firstLine"; ?>

1388. Mo sa chach clu Buitlearach $
Length: middling 20qq
Certainty: 2
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 998 (23/F/21) Vellum 16th cent.
Prints:
  1. text Carney PB no. ii
Motifs:
  1. praise of appearance
  2. irresistible attractions for women
  3. liberality to poets
  4. patron too generous to need fear satire
  5. creach, cattle-raid
  6. patron’s prowess in war
Patron Christian Names:
  1. Piaras mac Seamais
Patron Surnames:
  1. Butler (8th Earl Ormond & Ossory) d.1539
Meter Vars:
  1. Casbhairdne
Poem:

Poem in printable PDF format

Mó sa chách clú Buitlérach


[Carney, James: Poems on the Butlers: of Ormond, Cahir, and Dunboyne (A.D. 1400-1650), Dublin, 1945, poem 2]


1 Mó sa chách clú Buitlérach,

gnáth tnúth rú fá radhaonacht;

re a gclú as cneasda commóradh,

clú na bhfear-sa as fadshaoghlach.


2 Ríoghradh bhríoghmhur bhogdhuasach,

nír gríosadh an Ghall-laochradh;

dréim re daonacht Buitlérach

ar aonchor dob anshaothrach.


3 Mac dealbhghairthe deighShémuis,

fear shanntuigheas shiothChruachain,

fás feardha fán bhflaithfhéinidh

a-tá ar eangnamh ionnuachair.


4 Do-gheibh feilm chruaidh chaithmhílidh

uaidh a mbeirn a biothtuargain;

lann bhearnach an Bhuitléruigh

neamhlag an t-arm iombualaidh.


5 Clú an Phiaruis úd aithreósdair,

a chlú ar briathraibh breithneóchuir;

’s é a leith einigh intSémuis

re deightheisd ní deileóchair.


6 Tearc a dtnúth re a bhogdhuasaibh,

leath a chlú ní ceinneóchair;

ag soin buadha ar Builtéraibh,

sgol uatha ní heiteóchair.


7 Troigh thana as dealbh dheaghdhatha,

geall asta dob ionchurtha;

tulach dearc an deallradh-so,

cneas mar chubhar fionnshrotha.


8 Fuair dealbh brégtha bantrochta

an seang féta fionnchorcra,

bél dearg ’s an déd tirmgheal-sa,

dá ghrés as fhearr ionmholta.


9 A Phiaruis óig aithreamhuil

tós cliachdha do chleachtabhair;

madh mó cách do chuideachtuin

do lámh le slógh seachantuir.


10 Éideadh cruaidh ’na chodchannuibh

uait, a fhéinidh fhearamhuil;

crécht ar gach taobh tugabhair

ar laoch tré ghlés ngealarsaidh.


11 Gnáth ad ríghleas réidhsholus

táin mhíleadh dá mórchuireadh,

gasraidh nár fhégh árrachtas,

trén arsaidh bhur n-ógbhuidhean.


12 Beag sgáth fhéine a n-éigeantus

na héimhghe an tráth tógaibhthear,

creach a feadhuibh fuarabhar,

deacair teacht ’na tóruigheacht.


13 Ealta nár ob iombualadh

ag dol leat dod lissíothbhrugh,

dot fholt fhionnchas fhadchraobhach

tol fionnbhan ag bithlíonadh.


14 Dot íorna chúil ceingeóltur

súil ríoghna dá rithghníomhradh,

mná ós miocht dot infhéchadh

gan fhios dob áil t’iníochadh.


15 Do lámh fheardha fheidhmneartmhur

lá an fheadhma ’na hinghealtadh,

lámh chasta chleath ccrainnreamhur,

lámh lagtha fhear n-imreasan.


16 Do chrann seada sleinnleathan

a n-am chatha teilgfidhear,

sleagh arsaidh uair imreasan

fuair t’fhaghlaidh mar oircheasacht.


17 Duas budh díol do dhoirbhchliaraibh

tug sad dóibh ar ilcheólaibh;

Piarus, gruaidh mar ghlanghríosaigh,

ua na n-iarla as inleómhuin.


18 Madh lán bearn do bhorblaochaibh

an lámh as fhearr innseóchair;

lámh an fhéinidh armláidir

lá an éigin ní hinnseóghair.


19 Fear saor glaicgeal gruadhchorcra,

laoch gu n-aigneadh n-árrachta,

fear díolta dámh ndeórata

is gnáth díolas dámhsgola.


20 Ní ciall rogha an ríoghfhlatha,

tosach gliadh do ghnáthrogha,

fear táisg mar tá an Piarus-sa

a n-áth ní dáigh dánachta.