firstLine"; ?>

1374. Mithidh th’athdhusgadh a Aodh $
Length: long 36qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. nobility of blood?
  2. poet incites patron to battle
  3. spartan life of warriors
  4. historical precedents
  5. dog
Poet Christian Names:
  1. Uilliam Og (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnais
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill (d. 1600)
Apologue Subclasses:
  1. Conn abandons ball-game to conquer Tara
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mithidh th’athdhúsgadh, a Aodh

[NLI G 167,164]

[see ‘A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 48]

Uilliam Og [Mac an Bhaird] bheós do chum so don fhior cheadna.

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Mithidh th’athdhúsgadh a Aodh

féch trath thort ar gach entaobh

nach nár libh innel an fhuinn

sibh i n-immeal chlair Conuill.

2 Gabh iomad éir[i]gh(e) a-mach

córa dhuit colladh corrach

an clar oraibh da egra [leg. eagar?]

tobhaigh madh áil th’airleagadh.

3 Eirigh tráth tógaibh do cheann

daingnidh do dhoire gérreann

nocht do rélta móir meirgi

ar [leg. as?] cóir denta díbheirgi.

4 Ni as faide na bi i mbriocht [leg. mbrios?]

srol maoth far mheinic aithios

a chlódh as gad im ghaineamh

lór a fhad gur hosgailedh.

5 A mh[e]ic Mághnais ni modh linn

a fhad a-taoi in bhar ttoirrchim

a chrithir do chaoir curadh

dhaoibh as mithidh músgaladh.

6 Mairg tug le gríosadh do ghruadh

oraibh éirghe as do chédsuain

a chraobh dar ccoill-ne as fosgadh

mas doilghi a Aodh th’athmhosgladh.

7 Acht go ccluine a ccanaim ruibh

ge trom do thoirrchim coduil

an úaisli bhéraidh bedhgadh

geabhaidh uaim-si an t-imdheargadh.

8 An aithne dhuit dáil na ccon

a Aodh na heisd red bhrosdadh

feirrde cú maith a máoidheamh

ni maith clú gan craobhsgaoileadh.

9 Biaidh fad thoirrchim re treimsi [165]

da ccluintéa-sa a ccluinim-si

do ghruadh ar ghné na corcra

suan mar é ni hionmholta.

10 Do budh mó na mithidh dhuit

a mheic Mághnais mhúir Cormbaic

musgladh as bhar ttoirrchim trom

brosdadh it oirchill agom.

11 Aicme Cheallaigh Chláir Mhaine

is saorchlann Bhriain Bhóraimhe

decair tocht uadh go hiomlán

fád shuan ort ag aithiomrádh.

12 Síol nGearailt na ngruadh solus

os libh iad gan amhorus

beir beadg as do shásadh suain

fásadh th’fearg et th’anbhuain.

13 On cco[d]lladh trom-sa a-tá ort

fine Ruairc, rioghradh Connocht

guais nach biadh ot bharr coduil

sa[n] rann riamh a rabhadar.

14 Ni as faide na biodh do bháidh

re siol Neill nós an leamháin

cuir an t-each ar bhar n-aghaidh

do leth don fhuil Eóghanaidh.

15 Do-chuala ar Chonn mac Úna

sgél as ádhbhar iontnúdha

fa bhrosdadh druadh mar do dhligh

fa thuar cosga(i)r don Choinn-sin.

16 D’ionnsaigheadh Cuinn cian o shoin

tig file Feilim Reachtmhair

turus do uaisligh fonn Fáil

Conn an uair-sin ag iomáin.

17 “Creid uaim a n-innisim dhaoibh

gén go n-aithne mé a mhacáoimh

acc so an té or sloinneadh sinn

as mé dob ollamh d’Féilim.”

18 “Mo ghríosadh as gabhtha dhuit

a Chuinn na ccéimeann n-orrdhuirc

as diombaidh ar mbuaidh do bheith

do-chuaidh an iomain d’éinleith.”

19 “Dhuit as córa clár Temra

da ttuigthea as dál dóimhenma

a bhranain Temhra na ttreabh

gabhail sealbha bhar sinnsear.”

20 “Na fuilng(e)[i]dh flaithes Temhra [166]

ag féin Laighen loinnearrdha

drong ionáigh as férr d’faltaibh

tionail it chenn Connachtaicch.”

21 Comhairle do chan an fádh:

“tabhair ar cholg do chomán

le ferrdhacht gabhaidh an gort

tabhair leanbhdacht ar laochdhacht.”

22 Tonn mhenma san macaomh óg

do chuir comhrádh an druadh-ód

gur bhuail fonn Temhra nir thill

a thonn mhenma mar mhínlinn.

23 Temhair Chobhthaigh cúirt a shean

Conn tre chomhairle an fhileadh

ina seilbh fa a tuairim téid

mar luadhail leinbh a leithéid.

24 Táinic do thegasg an druadh

’s do Chonall Cruachan crannrúadh

tachar Cuinn re Cathaoir Mór

do thuill tatháoir da thromshlógh.

25 Fódla na bfiodhbhadh sgathach

mar do fhóir Conn Cédchathach

a ghéag tharaidh do chrú Cuinn

da cabhair as tú as tualuing.

26 Cosmhuil a Aodh th’aignedh grinn

re cheile is Conn mac Féilim

re a amhsaibh i n-ucht faghla

cosmhuil do lucht leanamhna.

27 Uaim a Aodh mar as eol dam

cred nach geabhtha do ghríosadh

dóigh lem damadh sine sinn

nacharb feárr file Féilim.

28 Tuig a Aodh a n-abruim ruibh

dob é adhbhar ar n-urchuir

neimhshén cosga(i)r ris an ccloinn

fa bhrosdadh chenél cConoill.

29 Róimh ni rangadar a leas

a mbrosdadh d’fuighlibh éicceas

ord gaisgidh i bfiadh Fánád

riamh fasgín a bfíornámhad.

30 Iomdha ag laochraidh leithe Cuinn

dhíot ar ndenamh I Dhomhnaill

da gach taoibh oir[i]chil(l) ort

as roimhithidh dhaoibh dusocht.

31 Na treig clú cennais fedhma [167]

’na shúan ni thig tigherna

treig súantathamh et síth

léig(h) ar chuartachadh coigcríoch.

32 Gurab duille as dion duit-si

dhaoibh gurab fleadh fíoruisge

fúibh narab leaba lúighe

leaba clúimh no choilcthíghe.

33 On tráth fa n-éireocha Áodh

as terc duine acht a dhearbhgháol

sluagh Gaoidheal os da lúadh linn

aoinfhear ’na shuan ni shaoilim.

34 Fáth a shuain cuirfead a cceill

geabhad leithsgél i leithNéill

ciall toirrchim fhada í Earca

oirchill aige ar fháidheachtra.

35 Tre mhac Síubhain slat os coill

da bfiucha fíonfhuil Conuill

tuar coinghleaca re cloinn Neill

na croinn oirdherca a haonfhéimh.

36 Griosadh Aodha ar aithris Cuinn

ithir uasal chlann cConuill

síol ni fhuil isin ithir

don fhuil riogh as romhithidh. Mithidh...