí ag Eóghan anba an ró

da bhfúair a ghoin fá Bhóinn mbionnfhuair

do-chóidh soin ar diombúaidh dhó.

35 Gach drong ré ndéntar an égcóir

ar an eacht-soin d’iúl na súadh

ní bhí orra dhíobh ré deabhaidh

orra do shíor berair búaidh.

36 Rug mac Taidg tren ar a naimhdibh

do nós Choinn na gcupadh sean

ré hathaidh a hucht na cóire

nathair ó phurt Bóinni Bregh.

37 Do dioghladh leis lór do mheisnigh

mar mac Úna dhár fhill dair

éigni Bearbha bláth na ndaighriogh

a nderna cách d’ainbhfíor air.

38 Magh Luirg ní lémhadh í d’féchain

eccóir Ghall ar a grúaidh nduinn

dóigh ghnáth dá ríoghaibh do-roinni

do dhíoghail blath chloinni Coinn.

39 A hucht úaisle a hucht na córa

do chuir mac Taidhg na ttreas ndían

fían Ghall ó choimhéd a chríche

barr na bfoighég bfíthi bfíar.

40 Mac Diarmata dúsgadh faladh [763]

fúath a chríche fá chath nGall

do chuir cáomhthach rúin na ríghe

áonchloch chúil na tíre thall.

41 Táobh seda da slechtuid biodbaidh

bas fhuiltioch dá n-ísligh sreabh

croidhe is egal eidir armaibh

dreagan mhoighi bharrghloin Breagh.

42 Seabhac Crúachna na gcráobh lúbtha

leannán Uisnigh an fheóir chuirr

bláth an cháomhmhuighi um Bóinn mbiligh

aodhuri slóigh chinidh Chuinn.

43 Beithir lúthmur lingios deabaidh

dregan échtach fhuil[n]gius goin

ursa ghliadh mhíonmhoighi Mhedhbha

grían ríograidhe Temhra thoir.

44 Conchobhar óg aignedh fáoilidh

féithlionn chengail Chnuic na nGíall

báthadh coibhdhen brúaigh na Búille

grúaidh toinngheal as (núaidi) núidhe níamh.x

45 Abhall chumhra do choill úasail

ingean Domhnaill dhíolus dúain

clechtaidh fodhail a séd sídhe

gég thoraidh an tíre thúaidh.

46 Té[i]d ó éicsibh innsi Cobtaigh

a gcrích Connacht na gcolg ndéd

do thuill Mairgrég ós dá mháoidhemh

pailmghég do choill Ghaoideal nGreg.

47 Leaca táoibdearg nár théidh ollamh

ingean Móire ó mhúr Dhá Thí

a theisd ag dol fan trían thallan

ag ríar sgol ni hannamh í. Mithid...

48 A bheith fó chríaidh do chrá(a)idh meisi

Mag Aonghusa nar ér dháimh

nach trúagh mo leannán ’na luighi

beangán ó chúan Mhuighi Máil.

49 Mo dhara céile i gcrích Chobhthaigh

Conn mac Bríain lé mbronntáoi fail

tesda slat bhosghlan na Búille

nach dorsan brat úire air.

50 Ceileadh doirrseoir Dhúin na n-aingiol

gach olc dhamh dá nderna sí

mé dá toil congmadh an cholann

foghladh mar soin oram í. Mithid...