Poem in printable PDF format
Mithidh déanamh
cuairte ag Cormac
[McKenna, L.:
The Book of O’Hara, Dublin, 1951, poem 21]
Maol Muire Ó’n
Cháinte .cc.
1 Mithidh déanamh
cuairte ag Cormac
cuingidh Luighne
na learg mín,
crann ós
fhiodhbhaidh d’fhine Eadhra,
bile dh’iobhraibh
Teamhra in Trír.
2 Seachna
codhnaigh chinidh Mhodha
meisdi an tí re
dteagfodh sé;
dóith as fhearr
ní fhuidhi aoinfhear,
ceann uidhe na
n-aoidhiodh é.
3 Fad na treimhsi
a-tú ’n-a fhéagmhois,
éanbhrath céile
chríche Fáil,
lór do thúr
fhaludh dom aithghein,
tamhan a húir
thairthigh Tháil.
4 Ní hurusa
dh’éis a chleachtaidh
a gcéin uaidh go
n-anfadh fear,
bile coirmthe
mórchlann Modha,
lóchrand oidhche
bhrodha Breadh.
5 Deacroide
dhúinn déanamh thairis,
tearc a
chomhmaith dho chleacht sinn,
meic ríogh nach
cuirthear re chéimibh
do shíol
cruithgheal Éimhir Fhinn.
6 Gé a-tá mé re
hathoigh d’aimsir
a n-éagmhois
Cormuic mheic Céin,
a ghrádh um
chridhe do caomhnadh,
an bile nár
saorghlan séimh.
7 Dob fhiu ar
ndúthchos re dhreich maorrdha,
mac mheic Oilill
airgeas tír,
gan bheith do
shíor uaidh ag anmhoin
an ghríobh ón
Mhuaidh mhallghloin mhín.
8 Tuigeadh féin
an fáth fa bhfoilim
feadh treimhsi
gan triall dá fhios,
ar mbuain ó
chomhghar a chéile,
gruadh donnghlan
as séimhi slios.
9 Ní thréigfinn
ar adhbhur oile
earrla clannúr
dan cóir toil,
beantor sind le
sluaghoibh Danar
gur uamhan linn
aghoidh air.
10 Do-chuala gur
cuireadh eision
d’imlibh corra
críche a shean
- gá ní bhudh
doilghe do dhéinimh? -
rí Luighne nar
éimhigh fhear.
11 Dá bhrídh so
do seachnadh linne
leannán éigeas
innsi hÍr;
go mbiadh dar
n-égnuch dob easbhuch
ciabh na
ngéagbhoth seasmhoch sídh.
12 Ó a-táid
Gaoidhil do ghuth éinfhir
ag athchor Ghall
nguirt na bhFionn,
’s na slóigh ó
lios Eamhna d’fhéagsoin,
d’fhios Í Eadhra
as éasgaidh ind.
13 Dóibh a-rís ní
racha Cormac
céim do dhruim a
dhúthchois féin,
fian Ghall ’n-a
aghaidh fa aonchuing,
croinn toraidh do
chaomhchloinn Chéin.
14 Dá dtí dhínne
dol in uairse
fa iath Muaidhe
na madh nglan,
fonn maoithréidh
as uaine oirir,
aoinchéim uaidhe
as doilidh dhamh.
15 Dá roisiom a
radharc Cormuic
clódh uaidhe ní
fhéadfa sind,
fear as treisi ar
ghníomhradh glaisreann
seisi síodhbhrudh
bhfairseang bhfionn.
16 Leomhan
éachtach d’fhíonfhuil Mhodha,
múr doileagtha as
daingni rún,
fear as roiréidh
bha riar bhfileadh,
ciabh
chloidhshéimh na n-igheadh n-úr.
17 A aircctheoir
cniochtGhall, cosg a bhfoghla,
feithmheoir
baoghoil Bhanbha Cuinn,
caor bhuaidh ar
chéimibh a gcathaibh,
féinnidh go
ngruaidh ndathaigh nduinn.
18 Fear as
mhaorrdha a measg a theaghlaigh,
triath Luighne re
lingthear sluadh,
béim foladh ó aon
ní foghar,
raghaidh saor ó
ghorudh gruadh.
19 Ar chaoineas,
ar chomhrádh dtaighiuir,
tearc aoinfhear a
aithghein sin;
dá mhéad dáileas
um cheann gcomhráidh
fearr áineas an
donnbháin dil
20 A ua Oilill
mhóir mheic Mhadhnois,
méad h’anma ní
hiongnadh dhuid
’s a dtig uadha
thríbh do thonnoibh,
a mhír chruadha
an bhronnuidh bhuig.
21 Más cúis
mhórrtha dod mhac samhla
seachna béime, a
bhruinne seang,
’s gan teacht re
haoinfhear bha bhfuighthe,
tearc Gaoidhiol
badh cuirthe ad cheann.
22 Fuarois céile
as chosmhoil doitsi
díth maoine ní
mhothuigh sí;
cóir teacht le a
tréidhibh a-nalloin
searc gach
éinfhir annaimh í.
23 Dual do bhanua
Briain mheic Eoghain
éigsi Banbha do
bheith lé;
tarrla ar gach
taobh d’fhíonnchloinn Fhearghna
craobh do
ríoghchoill Teamhra Té.