Poem in printable PDF format
Mithidh domh
triall go toigh Pharrthais
[William Gillies,
‘A death-bed poem ascribed to Muireadhach Albanach’, Celtica
21, 156-72]
Muireadhach
Albanach Ó Dálaigh cc.
1 Mithid domh
triall go toigh Pharrthais:
an uair
dhéonaighe dhuinne [is] soirbh;
cosnam an teach
tréan gan choire
gan sgéal ag
neach oile oirn.
2 Déana do
sgrúdadh red (shagart) sdiúraidh,
cuimhnigh go
dlúth iomad t’olc;
na beir aithrighe
go n-aga:
sgéal is préamh
re agra ort.
3 Ná déan
falachán id pheacthaibh
gé gránna re
innse h’olc;
leag dod chuid
cleachtadh diamhair
má mbí agra
dhiabhail ort.
4 Déan(a) do
shíodh ...
dhá dheóin dhá
aimhdheóin led chorp;
sgar red locht do
dhul don domhan
má mbí a olc is a
omhan ort.
5 Mairg do
thréigeadh teach an Airdríogh
ar ghrádh
pheactha, tráth do-níodh:
an t-olc do-ní
duine go diamhair
iomdha ainn-séin
fiadhain ’man ghníomh.
6 Ag so searmóin
do Shíol nÁdhaimh,
mar shaoilim nach
bhfuil sí i mbréig,
fulang a(n) bháis
seal go seachain
an fear nach
deachaidh, go dtéid.
7 [An F]ear do
cheannaigh Síol nÁdhaimh
d’fhuil a cholla
agus dá chrí,
ar a réir
do-ghéanainn seacadh,
gion go ndíon rem
peacadh mí. Mithidh.