Poem in printable PDF format
Mo leaba féin
dhamh, a Dhonnchaidh
[Ní Úrdail,
Meidhbhín, ‘Two poems attributed to Muireadhach Albanach Ó
Dálaigh’, Ériu 53 (2003), 19-52: 26-31]
1 Mo leaba féin
dhamh, a Dhonnchaidh,
dlighim cádhas ód
chúl tais;
ní léige soir
sinn a hÉirinn
re linn an ghloin
chéibhfhinn chais.
2 Do fhágbhas gat
earla lúbach
leaba chuanna
cuaille Mhaoil;
do fríoth soin
’na bhladhuibh beaga
gad mhalaidh
ghloin sheada shaoir.
3 Milleadh do
leabtha a fhlaith Chaisil,
cumaoin damh da
ndeachtha ar cuairt;
olc do haingheadh
lat mo leaba
a shlat
bhairgheal sheada shuairc.
4 Slat san
tslait, cuaille san chuaille,
cuingim ort a
abhra mhall;
fear dá sgrios is
fear dá bhfighe
ar shlios gheal
do thighe tall.
5 Suairc
h’athair, a earla dhualach,
Domhnall Ó Briain
bas mar aol;
suairc do
bhainleath, a bharr chleachtach,
an Laighneach
mhall shearcach shaor.
6 Dealbh h’athar
ort is do mháthar,
mala dhubh is
dath dod bhróig;
folt ’na
dhruimnibh is ’na dhualuibh
ort a Mhuimhnigh
dhualaigh óig.
7 A Mhuimhnigh
laighnigh Í Lorcáin,
a fhlaith Caisil
as claon fuilt,
a fhir an chúil
druimnigh drongaigh,
a shúil shuirghe
longa Luirc.
8 Diomdhach
Muircheartach mac Domhnaill,
díom an tan-sa
tarla a mhóid;
measa liom fa
dheich a Dhonnchadh,
bheith dom chionn
don onchoin óig.
9 Do dhealbhas
laoidh mhilis mholta
do
Mhuircheartach, maith an ní;
dar leam, a
ghille chaoimh chonchair,
do rinne laoidh
Dhonnchaidh dhí.
10 Ní heol damh
duine do mholadh
acht mac Órlaidhe
an fhuilt chlaoin,
ní heol damh rann
acht rann Dhonnchaidh,
a bharr cham mar
chorrthair chaoimh.
11 Cuilt ar
chuilt do shíoda fhairsing
ar shlios
bhruidhne fad bharr thais;
cearcuill do
chlúimh dhruimnigh dhrongaigh
fa shúil
suirghigh nglonnaigh nglais.
12 Ingne corcra
ar chliathaibh tiompán,
trillse buidhe ós
bhleidhibh óir;
coin ar
bháiniallaibh ad bhruidhnibh
a Gháileangaigh
Mhuimhnigh mhóir.
13 Gléastar díbh
bhur ndeimhse geala,
gléastar eich go
ndathta díbh,
gléastar stéad go
héasga agaibh,
gléastar téad a
maidín mhín.
14 Léigthear
aguibh eich re laoidhibh
léigthear coin a
ccomhdháil broc;
seinntear crotha
áille a hiathaibh
sgotha sáimhe air
chliathaibh crot.
15 Líonaidh cnoc
do chonuibh luatha
líonaidh magh do
mhacuibh sdéd;
líonaidh
Gailiangaigh a nglaca
do bhainfhianna
dathta déd.
16 Geabha
Luimneach do leith Ghaoidheal,
Geabha Áine, a
chruth mar chrú,
Teamhair Mhidhe
ad ghaisde géabha,
Laisgfe a ttighe,
béara bú.