firstLine"; ?>

1378. Mo chaomhna ar choig creachtaibh an tighearna $
Length: short c. 10 1/2qq
Certainty: 5
Period:
  1. 17th early
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. transl. McKenna AiD no. 55
Motifs:
  1. imagery for body
  2. role of BVM
  3. Christ’s crucifixion, the 5 wounds
  4. Judgment Day
  5. legal terminology
  6. echo in q. 8 ‘Foillsigh do mhiorbhuile...’
Poet Christian Names:
  1. Laoiseach (BOCD)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Meter Vars:
  1. droighneach
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo chaomhna ar chóig créachtaibh an tighearna


[McKenna, L.: Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40, 1939/40), poem 55]


Laoiseach Mac an Bhaird cct.


1 Mo chaomhna ar chóig créachtaibh an tighearna

róid as ineamhla dá ndéantair dá dhaghadhbha;

ar dteacht an tsluaghaidh go teach na togharma

fa rodhamhna uamhain ar n-each gan aradhna.


2 Na cóig chridhe an t-amsa an aighneasa

gomadh slighe dod ghlainliossa dhamhsa a ndonnfhrasa,

an troightheach gonta dom dhíon tar a ndearnassa,

na gealbhasa ’s an chíog chorcra dom chomhdhasa.


3 An créachtsa ar th’ucht do chleith mo cheanfhaghla

dom breith id dheaghadhbha re lucht do leanamhna;

baoghlach gan m’ionnramh ria dtocht na togharma,

comhardha biodhbhadh a-nocht mo neamhumhla.


4 Go smuainim an crádh fuair an finnleanabh

’s an gruaidh slimleabhar dár ngrádh do gairbhrigheadh

’s an corp uain re chrann do cuibhrigheadh;

mall do cuimhnigheadh a bhfuair d’aindligheadh;

go raibh mé a-nois tre chion dá cuimhneaghadh

an bior druimreamhar i mbois Dé do daingnigheadh.


5 Go smuainim ó chroidhe ar naomhthail do nuamhartra

[a] uandalta Moire idir an laochraidh leomhanta;

go smuainim iar n-uair Muire ar tonnaibh an taobhochta

’s ar gach aondocra dá bhfuair ó na bonnaibh beoghonta.


6 Téid tre ghrásaibh san úir tre ar n-uabhairne,

nuadhoilghe an lásain dúinn go madh dianaighne,

mar do-chuaidh ó chridhe go gcaoinimne

naoimheidhre nimhe san uaigh dar n-iarraidhne.


7 Tiocfaidh ar sluagh go faobhrach dar bhfeithimhne,

ar n-aonbhrath breithimhne san Luan ní bu leathaighne;

a-niugh ’s an lásain ós é ar n-athairne

tar rachuimhne ó ghrásaibh Dé nár dheachaimne.


8 Triall dar n-ionnramh i n-aimsir na fíorghoimhe

faillsigh do mhíorbhuile, a chiabh fhionnghlan órbhuidhe;

treoruigh do thréad an uairse go haonbhaile,

buailse fár gcaomhnaine, a ghéag as ghlórmhuire;

aslaigh dhamh an Coimdhe red chéalmhuine,

ná sgar le géarghuidhe bhar n-oidhre, a óghMhuire.


9 Nocha leigfe lais achd lucht a leanamhna,

re hucht a neamhfhaghla ní bu tais an tighearna,

an chroch san Luan lá na roidheaghla

budh tuar doimheanma trá dá thighealbha,

nochtfaidh Dia an crannsain do chách mar chomhardha;

i dtráth na togharma cia mun amsain budh hinfheadhma? Mo.