firstLine"; ?>

1384. Mo iona diol eanchuigidh Aodh $
Length: long 43 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Motifs:
  1. envoi to Inghean Dubh d. Seamus & Anna
  2. liberality to poets
  3. War with English
  4. fertility in reign of true king
  5. prophecies of kingship
  6. Highkingship of Ireland
  7. fairy host
  8. importation of wine in ships
  9. druid
  10. proverb? (Gnath dith le rodeithbhir)
Poet Christian Names:
  1. Tomas (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnuis
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1600
Meter Vars:
  1. RannMhor
Poem:

Poem in printable PDF format

Mó ioná díol éanchúigidh Aodh

[NLI G167, 137]

(see ‘A Poem Book of the O’Donnells’, Tomás Ó Cléirigh, Éigse 1 (1939) 51-61, 130-42; poem 40)

Tomas O Huiginn do rinne an duan-so don Ua Domhnaill cedna, Aodh mac Maghnusa.

[Rannaíocht Mhór, Dán Díreach]


1 Mo [io]na díol enchuigidh Aodh

lion ar gach aonchuigeadh uadh

ni mó as cuigedh no dhó a dhíol

on chuigear riogh do budh dual.

2 Deich rígh mar dhearbhus gach draoi

da shiol i tTemhraigh Da Thí

cóir a shen ar thealaigh tTé

nar lean sé acht ar Eamhain í.

3 Iomdha ádhbhar fa ttig tnúth

mac Mághnais mar sin ni sáor

sé go cuireadh Temhra ag triall

na cluineadh fiadh Eamhna o Aodh.

4 O do briseadh briathra an naoimh [138]

triallta da dileadh a tuaidh

guais engheisi ni bhí ar Bhoinn

rí(gh) don fhóir Eirne-si fhuair.

5 Iomad eatha is fuighle druadh

ag cuimhneadh a reachta mar-ráon

bheith gan rígh d’Fó[d]lla re n-ágh

an sál mín da fhogra d’Aodh.

6 Dob annamh comha do rígh

roimhe nach gabhtha re ngliaidh

an é an cleachtadh faghla fuair

leantar ar uaim Banbha Briain.

7 Tairthe cuain tainicc da tuar

craobh aim(h)rid do-chuaidh a ccláon

do bhí sé da ghairm o ghniomh

an t-ainm riogh is é ’na Aodh.

8 Fíon cublach (?) gur dáileadh dhóibh

nir daingneadh an snadhmadh sídh

roinn fhineamhna asa fhiadh fein

siar go féin righEmhna o rígh.

9 Slogh Saxan do chur ar ccúl

ni nós annamh d’fuil na Niall

fáth fa ngeabha rath na riogh

síol Eanna nach gnáth gan giall.

10 Fian Oileach ar ttochta a-tuaidh

ni cosmhuil re coinne sídh

maoidhid Ulaidh i n-am áigh

cáin Gall ar thulaigh an Trír.

11 Do chloinn Dálaigh roimhe riamh

ni thánaig acht rogha riogh

reidhfhiodhach fhréimhe na nAodh

reidhe an chraobh dheidhenach dhíobh.

12 La comhluinn as draoidhe dhóibh

laoidhedh Ui Dhomhnaill ’na ndiaidh

tug maoidheamh a bfeadhma féin

menma d’fein Gaoidheal re ngliaidh.

13 Fleadh reachta is Ulltaigh da hól

ni chleachtaid ar chunradh sháor

lor le fer luinge mar luagh

do ghabh an chuan d’oirre ar Áodh.

14 Cuirther le hénollamh uaidh

nach ccluinter cédbhronnadh cáigh

éigen daoine do dhol dóibh

crodh o fhóir Dáoile do dháimh.

15 Sgrios ainbfine d’fód na Niall

a ttairrngire a-tá da thaobh

sul frioth uain an anma riogh

síodh Banbha do fhuaigh ’na Aodh.

16 Síad o shoin i ccennus caigh [139]

da ccur ina ccennaibh sluaigh

móide an anáir ’na bfiadh fein

geill do ghabhail san trian ttuaidh.

17 Slighe cogaidh na ccóig bfiadh

do shocraidh le móid a mhaor

terc da ghaoltaib i rann ríogh

síodh an t-amm nar aontaigh Aodh.

18 Ni roinnfither fód na bFionn

acht coimhthileadh na ccóig bfonn

teid d’Ó Dhomhnaill sa[n] trian thall

fiadh do bharr ler chomhroinn Conn.

19 Fuil Luigdheach san rioghacht riamh

do fioraigh fuighle na bfádh

lór do shéala ar an reacht riogh

gan teacht do shiol Éanna i n-ágh.

20 Cú fiadhaigh ar chánaibh cáich

an sgiath-soin ar lamhaibh laoich

dob fhiú truime a cnuais i ccléith

duille an sceith nach glúais re gáoith.

21 Mac Siubhain an tráth fa ttriall

cách da ttional as gach táobh

do sháraigh an riaghail riogh

síol Dálaigh d’iarraidh go hAodh.

22 Lion cen fa fhíndigh da hól

lionaidh an tech ar gach taobh

lé a mbí do dhaoinibh ’na dhún

ni bhí tnúdh aoinfhir re hAodh.

23 Buaidh ccatha ag biodhbaidh ni bhia

san iorghail da laghad leó

do bheith i ttocht tárraidh

do chrú Dálaigh i ngort gleó.

24 Fáth nach turbadh rabhadh róim

anadh ar Ulltaibh narbh áil

fada t’fhoghail o fhiadh nÍr

triall ar chomhaidh go tír tTáil.

25 Adhnadh diomdha nir chóir d’fiora

a n-iongnamh nir chóir a chur

do lucht iomtha da ttí is-tigh

ni fhionnfa fer da mbí it bhrugh.

26 Tearc slighe dhiamhair ’na dhiaigh

da ttriallaid bhar siorrtha slóigh

lucht cogaidh fan chrích-si Néill

agaibh féin as dísle dhóibh.

27 Lion blodhtha ar Ghallaibh i ngleodh

dot chomhdha do chlannaibh ríogh

a mbi i ccleith ar th’uille a Aodh

craobh sgeith ar dhuille da ndíon.

28 Gan moid cliachdha im righEas Ruaidh [140]

coig iatha do-righnis reidh

od riaghail ar adhbhaidh nÍr

iadhaidh tír re a faghlaibh féin.

29 Cain na Temrach-sin fad thoil

ar shenchairtaigh as cóir cion

tug do riaghail fa Bhoinn Breagh

cóir a shen gan iarraidh d’fior.

30 Cuan Éirne na n-inbhear cciúin

eigne na linnteadh i láimh

meoir dúnta ag duine da ttaoibh

braoin druchta ag duille da ndáil.

31 Fiodhradh call re n-iodhnaibh uadh

an fhiodhbaidh an t-amm do fhegh

beg da mbí d’folaidh ar Aodh

craobh do bhí ag fodhail a frémh.

32 Fa Loch Feabhail na sreabh sídh

da laghad do ghabh don ghréin

snámh a ndoman tonn budh thuaidh

ni bfuair an long folamh féin.

33 D’eis cuirthe a ccogaidh ar ccúl

Ulltaigh gir dheacair do dhíon

tig dar ttreabhadh d’fiadh fa Áodh

gur caol do leanadh rian riogh.

34 Cuid d’fiadhnaibh an reachta riogh

fiadhchnoic da ttreabhadh go tr(u)agh

fine Cuinn gan denamh diagh

fiadh Eimhir do bhuing a bán.

35 Lion troda i ndeabhaidh ’na dhiaidh

ler toghadh an tech-sin Neill

claon Temhra dírgidhthear [leg. dírighthir?] dhoibh

menma sloigh ri(gh)Leathbir reidh.

36 Gnáth díth le rodheithbhir riamh

ni háiridhthi dhi ar a díol

mor le luing anadh o Aodh

re buing chaor falamh a fíon.

37 Teid toradh a fedhaibh fúd

i cconair na ccethra ród

cáit i ngéabh budh thuaidh a thréd

nir fhéag(h) féar on uair dob óg.

38 Raon nar féaghadh roimhe ríamh

da chedsmacht budh conair sáor

ua ar nAodhai-ne dhaibh as díon

tain riogh gan aodhaire acht Aodh.

39 Brath cengail re Banbha Bríain [141]

a hadhnadh ger dheacair dhóibh

deiredh cleamhnais riamh ni réidh

triall ag fein Bernais fan mBóinn. Mó ina...

40 Ni hiomdha ben ranna ria

d’inghin Anna as ceart i ccló

fás daighshíl fa chur an chlú

i ccrú chailín ar ndul dó.

41 Cuid don inntleacht ler mheall mnaoi

don inghin duibh do dherbh se

mar soin mana fhaghbha í

rí tre amhra do loigh le.

42 Inghean tSéamais gan fhion d’ól

an fíon ni leighfe gan luagh

ibhid longa fein a bfíon

’sa dhíol ar fhréimh Colla i ccuan.

43 Bean na mbésadh leantur

do chedghabh Teamhair Da Thí

ar chrích mBanbha as ben do bhaoi

’s ni medh do mhnaoi an anmo í. Mo...