firstLine"; ?>

1387. Mo mhallacht ort, a shaoghail $
Length: long 40qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
  2. Elsewhere prison
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 4 (24/P/27) late 17th cent.
  2. NLI G 167 Seam. MagUidhir 1727
  3. Mayn. M 99(e) 1814
  4. RIA 564 (23/N/26) Ed.O’Reilly 1815-18
  5. RIA 280(23/N/24)M.OgOLongain 1817-
Prints:
  1. transl. O’Curry MSS Mat., p. 566
Motifs:
  1. poet invoking blessing
  2. caithreim, list of triumphs
  3. English conquest of Ireland
  4. imprisonment
  5. Christ’s Crucifixion
  6. the Devil
  7. Sin and penitence
  8. renunciation of the world
  9. Classical allusion
Poet Christian Names:
  1. Cuchoigcriche (RIA 4)
Poet Surnames:
  1. O Cleirigh
Patron Christian Names:
  1. Toirdhealbhach mac Cathbhairr
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo mhallacht ort, a shaoghail

[RIA 4 (24/P/27), 104]

Cúchoigcriche Ó Cléirigh .cc.

[Deibhidhe, Ógláchas]


1 Mo mhallacht ort a shaoghail

mairg nach ttuig do robhaoghail

’sgo ccuire féin i ccéill dúin

nach díol gradhaighthe t’fhortún.

2 Giodh iomdha Rí ara raibh meas

fúair uait righe agus flaithes

’sda ttugais muirn fésda is fleadh

fechtar a ccrioch fa dheireadh.

3 Iomdha flaith as feasach linn

iomdha airdrígh dob inghill

ria ngein Chriosd tarla ar do mhuin

’sdo thrasgrais síos go talmain.

4 Riogha is monairc an domhain [105]

ó ata a n-íul ’nar n-urchomhair

mas fiadhna stairthe na ndrong

dearbhaid gor fior a n-abrom.

5 Riogha na nAssardha is mead

tugais doib seal nar roibeag

callacdha is pearsa nar lag

fúairseat seal cait ’nar gabhsat.

6 Alaxandair monarc mór

céidEmpir Grég na nglanshlogh

ger mhór a mhes ’sa roinert

nír chian a ré ód mharcoigheacht.

7 Iulius Cesair go n-agh

ceidImpeir reil na Romhán

ar ngabail an domhain lais

a shaoghal créd far thrasgrais.

8 Nir eirigh neach thiar no thoir

ar druim do rotha a shaoghail

nach é [a] dheireadh iar gach sódh

a chur faoi an roth fa dhubrón.

9 Boicht an tshaogail ima seach

dhíot as beite dhóibh buidheach

ní thabhra ní dhóibh dot mhaoin

’sní bhena diobh do chomhmaoin.

10 Cóir a bhuidhe re Dia dil

ar mbreith i n-aimsir creidimh

is Crist dar leighes or ccoir

’sgan adhradh dhuit-si a shaoghail.

11 A-ta thall beatha oile

bhias go suthain síorruidhe

air ar ccionn ag Righ na n-uile

gan ced duit-si a chealguire.

12 Cíall a ndubhairt annso dhuit

a úa na ttrí nAodh n-oirdhuirc

i ndoigh go mbeith gráin ó thoil

agad ar ghlóir an tshaoghoil.

13 A sgéala mar ta i leabhraibh

na monairc-si a Thoirrdhealbhaidh

ni ba meisde ag Dia bar n-áit

gan dol díobh ’na ccompraitt.

14 Cradh liom do geimhliughadh daor

’sgan tadhall duit ar mhiothaom

acht fíorfhuath mur ta re treall

eachtrann ar uaislibh Eireann.

15 Gidheadh déna dimbrigh de [106]

da n-iarra sibh mes foirfe

do bheith oraibh thall ’s a-bhus

glóir do Dhia a-ta ar do chumus.

16 Smuain ó thús go rugadh sibh

i n-am crabhaidh is creidimh

mar nach rugadh mór re a mheas

na monairc thuas do áirmheas.

17 Tabhair foigheide id bhroid

gabh comhairle ó gach caroid

da bhfuilnge martra gan choir

buaine dhuit beatha shuthoin.

18 Tanaig Iosa trenar ccoir

do nimh a-nuas on Athoir

’sdo dhoirt fuil a chuirp uile

air ar ngradh tre thrócuire.

19 Ar dhoírt gach mairtír da bhfuil

ó thús ’sgo deiredh dhomhuin

do budh mo sgél braon don fhuil

do dhoirt Iosa trear cciontaibh.

20 Fuair Criost bas croiche air ar son

do íarr oruinn ar ccroch d’iomchor

’sar ttoil do chuma re a thoil

agus e féin do leanmhoin.

21 Fuair tusa ’s as cuirthe a suim

a mheic Cathbharr Í Dhomhnuill

ní ó Dhia et re fa rath

ni dlighe bheith dhe diomdhach.

22 Fuairais saoghal fada glan

bárr ar sheachtmhoghad bliaghan

long an anma an corp go ngráin

mithidh dhó port do ghabháil.

23 Re linn síothchána is socra

fuairais beatha ionmholta

iar bplanntughadh it thír thall

d’ainbhfine aintréin eachtrann.

24 I n-am cogaidh da éis sin

gach ar lean sibh dot dhaoinibh

do shaorais iad ar ghorta

ar bhás fuachta is fiornochta.

25 Cía hé an flaith do freimh Dálaigh

do reír iúil an annalaigh

tug oiread cobhartha libh

i n-am cogaidh da dhaoinibh.

26 Do shiris leó ceann i cceann [107]

urmhór chúig ccóigidh Eireann

da ndíden ar gach feadhain

do Ghallaibh do Gháoidhealaibh.

27 Níor taistilsed tír dhíobh so

i leith Cuinn no i leith Mogho

nach biodh tnuth in gach baile

riu ’sgan iad ’na ccomhnaidhe.

28 Mó an furtacht tugadar dhoibh

na a bhfúairset uatha d’onóir

’sdo lean diobh ós sgel fíre

dream do lucht gach eintíre.

29 Do chosain tu íad amhlaidh

re ré an chogaidh chatharmaigh

ceithre bliaghna doirbhe dég

nar léigis faill ’na ccoimhéd.

30 Gidh mór diobh do bhi beó bocht

ag teacht chugaibh da bhfurtocht

’sda ttugais maoin tar an ccóir

a admhail a-niú as edóigh.

31 Cumhain liom go riomhthaoi sin

tri mhíle bó ar do mhuintir

agus iad uile ar bhar ccur

fad leagadh, is fad gherradh.

32 Rugais leat fós iar gach seal

iad uile ag dol fa dhligheadh

gor sgaoilset siar agus soir

ag port Eirne fad lamhaibh.

33 Ré bheg mbliaghan gé a-ta sibh

ar fhírbhegán dot mhuintir

fuairais beatha gan náire

’s nír mhíadh leat a hiomláine.

34 Bíodh nar dhiongmhála lat-sa

ar ttecht go háois ársachta

beatha mesardha denas

dob fheárr í na braighdenas.

35 Treig do dhiomus na lean de

mithidh dhuit i n-eirr th’áoise

saoghal na meang do thuigsin

’s nach tú a-mháin do rothuirrsigh.

36 Caithréim ’s fearr fo ghréin ghloin

do neoch dar ghein ar talmhoin

’sar buaine dhó thall iar ndol

buaidh ar dheamhan ’sar dhomhon.

37 Tri naimhde an anma gach am [108]

diabhal, saoghal, ’sa cholann

da mbera tusa a mbuaidh sin

rachair go réidh don Righthigh.

38 Guidhim Día riot a rún dil

na léig fuil Chriost i n-aisgidh

tuill re haithrighe ghéir ghloin

do dhol isin síth shuthoin.

39 Déna an t-inchreachadh dhlighe

o thús go eirr th’aimsire

sgrúd a bhfuair tú gach tan

’sa ndearnais ris san saoghal.

40 Biodh tuirse is conguin chridhe

ort tre thuilleamh oirbhire

an tí ar a ttugadh gan choir

na mílti crecht tréd chiontoibh.

41 Ma do chraidhis neach ó thoil

i cclú i máoin na tre sgannoil

déna aisiog ann go cóir

do reír breithe an chonfesoir.

42 Budh luaithe liomsa ina libh

le toil De d’fhios an Righthigh

mo bhuille sguir a[s] se so

dhíobhse a ndeireadh mo thermo. Mo mhallacht...