Poem in printable PDF format
Mó ioná iarla
ainm Séamais
[Carney, James:
Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D.
1400-1650), Dublin, 1945, poem 17; see also Studies 37 (1948)
219-25]
Uaithne mac
Uilliam Í Chobhthaigh
1 Mó iná iarla
ainm Sémais,
gidh ainm iarla a
ainm dualais;
sluagh Gall ar
fheadh do fhéghais,
meadh Shémais ann
ní fhuarais.
2 Iarla as
chuirthe ’na chomhar
ní fhuighthear
d’fhiadhnaibh brughadh;
dá thír do
fhuaigh gan aineamh,
uaim Laighean ré
mín Mumhan.
3 Críoch
Ghaoidheal d’uaim a uga,
a chaoilshleagh
uaidh nár fhada;
ní nós do fhóbair
d’oba
tós troda ó
ógaibh aga.
4 Moide clú iarla
an Inbhir
crú na n-iarladh
a hAlmhain;
níor chlaon a
barr do bhiodhbhaidh
craobh
d’fhiodhbhaidh Ghall ór ghabhluigh.
5 Don leith
do-ríne ragha
leath an mhíliodh
gur mheala;
gan chur gcroinn
ar Chró Logha
roinn logha dó
fa-deara.
6 Laighnigh ag
triall san tealaigh
fán triath lé
n-airgthir Ulaidh;
agraidh thall ar
fhéin nOiligh
soighin Chlann
Néill a-nuraidh.
7 Clann
Éireamhóin an aonaigh
gan léirthionóil
Ghall géabhaidh,
gan chur n-áigh
rú níor réidhigh
Crú Éibhir dob
áil d’fhéughain.
8 Do bhaoi an
t-ainm ar a aire
dá ghnaoi go
gairm na sgoile;
don iarmhar níor
fhéag file,
séad fine iarladh
oile.
9 Fear séad do
dháil tar dhligheadh,
dá ghrés gan
dáimh do dhearadh;
ón chléir gan
ghruaidh do ghoradh,
léim gan
bhloghadh mbruaigh bearar.
10 Cuidébhaid a
mbeirn bhaoghail
Builtéraigh lé a
fheidhm d’fhéaghain;
lé a fhéin a
dtreas suil tiaghair
diamhair a chleas
féin féaghaidh.
11 Ré gan
urdhubhadh n-oinigh,
d’Urmhumhain as
hé as eighir;
ré lán as meadh
don Mhumhain,
bean dán cubhaidh
dál deighfhir.
12 A iath
do-chuaidh fá chánaidh,
an triath dár
dhual a díoghail,
tearc díobh
do-chóidh ar gcúlaibh,
tóir dhúnaidh
ríogh fá ríoghain.
13 Gar don fhiadh
oighre Piarais,
sgiath dá
choimhdhe ar a chléabhois;
agh san leirg dob
fhear eólais
seólais bean do
sheilg Shéamais.
14 Ag sin ribh
rádh gach cléire,
[gan a ndáil níor
dhligh Guaire,
ionann sin as
díol dáimhe]
“dáile díon ghil
na gruaidhe.”
15 Do chuir
leathach clú ad chomaidh
crú Ghearailt tar
an nGallfhuil;
gnáth gach cnú
fán gcnaoi mhullaigh,
tú at urraidh re
gnaoi ag Gallaibh.
16 Dod thréidhibh
ceard an churadh,
an féinnidh rér
bheadhg Balar -
ní fríth libh a
gcléith comhar -
ar mbloghadh
sgéith t’fhir fhaladh.
17 Sgél folaigh
ar feadh ndeabhtha
nach foghuir lét
fhear n-iomtha,
ad láimh gur
leagh an dornchla;
t’fhear comtha
áigh ní fhionnfa.
18 Do chuir líon
ngráidh ar ghabhlaibh
nár dháigh acht
dá dhíol inbhir;
a gruaidh
ghairthe a dtigh theaghlaigh
dearbhaidh sin
t’aithne d’inghin.
19 Gan teagmháil
ribh im reannaibh,
ag sin eadráin an
iomaidh,
tú a lár na
gliadh re nGallaibh,
fian bhrannaimh
san ágh iomaibh.
20 Airm san
bheirn díbh gá ndathadh
ar t’fheidhm do
bhí ’na bhreitheamh
d’fhior fhuar nír
theó san tochar
do dhochar gleó
uadh d’fheitheamh.
21 Do chuaidh an
éinbhean d’fhearaibh
go bhfuair
fhéinnidh rér fhuirigh -
fada a-tá ar
ceilt ad chomhair -
do sheirc
fholaigh mhná Muighigh.
22 Níor anais a
ua Sadhbha
led shluagh gur
bhlaghais bhearna;
guais le fear más
fleadh dhiomdha
fleadh fán
hiomdha fear feadhma.
23 Do clos
d’fhuighlibh ót araidh
gur chuimhnigh ar
chol ndeighfhir
bean gan shuan
a-réir romhaibh,
dual cobhair
ghéill a ngeimhil.
24 T’fhaicsin ré
mbearna mbaoghail
a meanma an
faitsin fóiridh,
sibh mur bhudh
eadh gan t’fhéaghain
féaghaidh bean
fhir at óiridh.
25 Cloch
fhaghlaidh bídh fád bhárduibh,
an tír ’na
hadhbhaidh uaignigh,
gaoth chean
do-chóidh fát ógbhaidh
tógbhaidh teagh
óil dá uaidnibh.
26 Reagar a leas
ann t’fhuaradh,
do lann a dtreas
gá téaghadh;
lór do thuar ar
Ghort nGaoidheal
laoidheadh druadh
ort at énar.
27 An Cú fa tóir
don tánaidh
a chlú do-chóidh
a gcianuibh,
do long
do-chuaidh ’sna céimibh,
Fonn Éibhir uaibh
ar iarraidh.
28 Tug ar mhnáibh
maoith ar madain
a sgaoth ó
thráigh do thogaibh,
gaoth chuain don
reódh do fhreagair,
fuair ’na
leabaidh ceól codail.
29 Fuair d’Éirinn
rogha ríghe
ar ttogha Éireann
óighe,
dul ón Bhrugh go
bun Súire
ag cur thnúidhe
ar Bhrugh mBóinne.
30 A chomhdhál
tarla im Thailtin -
fá orlár mBanbha
biodhgfaidh -
tig én tar tuinn
san teanntaidh
nár fhégh
d’ealtuibh Fhuinn Fhionntain.
31 Beart don
taobh oile imridh
laogh na hoighe
dá healbhaidh,
nír thil Corc
acht Clár Luimnigh
dál Muimhnigh
thort go Teamhruigh.
32 Fiodh réidh ré
n-iorghail uime
a bhiodhbhaidh ag
béin mhoille;
biaidh an t-áth
fá fhéin Chaille
léim aille ag
cách ’na gcoinne
33 Ceó ó
dheabhaidh gha ngréine,
do-gheabhtha brat
bhudh buaine;
treisi le teas na
síne
deisi shídhe im
eas n-uaine.
34 Sgáile a feadh
nó go bhfalaigh -
an tsreabh as
áille n-oirir -
ar gcur chúil re
Fiadh bhFuinidh,
cuiridh grian ar
Shúir shoighin.
35 Braon annamh
tré ghaoibh gréine
do chlannaigh re
craoibh bhfeóighe,
do-ní dár leagh
don luaidhe
tí uaine ar feadh
na Feoire.
36 ’Na himlibh an
tráth térna
[ar inghin dob
fháth liamhna]
feadh faithche le
fuaim ndíorma
gruaidh ríoghna
ag aithni an iarla.
37 Sí do chách as
cliath dhídin
a sgiath an tráth
do thógaibh;
neimh an chuaigh
ar an gcéid-digh,
léigidh shleigh
uaidh ré n-óguibh.
38 Ar dteacht
chléire as-dteagh triallaidh
le a fhéile mar
fhear laoidhidh;
cuiridh sgor
seang a srianuibh
crodh d’iarraidh
nár fhearr d’aoighidh.
39 Do-roinne ag
roinn a cheana
a choinne re
Cloinn Mogha;
“gan bhrath ní
bhia,” ar an t-ara,
“cia a ragha cath
nó comha?”