Poem in printable PDF format
Mná tar muir
maith le Gaoidheal
[Ó Donnchadha, T.
Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 30]
Fear Flatha Ó
Gnímh .cc.
1 Mná tar muir
maith re Gaoidhil
iomdha cairt do
chraobhsgaoilidh;
tearc le mnáibh
míonmhuighe Floinn
dáil na
ríoghraidhe ó Fhreumhainn.
2 Mas fíor, ní
hiad badh mhionca,
cleamhna san
chrích Ghaoidhiolta;
mná a dtíreadh
féin is a bhfir
le fréimh Míleadh
nír mhaoidhimh.
3 Báin inghen
Sgáil go sgéimh ngloin,
Nar inghen Lóigh,
’nar leabhraibh,
techt na mban
gcéibhfhionn gcnistiogh
go magh Éireann
innistior.
4 Ón chúplasa ad
chuala mé
fás dá ríogh do
bhen braighde
d’Éirinn fa
healadhach sroth,
Féilim, Feradhach
Fachtnach.
5 Ní do mhnáibh
Insi Ealga
trí mná na gcnes
gcoinnealda,
adhbhur tnúdha a
dtecht ale
Úna Earc agus
Eithne.
6 Ón triúr sin do
thuismhigh Conn
’s Tuathal
Techtmhur, flaith Freumhonn,
más fhíor
d’fháthaibh a dhechtoigh,
as díobh máthair
Muirchertoigh.
7 Máthoir Néill
na naoi ngéibhionn,
ní d’aindribh
fóid Finnéirionn,
inghion ríogh
Lundon tar linn;
fíor don ughdor
ro fhuighill.
8 Gach gobhlán
dar ghabh ríghe
d’uaislibh Fódla
féirmhíne,
d’fhuil na
gcéadbhansoin ro chin
an tréadghasraidh
fhuil uaisdibh.
9 Meinic, tar
aicmibh oile,
tug síol ordhuirc
Iughoine,
tar chuain críche
Fáil, fríthe
do mhnáibh críche
coigcríche.
10 Anois badh
dlighthighe dháibh
mná a tíribh eile
d’fhagháil,
ní glic neach dá
neamhmol feis,
dá mbeath ’na
ceangol cairdeis.
11 Bean dona
mnáibhsin Martha;
leanmhoin luirg
an bhanntrachta
tar ghrian
gaothmhoire i ndán di
i ndál
laochroidhe Line.
12 Folta sleachta
Briain Bhallaigh
dá mbeith sí re
saorghallaibh
breth a
deghfholta a dáil sin
senfholta cáigh
go gceiltir.
13 Lucht díoghla
ar a dtí ma tá,
sítheochaidh
d’aithiosg eunmhná
d’fhuil
Stathbhardach na stéd seang,
le tréd
rachogthach Raoilenn.
14 Braithtior
cloch bhuadha as a brígh,
gémadh síth ann
nó eissídh;
a folt tonnórtha
is tláidh gcneis
budh dáigh
comórtha cairdis.
15 Caidhe an
chloch uasal ómra
nó an gheamh
criostail chaorórdha,
nach anoir tar
tuinn tugadh,
i moigh Cuinn, ná
an carrmhugal?
16 Móide as
measta a dtig tar tuinn,
muna dtí tar
tuinn chuguinn
ní gnáth pór bona
i mbreghoibh
d’ola, d’ór nó
d’fhíneamhoin.
17 Mur thig gach
miotal tar muir,
ben tar tuinn go
triath Conghuil
mur shéd mbuaidhe
do soich sonn,
nó mur chloich
nuaidhe neumhonn.
18 Ar mhaith
uaisle gach fhola,
uathadh aicme is
ionchora
i gcló an tsílsi
Gaoidhil Ghlais,
’nar laoidhibh
dísle adearmais.
19 Gaoidhil
Fhódla gidh íad sin
cuirmíd ós cionn
gach cinidh
tar mhallbhóchna
adroigh an dream
do mhoigh
armórtha Éirionn.
20 Ó’s tar tuinn
teagaid araon
Briotanaigh nach
bláth eunchraobh
’s na
roshluaighsi ón Bhóinn abhus
comhuaisle dhóibh
an dúthchus.
21 Lucht
coimhmeasa chlann nGaoidhil
ó táid man bhfinn
bhforbhaoilidh,
fa chlár naoidhe
bhféirgheal bhFloinn,
ga saoire
éinbhean agoinn?
22 Mur gach
aoidhidh mná tar muir,
dar gceasdoibh
cionnus derbhthuir
’na haoidhidh go
mbiadh an bhean
i n-iadh Gaoidhil
do geineadh?
23 Meinic do
bruinneadh abhus
ór nach i nÉirinn
fhásus;
caor as an
mianach Marta,
an fialach saor
Sacsanta.
24 ’Na haghaidh
ní beirter breath
dá bhfiontar
uaisle a haithreach;
leasg breath do
bhreith ’na haghaidh,
dá ndeach le
dreich ndealradhaigh.
25 Ar eagna ar
aoibh ar aithne
breath lé ag
lucht a breathnoighthe;
fáth a hionmhuine
as iomdha
bláth
fiodhbhuidhe fíniomhna. Mná
26 Do
fheudfamaois forgla a bhfríoth
le a fhréimh do
ríoghnoibh coigcríoch,
d’ua Briain ’s do
bhandáloibh Breagh,
gan chiaigh
n-annálaigh d’áireamh.
27 Ní lughoide
luach an fhir
nach bean tar
tuinn ór thuismhigh
d’fhuil Ír ’s ní
hionbháthaidh í
as díbh
d’fhionnmháthair Énrí.
28 Ua meic
Fheidhlim meic mic Cuinn,
ua an Fhir
Dhorcha meic Domhnuill,
an dá
fhionnchrann d’fhéin Bhanbha
’na tiomchall
céim creidemhna. Mná