firstLine"; ?>

1389. Mo thruaighe mar ataoi, a Thulaigh $
Length: long 43qq
Certainty: 4
Period:
  1. 17th mid
  2. 17th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. House mp
Manuscripts:
  1. BL Add.40,766 Fermanagh late 17th c.
  2. TCD1383 (H.5.11) Domhn.O’Reilly 1704
  3. RIA756(23/E/26)R.Tipper,S MacSolaidh
  4. RIA567(23/O/36)S.OCleirigh 1838<1736
Prints:
  1. text Carney POR no. xxiv
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. conquest fruit of God’s anger
  3. territory as ruler’s spouse
  4. reim rioghraidh, regnal succession
  5. contrast btn past joys & present grief
  6. Historical comparisons
  7. Ruaraiocht
  8. Classical allusion
  9. house and/or furnishings
Poet Christian Names:
  1. Muirghius ? (‘Muirios’ Add. 40,766)
Poet Surnames:
  1. O Dalaigh ( ‘Muirghes’ TCD 1383)
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha mhic Sheaain
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh fl. 1641-53
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo thruaighe mur taoi, a Thulach


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 24]


Muirgheas Ó Dálaigh .cc.


1 Mo thruaighe mur taoi, a Thulach,

do mhúr ceannard comhramhach

do thuitim [ní hár gan oil]

le fán do chnuicfhinn chosgraigh.

2 Is truagh leum chroidhe do cheas,

saoth liom do luit gan leigheas,

a threabh ríogh na Tulcha thall,

díon ar mh’urchra ní fhédam.

3 Do tolladh do thaobh greanta,

dionn fásuigh bhar bhfoirgeanta,

síos do ghein guaille do thor,

mo thruaighe, ag sein an saoghal.

4 Do-chím ar ccneasghuin do chuirp,

a bhaintreabhach aosda orrdhuirc,

sgáile an laoi tréd leacuin ghloin;

deacuir gan chaoi fád chréachtuibh.

5 Gibé do-chonnairc sibh slán,

a chúirt thall Tholcha Mongán,

lór d’anbhuain uille do chneadh,

a bhuime glanshluaigh Gaoidheal.

6 A Thulach a-tá ream thaoibh

ararbh iomdha mná is macaoimh,

fád chaithbhinn ce daoineach dhuibh

ní aithnim aoinneach oruibh.

7 Ní fhaicim ag éirghe a-mach

Áodh Cruachan, cuingidh Teamhrach,

liaigh do chneadh, caomhthach do chuim,

a threabh na saorchlach séaghainn.

8 Clann Aodha mhic Mhaoil Mhórdha,

lucht arduighthe th’onóra,

ar do ghlanmhuigh ní léir linn;

anmhuin ream chéill do chaithfinn.

9 Ní fhaicim clann na cloinne,

macraidh fán mó mionbhuille,

ag gléas sealg fád dhún [n]dealbhdha

no ag súr do learg loinneardha.

10 Do-chluinim tráth fád thaobh dtais

coin dá ngairm, gáirthe macnais,

ort, a ghormthulach láimh linn,

gáir órbh orchradhach m’inntinn.

11 Dursan leam chroidhe a ccluin sinn,

frais do theangthuibh nach ttuigim

fad bháineas, a Thulach the,

áineas ón dubhach daoine.

12 Do-chínn ort an uair do mhair

fuireann laoch leasa í Fhearghail

[is é an domhnán fo seach sin]

do lomlán each is éididh.

13 A threabh Aoidh mheic Mhaoil Mhórdha

nach mothuigh méd h’anshódha,

mur mhnaoi bhróin ba subhach sibh:

dubhach bu[dh] cóir do chluinsin.

14 Ré Giolla Íosa an fhuilt chlannuigh

ort don fhréimh-sin Raghallaigh

mór bhfear do deimhnigheadh dhamh,

a bhean cheinnbhileadh Chruachan.

15 Ocht nduine dhéag druim ar dhruim,

a bhean mhuirneach mhic Domhnuill,

do phós tú ar uair n-anma

do chrú an Ruaidh gan fhreasabhra.

16 D’eagla go séanfá-sa sin

do chuireas róm [rádh deimhin!]

na Gaoidhil go ngairm bhisigh,

ainm gach aoinfhir d’innisin.

17 Cúig Seaáin, saoithe Banbha,

dhá Áodh niata nathardha,

trí hEoghain fhaithche an áir.

leomhuin chaithmhe do chonáigh.

18 Dhá Philip, dhá Mhaol Mhórdha,

Émonn neartmhur neamhónna,

cúig triatha fá aisgidh d’fhior,

cliatha gaisgidh na nGaoidhiol.

19 Slat ós coill cathál Teamhrach,

Risdeard ’s an triath, Toirdhealbhach,

cuimhneach libh bhar bhFearghal féin,

fir le [a] ndearnadh bhar ndeighréir.

20 Beagán do dhiomdha Dé mhóir

tug ort [cá huille seanmóir?],

a dhionn seanaidh sluaigh Banbha,

buain fá fhearuibh allmhurdha.

21 A threabh Mhongáin an mhúir ghloin,

’s tú an Traoi tar éis Eachtuir

nó an Bhabilóin ’san tír thoir,

sídh an adhbhalshlóigh éachtuigh.

22 Nó ’s tusa, a chaomhthach ó cCuinn,

Dún Dealgan d’éis Chon Culainn

a-nú gan aonluadh oruibh,

no ’s tú Craobhruadh Chonchobhuir.

23 Nó is tusa Cruacha na ccath

tar éis Oilill mhic Mághach,

brugh folamh dob fhearr fá ór,

no Ceann Coradh ar cclaochlódh.

24 No is tú Durlus, dún Guaire,

nó is tú Uisneach eanuaire,

is tú ar aonchor Ealmha Fhinn

nó laochbhrugh Teamhra ar ttuitim.

25 Dá mbeinn dá n-áireamh uile,

seanmhúir Críche Conuire

’s tú, a threabh an ghéigleasa ghloin,

bean dár chéidneasa caomhthoigh.

26 Cuma leat-sa [lór do ghráin!]

a Thulach mheabhlach Mhongáin,

cá céile re [a] síneann sibh,

a mhíneang Féine Fuinidh.

27 Ní obann tú [trom an choir!]

fear dhá luighionn ad leaboidh,

a bhean táidhe ’s cách read chois,

náire gan fháth ní fhuaruis.

28 Ort, a Thulach na ttreas tte,

cúig trír da ccuirthe a ccoisde

fá na mionnuibh soin fo seach,

nach bhfoil ionnuibh acht óinseach.

29 Do bhí agad [anba an col!]

an mac tar éis an athar

[mímheas nach biam dhá bháthadh]

’s an triar díleas dearbhráthar.

30 Iongnadh nár airigh tusa,

a mheirdreach an mhacnusa

dhá bhreac lúidh láir na linne

a láimh a nDúin Dhuibhlinne.

31 Nach ccluin tú do Philip féin

fá choisde re cúis aigmhéil,

[truagh do dhíol, a chloch na ccath]

mas fíor, go moch a-márach.

32 Níor chumaoin duit, doirbh an dáil,

ní fhéadfadh mac meic Seaáin

[grádh buan do ghein ó ghrádhuibh]

suan ar chneidh a chompánuigh.

33 Nach náir dhuit-si Maol Mórdha

a láimh a los neamhchóra,

uan don tréad dár threabh thusa,

a bhean, méad do mhacnusa.

34 Minic do caití um chúis mbig

le Maol Mórdha mac Pilib

gaoi thromdha um Thealaigh na Niall

dod chomhdha ar fhearuibh ainmhian.

35 Dhá choin leanta luirg a sean

da mbeantaoi dhínn fá dheireadh,

doirse gliadh Caithreach ó cCuinn,

ní bhiadh a n-aithchreach aguinn.

36 Tiocfaid onchoin learg Leamhna

saor ó chor na cinneamhna

a bhean mhaithmheach nár ghlac gráin,

budh haithreach lat do lúthgháir.

37 Ní chuirfid choidhche ar bhar son,

léigfid feasda fiú a n-adhbhar,

smior cnámh an Ghaoidhil Ghlais-si,

slán gach aoinfhir iomuibh-si.

38 Treibheobhthar dhá thaobh th’fhaithche,

budh líonmhur lucht tiomsaighthe

’na mbród-dháimh ar gach láimh libh

ag tógbháil gráin dod ghuaillibh.

33 Maol Mórdha nach maoidhmheach lámh

Pilip Óg mac meic Seaán,

dhá chléith le dornchlaibh docra,

comhthaigh nach tréith tádhbhochta.

40 Dhá chnaoi don chrobhuing-si Chuinn,

dhá dhamh eoil Átha Conuill,

dhá ghéis líoghshrotha leac bhfionn,

dhá bhreac síodhLocha Saoilionn.

41 Dhá mhionn súl fréimhe Fearghna,

dhá chaoir aibche fhíneamhna,

dhá sgís aigeanta gach fhir,

dhá ghrís chaigiolta an chinidh.

42 Ní tú, a Thulach na tuirse

is ciontach re [a] ccanuim-se

[do dhealaigh mé a rílearg ruibh]

acht fírfhearg Dhé ’nar ndeaghaidh.

43 Do bharruibh do ghriantor ngeal

do-chínn gach tír um thimcheal

re ndol faoi dod chuaine chloch;

mo thruaighe mur taoi, a Thuloch.