firstLine"; ?>

1364. Mithidh creideamh do Chlainn Neill $
Length: long 39qq
Certainty: 2
Period:
  1. 14th mid
Areas:
  1. Meath
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
  2. RIA 3 (23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-
  3. BL Egerton 111 F. OScannail trscr.RIA 2
Prints:
  1. text DiD no. 106
  2. transl. Ir. Monthly 55, 551
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. nobility of patron’s ancestry
  3. patron’s irresistible attractions for women
  4. Material rewards for poetry
  5. patron’s prowess in war
  6. spartan life of warrior
  7. War with English
  8. fertility in reign of just ruler
  9. Highkingship
  10. Alms
Poet Christian Names:
  1. Eoghan (an tOrthoir) RIA 2, 3
Poet Surnames:
  1. MacCraith
Patron Christian Names:
  1. Cormac Og mac Airt
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Mithidh creideamh do chloinn Néill


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 106]


Eoghan Mac Craith .cct.


1 Mithid creideamh do chloinn Néill

’gun chloinn ag nar creideadh dhóibh;

ní fás do-niad tar Íbh Néill;

ní léir cás nach iad do fhóir.


2 Bóinn Dá Thí na ndumhach ndonn

agus Tulach na dTrí bhFionn

sgarthar feasda re féinn Gall;

clann Néill as cneasda ós a cionn.


3 Slat orrdhraic ós fhine Néill

smacht Cormaic ar Mhidhe mhóir;

Banbha ghealChuinn taoibh re taoibh

faghla Í Mhaoil Eachluinn do fhóir.


4 I leith fhaghla ós eadh a-tá

an Bhanbha gomadh bean dó

ní budh roghar do chleith Chua

foghal nua i ngach leith don ló.


5 Lia sgor an mhongabhraigh mhóir,

lia crodh ag ollamhnaibh uaidh,

lia a choin - ní ceilte ar an fhéinn -

teirce a ngéill soin is a sluaigh.


6 Lór a mhíonlacht i múr ban,

lór a ríoghdhacht - ní rún mion

a chur uilleannach arm sean

badhbh dhean ní huirreamach d’fhior.


7 Ua Colmán ó Chruachain chaoimh

is buachaill d’orlár an áigh;

tugadh treas gan fhiadhain uaidh

an treas uair ar n-iarraidh áir.


8 Béas don deighfhear car a chlú

an dan bhus deireadh don ló

éacht uaidh le mallghothuibh mná

lá an uair do dhaghmhothuigh dhó.


9 Ní bhéara céim ar a chúl;

a réir ní ghéabha gan ghiall;

ní héidir le hucht an ríogh

díon an chéidfhir i ngurt ghliadh.


10 Lucht donnbhrat i ndeaghaidh ruag

ar cheanaibh fa Chormac Óg;

feidhm ar chrannaibh um cheann nGréag,

sdéad seang ar bharraibh a bróg.


11 Lán dearnann do ghormgha ghéar

is seanlann tromdha re thaobh

is am crann reamhar dá riar;

níor iarr ’n-a leanbh crann caol.


12 Ar bhfuighle re a aghaidh n-óig:

“blaghaidh bruighne blaghaidh ruaig,

mín ag dul go toruibh thríd

gan bhrugh ’n-a mbíd d’fhoghuil uaid.”


13 Ní charaid socracht ná síodh,

do-ghabhaid docracht is duadh;

ní basgadh ar iorghail t’fhian

asdar cian ná ionmhuidh fhuar.


14 Réidh bhí ó theachta dod thoigh

- gá ní as deacra ná dréim ribh -

Laoich ler bh’áil i ngleo do ghoin;

ní leo a bhfuil ’n-a láimh acht libh.


15 Banbha Airt i n-eidhreacht chóir

tarla id chairt - is deighneart daoibh;

biaidh fat eidhribh fleadhFhód Fáil;

do dheimhnigh fáidh neamhóg naoimh.


16 Lá feadhma ní fás do-niad

na feadhna re a bhfás do ghrúg;

bhar n-uaill ná uabhar bhar sdéad

ní thruaill do chéad sluaghadh súd.


17 Orrdhraic ó cheanaibh do chlú

a Chormaic do mheadhair mná;

fuaradh bhar n-each, a fhir chró,

creach nó [a] dhó libh re dá lá.


18 Lucht tilte uile don iath

na litre chuire go cách

fir ris nach soshnadhma síoth

fríoth comhardha ó dtigh dá táth.


19 Teas an talmhan is tuar gnaoi

eas uadh gan bhalbhadh ní bhí;

tuigthear sin ar síonaibh Dé

gur shíodhaigh sé ribh, a rí.


20 Mín gach maighean, mín gach linn,

gan chagadh re tír ag tuinn;

druimleabhair gach damhna croinn,

coill Bhanbha i gcuirmmeabhaidh cuinn.


21 Clúimh na learggort naoidhe a-níos

- gá ceardacht as caoimhe gréas?

a mbia ar choillfhiodhbhaidh do chnuas

budh sia suas doinnfhiodhraidh déas.


22 An úir ar n-osgladh dá hioth

ag brosdadh ar chlúimh na gcleath;

gidh créad rug an mhuir a-mach

ní fhuil rath nach tug is-teach.


23 Giolla adhras d’fhagháil chlú

’n-a anáir labhras an lia

rí do thagra dá ndeach dhó

mó d’agra na mbreath ’ma mbia.


24 Do bhrígh feadhma ghéirreann nglan

mín Éireann ’ga earla thiugh;

an ré le ria tar gach bhfear

sia an seal ó ’né gus a-niugh.


25 Clann Chathaoir is Cholmáin mhóir

’n-a comhdháil go cathaoir Néill;

gidh cara ceall ceann an tsluaigh

do smuain Ceall Dara do dhréim.


26 Féinnidh Theamhra ó thighibh sgol

dlighidh gan bhearna ar a bhladh;

iomdha sealg is éachta ón fhior

ciodh ná budh ceard bréagtha ban?


27 Gach ní dá bhfuighe is dá bhfuair

an rí ar gach nduine ag a dháil;

i mbrat Chormaic sul do-chóidh

slat óir an donnbhrait ag dáimh.


28 Gá beag bheith go gar dá ghnaoi?

tar a bhladh nocha reich rí;

frioth ’n-a dheighéadáil uaidh é;

fuair sé go neimhéagáir ní.


29 Donnaidh sleagha gorma i ngádh,

bronnaidh greagha ollmha ag ól,

gealltar mallbha ag Aifreann uadh,

do aithgheall sduagh Annla ór.


30 Do mhaoidh tromdháimh ar thuir Chua,

gobhláin gaoil do chuir a chlú;

fogus gaol deaghUisnigh dhó;

laogh bó ón tealaigh-sin thú.


31 Téid re hoighreadh dath do dhearc

gan dath as coimhgheal red chorp

a ghnaoi tar nar bh’iarraidh Art

sa tlacht do bhaoi ar fhiadhain ort.


32 Ní bhia fós teach ós do thoigh

gan do nós ar neach dá mair;

íocfa féin re seanóir sin

neamhóidh gach fhir dot fhéin air.


33 Sleagha reamhra Bhéinne Bhriot

a chéile Leamhna budh lat;

fuarais corn beannchraobhach breac

’mar fheac Dolbh gealchaolach glac.


34 I bpurt an Daghdha ós Bhóinn bhailbh

do-chóidh re hucht Samhna a seilbh

tapracha ar chúl gacha chuirn

cuirm ag túr daghcrotha ar dheilbh.


35 Mór file ón bhronnadh do-bheir

bile dar donnadh gach dair;

go deoradh le duasaibh cruidh

seoladh ón fhuil uasail air.


36 Mac Duibhe Cobhlaigh ó Chliaigh

dá gach dhuine congbhaidh cóir;

tug d’anáir do chineadh Chéin

a ngéill d’fhagháil idheadh n-óir.


37 Clann Cholmáin - ní cineadh mion -

cineadh re congbháil na sgol

na cláir brannaimh ’s a mbró ghreagh

mó a seadh i gclannaibh a gcon.


38 Cuid dá riar an miodhfhann mór

i n-a dtriall Sionann ’s a sál;

cuid fhineachais dóibh gach dún

’ma ndún Bóinn bhileathais bhán.


39 Craobh darab ceard ceannach gnaoi,

caor dhearg a Teallach Dá Thí,

cleachtaidh faire Thoighe Té

gidh bé oile baile i mbí. Mithid.