Poem in printable PDF format
Mithidh do
chuibhreach, a chuirp
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 79]
Ó Lendáin cc.
1 Mithidh do
chuibhreach, a chuirp,
a phéisd gan
fhéaghain d’iarmuirt;
do ghabh tú neart
gus a-niogh,
a thrú, ní ceart
do chaithiomh.
2 Mairg
chleachtas do chumus féin
do leigin duit, a
dhroichmhéin,
a cholann
chriadh, a cheann trom,
is fearr do
chiall red chrapoll.
3 Tighearnas duit
ní dhlighe,
a cholann chriadh
chuidbhidhe;
bheith id
mhoghaigh ba dú dhuid
gé tú i gcomhair
do chomhruig.
4 A chuirp gan
reacht gan riaghail,
a mhinmhianaigh
mhóirmhianaigh,
do chur i ndaoire
dhlighe
fa aoine is fa
aithrighe.
5 Cuiridh aonlá
aoine ort,
tearc, a cholann,
do chomholc,
a pheata
mhianaigh muice,
meathta an
iarraidh fhochruice.
6 Ní háil leat ó
dhubh go dubh
achd caitheamh
agus codludh
troid gan chúis
agus ceangladh
is drúis agus
droichreabhradh.
7 Sgáthán
bréagach do-bheire
chugad, a chuirp
chuidbhidhe;
bídh ait le
diabhal do dhán
gud sgiamhadh as
do sgáthán.
8 Dá bhféacha
féin mar taoi thall,
a thruaghán
criadh, a cholann,
ní [. . . .]
duine achd a dhath,
[ní fhuil] ann
uile achd otrach.
9 Otrach th’ór
agus th’éadach,
otrach do bhuar
bláithbhréagach,
dar leat is
buaine an bhréag shearbh,
ní smuaine éag ná
ifearn
10 Sgítheach mé
dhíot, a dhomhuin,
a léimeannaigh
luathchorraigh
a dhomhain
chealgaigh chleasaigh
let fheargaibh
let imreasain.
11 Led ghalraibh
agus led ghoil
iomad do chreach
’s do chogaidh,
doiligh, a
mheabhlaigh mheangaigh,
leanmhain [dá
bhur] léimeannaibh.
12 Cuiridh tú
cách ceann i gceann,
a shaoghail, is
olc t’inneall;
doiligh síoth do
bhréag go bráth,
an t-éag is
críoch dod chonách.
13 Ifearnn ar éis
an éaga
liosda do luach
coimhéada;
taobh red ghrádh
is meadhradh mear,
earrdhubh do dhál
fa dheireadh.
14 Do chonách . .
. . mór
téid fá dheireadh
ar dobrón
an fear féin
lingeas [ón fhleidh]
chinneas a chéim
don Choimdhidh.
15 Treas ar
uabhar ord gach ríogh,
athaidh eile re
himshníomh,
sealad re
maoidheamh cleas cáich,
treas ar
caoineadh an chonáigh.
16 Ó tá a fhios
aguibh uile
cleasaidheacht an
chealgaire
grádh dá
fhleadhaibh gid lúdh libh
cúl re mheabhail
is mithidh. Mithidh.
17 Ní hionann [é]
is Mac Muire
tighearna na
trócaire;
le Mac Muire
neamh a-nos
ní bhean do
dhuine a dhúthchos.
18 Tar éis a
ghona don gha
obadh an Doill ní
dhearna;
grádh don Doll ag
Mac Muire
ba prap trom an
trócaire.
19 Tabhraidh uile
dá bhar n-óidh
síoth bhar
gcionadh i gcéadóir;
ní obann rí nimhe
a-niogh
gach cridhe
ad-chí go gcreidiomh.
20 Go gcreidiom
do Chríosd na gclann,
síoth na flatha
go bhfagham;
go ngabha an rí
ar síoth mar sin
gurab í críoch ar
gcreidimh.
21 Biaidh dá
gabháil ceann i gceann
nocha lughaide an
léigheann;
is dí bu dóigh
dul ar neamh,
[sgur] nochar
chóir dá caitheamh.
22 Tiocfa d’agra
na hanma
teangtha loma
lasamhna;
ó thiocfas tóir
gharbh dá guin
ní cóir gan arm
gun anmuin.
23 IonMhuille fa
Mhac Moire
- is í ciall gach
chríosduidhe -
nocha [n-aca] ó
chridhe ceall
mire [aca] fan
Aifreann.
24 Diabhal nach
deachaidh ar neamh
ar tí carad an
Choimdheadh;
do-ní a ghuidhe
go gréasach
ó ’d-chí duine
deighbhéasach.
25 A-tá peacach i
mbroid sunn
ag éigheamh ort,
a anum,
déana ar sógh dar
suidhe ar nimh,
a Mhuire mhór is
mithidh. Mithidh.