firstLine"; ?>

1372. Mithidh sin a raith na riogh $
Length: middling 22qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. RIA 625 (3/C/12) O’Curry trscr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. Bergin IBP no. 31
Motifs:
  1. war with Foreigners
  2. horse-racing
  3. Boating
Poet Christian Names:
  1. sname only (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1600
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mithidh sin, a ráith na ríogh


[Bergin, Osborn: Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 31]


Eochaidh Ó hEóghusa .cct.


l Mithigh sin, a ráith na ríogh,

lór dhuit ar fhuilngis d’imshníomh;

a chúirt ghéagthláith thirmgheal tais,

ní himneadh éntráith fhuarais.


2 Ní fheidir mé an mithigh dheit,

mithigh dhúin agháil th’aiseic:

fada a n-aonmhúich sibhsi is sionn,

a Inis chraobhdhlúith Cheithleann.


3 Ráithe is bliadhain gidh bé leis,

do bhádhbhair, beag do shaoileis,

re hucht laochradh bruaigh Banbha,

at uaimh fhaolchon allmhardha.


4 Gá ttám ni tuigthí an fadsa

comhrádh aithnidh umadsa:

ort féin ní fhacadhais fhear

do fhréimh ghlacsholais Ghaoidheal.


5 Níor léig graifne greagh síthe,

níor chlaon lorg creach ccoiccríche,

a phuirt úir thiormaoibhinn te,

clúimh ar fhionnmhaoilinn t’fhaithche.


6 Dob annamh riamh roimhe sin

tú aonlá ag Aodh Mág Uidhir,

gan congháir, gan claisdin sdoc,

gan comhdháil d’fhaigsin iomot.


7 Gidh eadh, ní hionchaointe dhuit,

ránuic tú an tí rod fhuasluic,

a ráith pheallghlan na bport ttais,

neamhghar na n-olc do fhuarais.


8 Fáth orchra ní heagal libh,

ó thug Dia d’Aodh Mhág Uidhir,

a mhionn, a ghormáras fear bhFáil,

seal dot orlámhas d’fhagháil.


9 Ni glór tadhuill tarla ribh,

meadhair ríogh fhréimhe hUidhir,

ní aithréagha í acht re seal,

ná sní d’aithmhéala th’aigneadh.


10 ’San chruth chédna ad-chífe sibh

a mbíodh d’aoibhnius uair eigin

san fhaithche ghégórthais ghil

d’aithle t’éadóthchais aignidh.


11 Do-chífe dearg druim tar ais,

mar an chéduair do chleachtais,

gach leath dot ghormfhaithche ghloin,

ó chomhghraifne each n-éasccoidh


12 Ó shliocht bonn mbuidhne fileadh,

ó inghilt chreach ccoillidheadh,

do-chífe ceinndearg a ccruth,

cíche do gheillearg ngrianach.


13 Do-chífe um chiomhsaibh do learg

coimhling eachradh ’s chon cceinndearg,

iomramh laoidheang láimh réd phort,

’s gach maoileann lán fád longphort.


14 Do-bhéara deallradh dornchladh,

lí sgiamhdha sgiath n-óronchon,

solus meirge ngairthe nglan,

aighthe do leirge ar lasadh.


15 Cuirfid aoibhle h’arm leabhar,

cuirfidh grís gruadh ndáileamhan,

’s loinnear bleidheadh ndealbhghlan ndonn,

deallradh teineadh ad thiomcholl.


16 Mar do bhídís uair oile.

éigse Innsi Laoghaire,

beid ag congháir ar leirg lis,

gobhláin sa ceird do chaithis.


17 Mar do chleachtais do-chífe

lucht sgaoilte sgél ccoigcríche,

foghar téadchaoin ceóla crot,

deóra as gach éntaoibh ionnot.


18 Do-chífe, mo chean tárruidh,

ar tteacht ón tuinn iombádhaidh,

th’aos comtha ar-ís ar th’aghuidh,

fís gach orchra fhuarabhair.


19 Mo chean aghuidh fhuil oruibh,

mo ghéanor d’éis fhuasgalaidh,

a ráith úr na n-aibhneadh tte,

lér taidhleadh ar úr h’innse.


20 A dhorus caomhna an chóigidh,

d’éis a n-uarais d’urchóidibh,

lucht th’aithne ar chaoimheing do chnuic,

aoibhinn a haithle a n-iomluit.


21 Má fríoth orat iasacht ghearr,

a aolráith Innsi Ceithleann,

ó ghríbh chláir fhonnbháin Fhinne,

táir orghráin na haislinge.


22 A longphort ríogh fhréimhe Duinn,

má fhuarais orchra thadhaill,

fa bhrón ní saoilfidhe sibh,

clódh do mhaoithchridhe as mithigh.