firstLine"; ?>

1365. Mithidh cuairt i gceann Fhiacha $
Length: middling 28qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS c. 1726<1622 ex
  2. TCD 1288(H.1.14) Aodh O Dalaigh 1750
  3. BL Egerton 176 M. O Gormain late 18c.
  4. RIA 570 (23/Q/1) E. O’Reilly 1794-
  5. NLI G47 Transcripts 1807
Prints:
  1. text LB no. 21
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. patron’s irresistible attractions for women
  3. comparison with all others
  4. poet as patron’s spouse or lover
  5. Material rewards for poetry
  6. patron’s liberality to poets
  7. poet-patron relationship
  8. imagery for kingship (aoghaire)
  9. Fertility in reign of true ruler
Poet Christian Names:
  1. Niall (Harvard MS)
Poet Surnames:
  1. O Ruanadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha mhic Sheaain
Patron Surnames:
  1. O Broin d. 1597
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mithidh cuairt i gceann Fhiacha


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 21]


Niall Ó Ruanadha


1 Mithigh cuairt a gceann Fhiacha,

ceann oinigh gach aoiniatha,

sgoth na nGaoidheal ó Bhóinn Breagh,

aoinfhear bhus dóigh dá ndídean.

2 Mithigh leam-sa dul ’na dháil;

bheith a n-égmuis uí Seaáin,

dá léige sé uaidhe inn,

ré na huaire ní fhuilngim.

3 Córuide dhamh dul dá fhios,

mac Aodha nach iar uaignios;

gnúis ghlan as fada ar foghail,

tal aga dom ealadhain.

4 Mo thoil bhós dom breith chuige,

dul ’na dheóidh as usaide;

slat nuaidhe go ttaradh ttrom,

anadh uaidhe ní fhéadfom.

5 Dá tteagmhadh go ttriallfuinn seal

go hUltuibh a hiath Laighean,

an ghég glan go mbuaidh bronnaidh,

mo thal uain ní fhuaramair.

6 Siad aige ’s ní misi a-mháin,

mac Aodha nách ob teagmháil,

dá réidhfhine do thuill tol

gach éinfhile ar thuinn talmhon.

7 Misi tharsa ag Fiachaidh féin,

mo-chean riamh an seang soiléir,

tearc aonduine ar chlú ’na chuing

mar aoghaire chrú Criomhthuinn.

8 Iomdha adhbhar fá ndligh dhíom

ceangal re hua na n-airdríogh,

gnúis dódghlan do uaisligh ionn

tar uaislibh ógbhadh Éireann.

9 Tús suite ag suidhioghadh cáigh

fuair misi ó mhac mheic Seaáin,

cruth faoilidh ar chléir nár chaill,

óm dhaoinibh féin nách faghbhainn.

10 Do dháil damh-sa eacht oile

mac Saidhbhe, súil sheabhcoidhe,

maoidhim fós mar onóir air,

tós a chomhóil ’s a chogair.

11 Guala Fhiacha re headh n-óil

fuair misi [cá mó onóir?]

mar gach bronnadh dá luadh linn

uadh tar ollamh a nÉirinn.

12 Rí dá ttugus sruth seirce,

mac Aodha, an t-óg inneilte;

sgoth a ghráidh do ronnadh rinn,

bronnadh amh-áin ní fhuighinn.

11 Roighne a shéd ’s a chuach gcorcra

fuaras, ní fáth ionganta,

tearc a gcliathaibh ’gá mbí a bharr,

’s gach ní ar Fhiachuidh do iarrsam.

12 Séd as fhearr dá n-uaras riamh

eidir uaislibh Guirt Ghailian,

tug é féin ’na dheaghaidh damh,

réir nách dleaghair do dhiúltadh.

13 Ní bhiadh ó thír bhraonghlais bhláidh

do bhiadh ag mac mheic Seaáin,

méd a bhloidhe do bhrég inn,

do shéd oile nach oighbhinn.

14 Fiacha mhac Aodha is ard sdair,

leannán scoile Chláir Criomhthain,

gnúis dédbhán nár fhóbair fheall,

mo chédghrádh d’ógaibh Éirionn.

15 Do thogh misi mar chuid croinn

rí ó mBroin [ní breath leatroim],

an tslat fhíneamhna ó Bhóinn Bhreagh

do fhóir mímheanma maighdean.

16 Sé ós cách [ní cuid maoidhimh],

mac Aodha, an fial forbhfaoilidh,

beangán fár dligheadh gach dream,

leannán fhileadh na hÉireann.

17 Do-chím é, mar tá mo thoil,

an lá nách faicim Fiachaidh,

m’fhear cumainn do chloinn Chriomhthain

do thoill urraim d’Éirionnchaibh.

18 Fiacha mac Aodha an taoibh thais,

bím aige is inn ’na égmhais,

slat chumhra ó Tholaigh an Trír

do thobhaigh umhla ar airdrígh.

19 Tnúth ag éigsibh Innsi Fáil

riom-sa fá mhac mheic Seaáin,

fear lér sgaoileadh a rún ruinn,

’s gan tnúdh ré haoinfhear aguinn.

20 Ní thiobhrainn-si Fiacha féin,

triath Laighion na learg soiléir,

rí dá ndleaghair Fiadh na bhFionn,

ar dhá ttrian d’fhearaibh Éirionn.

21 Sgol Banbha dá ndeach ’na dháil

d’iarruidh séd an deirg dhreachbháin,

teacht aimhréidh ní fhéd ón fhior.

an ghég do ghlainfhréimh Gaoidhiol.

22 Mac Aodha dá n-ísligh fiodh,

cé tá ar chuid do chrích Laighean,

do dhlighfeadh sé fionnmhagh Fáil

’s níorbh iongnadh é dá fhagháil.

23 Ní maith cúis ré cor a bhfad

d’eagla go ndiongnuinn dearmad,

rí a gcliathaibh dá ngabhair greim,

samhail Fhiachaidh ní fhaicim.

24 Tarla ag Róis ó dháimh dhoiligh

geall duas do dhruim daghoinigh,

geall ó [a] caoimhfhréimh ’gá gruaidh ghil

nách fuair aoinbhéim ó éigsibh.

25 Inghean Fiachaidh, cruth corcra,

bean rug buaidh an bhantrochta,

gnúis taoibhgheal do thuill mo thoil,

aoinbhean ’na cuing ní cosmhoil.

26 Iomdha fáth fár thugtha toil

d’inghin Fhiachaidh Í Thuathail,

craobh maoithréidhe arar cáir cion

tar mhnáibh laoichfhréimhe Laighion.