firstLine"; ?>

1373. Mithidh teacht a Chu Chonnacht $
Length: middling 17qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 625 (3/C/12) O’Curry trscr. BOCD
  2. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. text Irisl. Muighe Nuadhat 1929, 37
Motifs:
  1. comparison with own kin
  2. caithreim, list of triumphs
  3. harrying
  4. War with English
  5. imagery for kingship? (buachollacht)
  6. horses
Poet Christian Names:
  1. Brian (BOCD)
Poet Surnames:
  1. O Corcrain
Patron Christian Names:
  1. Cuchonnacht [Og]
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1608 [poem c. 1600]
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mithidh teacht, a Chú Chonnacht


[Breatnach, Pól: ‘Poems of Brian Ó Corcráin from the Book of O’Conor Don’, Irisleabhar Muighe Nuadhad 1929, 35ff., poem 1]


1 Mithidh teacht a Chú Connacht

doiligh bheith dot bhuachollocht

beag gcomhnuidhe ort ré headh

fa ghort dtonnbhuidhe dTailltean.


2 Re hucht eachtrann anba ar neimh

ataoi re hathuidh d’aimsir

sírshiubhlach ag súr gach fuinn

fa mhúr gcíchiubhrach gCriomhthuinn


3 Tearc droibhéal uait gan fhoghail

cia an inis nár iarrobhair

h’eang is doileanta dá dhruim

soileanta leam gach luadhaill.


4 Do treabhadh le hingnibh h’each

Magh Aoi na learga um Luimneach

sní fhuil magh fan Midhe a-muigh

ná slighe glan ód ghreaghuibh.


5 Ní bhí do threalamh troda

a fhoghlaidh chláir Chearmoda

fa chlár sean féaruaine Floinn

feadh éanuaire ar ealchuing.


6 Ní luighionn fear a gcrích Chuinn

ní beantar d’each a hughaim

sibh do thogaibh fraoch na bfear

ní chodail laoch dá luigheadh.


7 Ni fhuil éanmhagh gan leacht laoich

fa Eirinn an fhóid ghéugmhaoith

ni fhuil lios im bheinntribh Breagh

gan chrios dteintigh na thimcheal.


8 Tug tusa a mhic Mheug Uidhir

bha imlibh fhuinn ríoghfhuinidh

a slán fa ionráithne an uilc

iolgháirthi ar lár gach longphuirt.


9 A-déurdaois daoine eli

go dtugais tuar oirbhire

na mnaoi bhuaidhirthi bean Chuinn

sluaighshirthi ar feadh gach fearuinn.


10 Cuairt Mhidheach laithe a Laighnibh,

seal a Mumhain mhíonaibhnigh

lá a gConnochtaibh cuid dot nimh

dhuid a dhonnaltaigh dhíllidh.


11 Láimh re Luimneach lá oile

lá láimh le cuan Corcuighe

do bhéaruinn th’eangrais gan oil

a theannbhrais shéughuinn shochroidh.


12 Imli Caisil creachtar libh

eangrais do loiscti a Laighnibh

a ghnúis naoidhe ar nach gcuir cneidh

is faoidhe guil um Ghaillibh.


13 Atá gach laoi ag éirghe ort

fala ar fás a Chú Connocht

ód chleathomnuibh s as cáir dhuit

a leathfhoghlaidh chláir Chormuic.


14 Ót fhoghluibh a nInis Fáil

do líonsat dár bfuath d’eanláimh

giodh leagair dhúin ad dheaghaidh

a dhreagain mhúir Mhuireadhaigh.


15 A ndearnais theas is thuaidh

is ar fhuilngis ann d’anbhuain

a Mhéug Uidhir dá bfiar fiodh

duiligh a thrian do thuiriomh.


16 Ní cás a bfuairseat d’fhagháil

Gaoidhil príomhphuirt Partholáin

a dhreach úr fa síothláidh sriobh

ós síothcháin dhún a dheiriodh.


17 Gníomh gach aoin romhat sa réim

d’fhuil uaibhrich Eachaidh Doimhléin

beag ar neart ad chló ro chin

do theacht is mó ioná mithidh.