firstLine"; ?>

1382. Mo iona a teisd trocuire De $
Length: long 35qq
Certainty: 5
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. TCD 1340 (H.3.19) 16th -17th cent.
  2. NLI G 447 “Rossmore MS� ?c. 1738
Prints:
  1. transl. McKenna, PB, pp. 78-81, 175-7 (no.17)
Motifs:
  1. envoi to BVM and Eoin (Bruinne?)
  2. comairghe
  3. imagery for incarnation q. 28
  4. incarnation
  5. Role of BVM in man’s salvation
  6. crucifixion
  7. Harrowing of Hell
  8. sin and repentance
  9. poverty a virtue
  10. transubstantiation
Poet Christian Names:
  1. Pilib Bocht (?implied in Rossmore MS)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mó ioná a teist trócaire Dé


[McKenna, Lambert: Philip Bocht Ă“ hUiginn, Dublin, 1931, poem 17]


1 Mó iná a teist trócuire Dé

a fhearg do chaith a céidré

lér chuir fan ngrás do ghabháil

cás ní fhuil ’n-a hiongabháil


2 Do cumadh re cloinn Eabha

sĂ­oth ar son a oidheadha

go rug fan lia a léim loighe

Dia nír théigh re trócoire.


3 NĂ­ bacthar dhĂ­ dul tar cheart

buime an mhic gá mó treiseacht

cĂłir DĂ© nocha saorfadh sin

an té naomhthar ’n-a naoidhin.


4 Táinig d’fhurtocht a fhine

ar cuairt i gclĂ­ maighdine

ní dó féin do cháidh i gcurp

achd nar léir dáib a dhiadhocht


5 Dá leanadh lot na haithne

an chroch air nír bh’iomchuirthe

cia dár fhulaing bior na mbonn

cion an ubhaill dá n-íocam


6 Do mhíodhóigh a méad m’aire

mĂł ar dteann as a thrĂłcaire

sĂ­nidh Dia a fhiorta re ar n-olc

nír lia ar gcionta ná a chumhocht.


7 Ní beag lé luach a grádha

gan sinn d’oba a hanára

a bhfuil d’annsa oirn gon óigh

dámadh moirn fhalsa is anóir.


8 Dúinn do bhí cíoch ’n-a dhá chuid

ól na dighe is dínn tánaig

gé tá an coimdhe ag car ’n-a cheann

do roighne dhamh a dhĂ­cheall.


9 Ar an toil tug don duine

a teisd féin ní féadfuidhe

an crann gár gcoimhdhe ’n-a churp

fa doimhne ann ar n-annsocht


10 Anmhain san áit i bhfuilim

nír chiall damh dá ndeonuighinn

ciodh ná budh toghtha an teach thall

dá mbeath gan orchra i n-Iofarn


11 Deacraide ar ndéanamh na gcean

dul i ndáil chuirp an choimdheadh

an té ler caitheadh a chorp

a chaitheamh Dé ’n-a dhiadhacht


12 Do b’usa dhí dul fan lic

a broid tre bhás a héinmhic

Muire gin gur loigh fan lia

a oire a-moigh ar Mharia.


13 Ă“ nach dĂ­olfadh Ă­oc eile

deoch searbh meic na maighdine

mar dhíol insan digh chéadna

bíodh ar ibh don fhínéagra.


14 Ní dhó as chóir m’éigin d’fhulang

re hÍosa is é m’uraghall

gan tuigse th’othair ón fhuil

do b’fhochain d’uisge an álaidh.


15 Súgh th’ochta an uair do shilis

do chĂłir dhĂşinn do dhĂ­slighis

gach re sreabh do chrĂş an chroidhe

do fhear tú ’s don trócoire.


16 Dul san chroich fa céim dhocair

daibh ar dhruim gach tiodlocaidh

nĂ­ rĂł dhuid Ăł na daoinibh

nach mĂł cuid dod chomaoinibh.


17 Ná lean nó go leanadh mé

an bhas do bhĂ­ fan tairnge

más é an taobh as agra ann

ar dtagra ar aon is ionann


18 Do bhiadh nĂ­ beag an sochar

mĂłide as cĂłir ar gciontochadh

aghaidh do ghlĂłire a rĂ­ ruinn

ar ní as fhóille ná ar n-acmhuinn.


19 Meadhuigh re maoile an tairnge

dul tar cheart dár gcomairghe

nĂ­ fhuighbhe cĂłir Ăłd chineadh

fĂłir oirne le haindligheadh.


20 Gach neach do dhligh dul a-nonn

fuil an taoibh tug a hIoforn

do ghaol achd re crĂş an chroidhe

nĂ­r thaobh tĂş re teachtoire.


21 Breith céime i gcoinne an éaga

éasgaidh lat lá ar gcoimhéada

do chuir an grás d’éigin ort

ón bhás nar bh’éidir th’fhurtocht.


22 A-tá d’eacht ar th’ucht ngonta

gabháil liom lá an udhochta

dá dtuga an gníomh dearadh dhamh

leanadh an cĂ­ogh a chunnradh.


23 Ar feadh th’oileamhna ’n-a hucht

an Ăłgh ag ceilt do chumhocht

do bhaoi th’eagna agus th’fhiorta

fa dhlaoi d’eagla th’aithionta.


24 Do chodladh i gclĂ­ Muire

brat do bhean dod thrĂłcuire

aithreach let fhĂ­och a hithe

cĂ­och maithmheach na maighdine.


25 Dá thaobh ní tiocfaidhe rinn

mo ghlĂłr re hinghin Iaichim

rug é dár gcoimhdheine a corp

sé gan oirbhire [d’]óghacht.


26 Is measta dhĂł ar a dhiomdhaidh

do loighe is Ă© i n-Ă©iniomdhaidh

Ăłl do chĂ­och nĂ­ lais leagar

frĂ­oth tar ais an t-airleagadh.


27 Nír chuir th’óighe as a hionadh

do mhac ochta ar n-aibghioghadh

an rĂ­ achd a chlaisdin id churp

do bhĂ­ i n-aisgidh gut Ăłghacht.


28 Gur leig an t-aingeal ria a rĂşn

fearg Dé nír bh’éidir d’iompúdh

deoch do thobar na dtrĂ­ sreabh

i gcogar dhí do dáileadh


29 Seachantar slighe an reachta

liom ar airde mh’aigeanta

nĂ­ gabhthair an t-eol innill

seol mh’arthraigh go n-íslighim.


30 NĂ­ beithte dhuit a dhuine

ar Dia i ndiaidh do bhochtaine

an daidhbhreas munab é as áil

is é th’aimhleas a fhagháil.


31 Gun óigh do fhágaibh mar mhac

easbal DĂ© doirbh an t-iomlat

do roighne i ndeoidh a dalta

le hEoin d’oidhre iasachta.


32 Gá beag a hól d’íoc mo ghníomh

cĂ­och milis muime an airdrĂ­ogh

a bheatha nír bh’í a acmhaing

rí an bheatha gá bhanaltrainn.


33 Cungnamh do chuir don duine

sĂşil ar theach na trĂłcuire

faicsin shoillse an toighe tall

nĂł a thoirse oile i n-Iofarn.


34 Cead Ă©igne ar fheirg a dalta

fríoth lé luach a humhlachta

ar n-iul an uair nach inill

mo shiur nĂ­ huaim airighim.


35 Is gabhtha i nguin an chridhe

deirge deor na maighdine

cĂ­ogh Muire munab dĂ­ol dĂł

nĂ­ fhuighe i n-a chĂ­ogh cumho. Mo.