firstLine"; ?>

1379. Mo chara apsduil Filib $
Length: middling 27qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add. MS 3082 O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Carney POR no xvi
Motifs:
  1. Envoi to patron’s spouse
  2. imagery for patron
  3. patron’s irresistible attractions for women
  4. imagery for role of poets (hunting pack)
  5. poet as patron’s spouse or lover
  6. patron’s liberality to poets
  7. Fasting
  8. Historical comparisons
  9. Arthurian allusion (Magh na nIongnadh)
  10. proverb
Poet Christian Names:
  1. Donnchadh Caoch (Cambr. Add. 3082)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1596
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo chara apsdail Filib


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 16]


Donnchadh Caoch Ó hUiginn .cc.


1 Mo chara apsduil Filib,

cara nach ligfiod d’éigsibh,

mo chara dil as duasbhog,

absdol uasal na Bréithne.

2 Fear nár eitigh dúil daonna,

oighre Aodha níor thréigios

Pilib re cách na measdoir,

eara easboil na n-éigios.

3 Ní fhaicim aca acht Pilib,

cóir go minic a ghuidhe;

do ghabhadh riú gach éineang,

éigse na hÉireann uile.

4 Clanna ríoghmhná nárbh infhir,

is é Pilib a gcéudghrádh;

téid d’éigsibh fóna n-easbuidh,

cara easboil gach énmhná.

5 Dá iarraidh dáibh mur chéile,

mná nach géillfiodh do Bhrighid,

mná suirghe do thaobh thoile,

do-níd troisgthe do Philib.

6 Do chuir cách sinn a neimhchion,

acht eision fear ar bhfreasdoil;

do-chí an t-éigion a bhfuilim,

guidhim mo charaid easboil.

7 Do-chím Pilib dá ccuimhne,

leannán suirghe na seansgol;

do ghéilleadar dá gcéile,

mná is éigse dár n-easbol.

8 Mo chara in t-easbol uasol

dháileas duasa nár dligheadh;

is é Pilib an t-easbol

do gheall freasdol na bhfileadh.

9 Fear cheannchus chlú go minic,

teach Pilib Magh na nIongnadh,

samhail clú Chon na Ceardcha,

seabhac sealga na mbiodhbhadh.

10 Pilib ar chlú ’s ar chulaidh

ceannchuing cubhaidh na Bréifne,

crann mor ar bpríomhchrann toraidh,

Pilib conuir na cléire.

11 Crann díona cáigh do chaomhna

mac Aodha na sleagh bhfada;

easbol na nduas mór minic,

is é Pilib mo chara.

12 Ní raibhe riamh ar duine -

dar Muire agus dar Brighid ! -

ó do bhí Críosd a bpianaibh

a bhfuil d’iarraidh ar Fhilib.

13 Ceann uidhe gacha sgoile,

Pilib oide na héigse,

ré ós rédlannaibh uaisle

Pilib Guaire na Bréifne.

14 Rug Pilib a[n] mbeirt doiligh

clár an oinigh do thileadh;

grian ghairthe lán do shoillse,

branán foirne na bhfileadh.

15 An cnoc ard is é Pilib,

is mor tigid dá iarraidh,

cnoc ard ós ardaibh oile

is cnoc coinne do chliaraibh.

16 Do-chuaidh a chrodh ó phardún,

sgol ’na ghlanmhúr is minic;

tóir ’na dhiaidh as gach éndún,

dar leat is trétúr Pilib.

17 Fiadh nach gluaisionn mac Aodha

ó sgolaibh aosda in fhiadhaigh;

samhail d’fhiadh eidir chonoibh

é fá choraibh ag cliaraibh.

18 Dó fein is cóir ar gcaomhna,

mac Aodha, cuirfidh linne;

Pilib cara na héigne,

cara nach ttréigfe sinne.

19 Cuan édála na n-éigios,

Pilib Bréithneach ar ccisde,

tráigh toraidh dámh is deoradh

in cuan fár seoladh sinne.

20 In fear-soin is é Pilib,

a chlú go minic mosglaidh,

fear creachaidh Gall is Gaoidheal,

fear dá sgaoileadh ar sgoluibh.

21 Pilib don chléir is cara,

mac is dalta Maoil Mhordha;

moch téid a ttíribh ciana

a cclú re cliaraibh Fodla.

22 D’éigsibh Éireann is anait

ionnmhus dá n-agraid Bréithnigh

a-niú [ní tráth dá thagra]

is mór a n-agra ar éigsibh.

23 In t-easbol uasol naomhtha

bhíos dár ccaomhna go minic,

doill nach bhfaca riamh roimhe

do-chiad amharc ar Fhilib.

24 Dearbhaidh sin é ’na easbol :

leighidh leabhor gach dlighidh,

is fiú a sgaoileann ar sgolaibh,

do-chluin na bodhair Filib.

25 Clú Pilib na mbreath ríoghdha

do-chím scríobhtha ’sa rulla;

tarla chuige go dearbhtha

clú a ceardcha na cuma.

26 Dá n-ibhid dá fhleidh seirce

bíd ar meisge go minic,

cara easboil ban mBanbha,

a gcara anma Pilib.

27 Róise uile do sháraigh

lucht an chrábhaidh dá measdar,

is usa dó dúsacht

do-ní dúthracht don easbol.