Poem in printable PDF format
A toigh bheag
tiaghar i dteagh mór
[Mac Kenna, L.:
‘A poem by Gofraidh Fionn Ó Dálaigh’, Ériu 16 (1952),
132-139]
1 A toigh bheag
tiaghar a tteagh mór
a mórthar rúd
a ndún fhian
ngreadhfhocal nGréag
seanfhocal
súd.
2 Seanfhocal súd
solus a chiall
ciodh cia do
chum
san chruth a
rádhaid é i ngach am
tánaig sé
sunn.
3 Faoi chanus
sinn seanfhocal gnáth
gasroidhe
Fáil
giolla do Chloinn
mhalartoigh mhóir
thabharthoigh
Tháil.
4 Diarmaid Ó
Briain, codhnach Chlann Luirc
Laoch Linne
Féig
giodh mór an
treabh (as a ró a ruaig)
mó an teach a
ttéid.
5 Ní a tigh bhig
théid a tteagh mór
budh móide a
ua
a tigh mhór
thargha a dteagh as mhó
fear calma
Cua.
6 An teach as
lugha leor a mhéad
ní meadhair
thais
(do na tighibh)
le bhfuil ag feis
Tuir Chinidh
Chais.
7 Gá teagh beag ó
ttoir a tteagh mór
na móirfhear
n-úr
nó gá teagh mór,
ós dá luadh
a-tá do thúr.
8 Gnaoi an dá
theaghsoin tar tighibh cáigh
cuiridh gach
fear
a ghnaoi tar
(fhéin) Cliach aga chur
triath an dá
theagh.
9 Teach Táil an
dara teach don rígh
do chreach go
Cliaigh
teach na leag ’s
na sreath sróil
teach beag Í
Bhriain.
10 Teach rátha
Teamhrach bhus teach mór
do mhórmhac
Taidhg
líonfuidh an
teagh do (bhroinigh) bhuirb
fear Oiligh
aird.
11 Teach Táil ar
a thí as Teamhair Bhreagh
mar dhá bha um
laogh
(ibhthear) leis
mór bhfleadhtonna bhfuar
eatorra ar
aon
12 Mac
Toirdhealbhaigh ag tocht dá ngrádh
(a ngoire) a
shleagh
beag liom do mhac
Sadhbha ar a shon
tarbha an dá
theagh.
13 Caidhe acht
Teamhair na ttulach bhfionn
fiu Tighe
Táil?
an teagh Táilsin
as teagh an Trír
táirfidh fear
Fáil.
14 Teach Táil
céadárus Chloinne Luirc
gidh lugha a
ainm
nochar bhfearr
dhó ar mheadhair nó ar mhuirn
Teamhair ná ar
thairm.
15 As é do-bheir
geall Tighe Táil,
do Theamhroigh
Bhreagh
an Bhanbha mar
do-bhearair d’fhior,
Teamhair a
theagh.
16 Teach ríogh
Mumhan ainm Tighe Táil,
tugadh tuir
Bhaoi,
teach ríogh
Éireann Teamhair Dá Thí,
geabhaidh dá
ghnaoi.
17 Uasal an
éaruic a ttigh Tháil
Teamhair ’n-a
(ghioll)
roghfaidh an múr
fá múr do Chonn
dún ós gach
dhionn.
18 Gé deirim sin
nocha soirbh dhó
deaghail re
Cliaigh
ná ris an leirg
ccnóbhuidhe ccaoimh
Bóroimhe
Bhriain.
19 Ná re Cluain
Rámhadh na ríogh
re Ráith ccaoimh
ccuirr
ná re Sionainn
murchorraigh moill
tturcharaigh
ttruim.
20 Ionmhuin leis
na trí tulcha theas
re ttabhair
cúl
Loimneach Ceann
Caradh do char Brian
Magh Adha úr.
21 Mac
Toirdhealbhuigh dá ttuga a dhruim
budh damhna
ciach
ris na ndúthaigh
dan docair fuath
re Crotaibh
Cliach.
22 Árus Oiliolla
as Eoghain Mhóir
ní mairg dan
dual,
ceannach dhó ar
raitheallach na ríogh
aithearrach
uadh.
23 Mun badh leis
re taoibh Teamhrach Cuinn
Caisiol Clann
Luirc
nochar tugtha dhó
ar Dhún Airt
cúl re Cró
Cuirc.
24 Giodh cúis
eolchuire d’Aoibhill Chliach
cúl re cró a
shean
(ní hadhbhar)
bróin do dhuine (a) dhul
suidhe ós Bhóinn
Bhreagh.
25 Mac ríogh Áine
giodh ionmhain leis
Leath Mogha
móir
ná (tréigeadh) an
feadh rabh ’na rígh
Magh Breagh ós
Bhóinn.
26 Ná múr
Tailtean ná Teamhrach Fáil
fa bhfaontar
croinn,
ná síodhBhrugh
Aonghuis ós Bhóinn bhinn
taobhghlais mhóir
mhoill.
27 Ná tobur
Seaghsa as a snigh Bóinn
buinne as bhorb
théid
ná Uisneach re
bhfuaigh rinn gach róid
ná Linn fhuair
Fhéig.
28 Béaruidh
críoch Mhidhe ó Mhaicne Chais
cuimhne a ccríoch
féin;
deoch dhearmaid
san ríoghthoigh ó róigh
íobhthair gá
fhéin.
29 Fáiteobhaidh
Teamhair na dTrí Ríogh
dá ruaig
a-nonn
idir thalamh is
chloich is chrann
mur do soich
sonn.
30 Comhmór
fháiteobhaidh re hUa mBriain
an bhruinne
ghil
an breac fan linn
’s an t-eán san uigh
’s an néal ar
nimh.
31 Fearfaidh re
Seabhac Sléibhe Mis
dan mín muir
gharbh
gach inbhear
láinte, gach linn ghorm
fáilte bhinn
bhalbh.
32 Na guirt
treabhthar um Theamhraigh bhFáil
ag fás go
mear
an fháilte as dú
don chriaidh do chur
re hÚ mBriain
Bhreagh.
33 Toigéubhaidh a
guth, géisfidh faoi
ag fógra Í
Tháil
cloch fhógras
gach ríghnia do réir
prímhLia
Fáil.
34 Beid na tonna
’na dtoirrchim suain
ó sin a-mach
ní thiocfa fraoch
fa labhair loch
le caraidh
clach.
35 Gan arm do
bhuain d’aidhlinn fan fhior
iar n-uaim na
bhfonn
gan iarnach an
gcéin bhias ar ann
do char do
chronn.
36 Gan shíth do
lot re linn Í Bhriain
gan bhú do
bhrath
gan fhíoch i
gcroidhe neich do neoch
gan chreich gan
chath.
37 Diarmaid Ó
Briain ’s an Brian ó dtá,
ionann a
ngníomh,
fada bhus
leighius ar gach léan,
reimhios na
ríogh.
38 Brian Bóroimhe
rogha ríogh bhFáil,
ar a bhfuil
sliocht,
gidh eagail a
rinnghliaidh a reacht,
inBhriain a
iocht.
39 Tadhg mhac
Briain sinnsior flaithe Cliach,
dá gclaon gach
dair,
do chniochtairg
Tadhg ó mhuir go muir,
calg ionTaidhg
air.
40 Dual ó
Thoirdhealbhach mórmhac Taidhg,
a dtiodhlaic
sé,
a bhladh ós gach
fhior nar ghann gnaoi,
crann ós fhiodh
é.
41 Diarmaid mhac
Toirdhealbhaigh ó a-tá,
do badh triath
sluaigh,
an Diarmaid ógsa
tairm an treoin,
as a ainm
fhuair.
42 Toirdhealbhach
mhac Diarmada déin,
díthiughadh
cniocht,
uathadh do chách
nar chuir fa a smacht,
tuir ráth ’na
riocht.
43 Gliocus an
deighríogh Domhnaill mhóir,
do mheabhraigh
sé,
mac Sadhbha ar
glionnfhoghluim a ghnaoi,
ionDomhnaill
é.
44 IonDonnchaidh
Chairbrigh ór chin sé,
slat Síthe
Truim,
ar ghrádh shileas
dhá mhoingdheirc mhoill,
’s ar thoirbheirt
truim.
45 Saor a chruth
ón cheathramhadh glún,
do ghin mar
thriath,
giolla gar bhuan
tromthoradh tuath,
Conchobhar
Cliach.
46 Athair
Toirdhealbhaigh Tadhg Ó Briain,
binn liom re
luadh,
sé ag diall ris
an seanathair saor,
deaghfhachain
duan.
47 Toirdhealbhach
Áine a athair súd,
ní seanchas
mion,
dealbh a aighthe
re a dheilbh ag dul,
’s a fheidhm san
fhior.
48 Sguirim do
shinnsioruibh Shíl Táil,
a dtairm do
chlos,
do chaith a ré
gach rí do chlas,
ní hé as ní
a-nos.
49 Ní hé uaisle
ar fhás ar a chúl
chosnas d’fhior
iath;
fearr (iná a
fhréamh) do rádh ós chách
lámh thréan ag
triath.
50 Taobh re
huaisle gach fola (ó dtá)
ná tabhradh
sé
(’s é an) neach
féin uaislighios a ghanoi
uaisligios é.
51 Ní fhuair
Bhanbha gérbh uasal é
gan imirt
sgiath,
tighearna
toghuidhe na ttuath
Conaire
Cliach.
52 Conn
Céadchathach gur chosuin í
le earla cas
mór ngéirrinn
do-chuaidh ina chneas
fuair Éirinn
as.
53 Ní fhuair
Éirinn gan fhuil a chnis
do chor dá
cionn
(do ghad í ’s a
cré) ciabh na ngleann
Brian mac Bé
Bhionn.
54 A mBrian ná a
gConaire ná a gConn
ní chuala mé
ceird maith ar
nach raichlisde an rí
aithrisde é.
55 Cóig tréidhe
ríogh do rádhadh ann
go n-iomad
sú;
neart croidhe
fial dá ndéantar (dó)
ciall ceinéal
crú.
56 Cóigear sin
nach seachónadh flaith
a fine Luirc
nó go (seachnaid)
fiadha Fhóid Airt
cóig cialla
cuirp.
57 Deacair Banbha
do bheith gan triath
dá ttuige a
léan;
deacair linn a
gríosadh go hádh
gé thíosadh
tréan.
58 Mac Sadhbha a
mbréig an bheatha cé
mar choll fa
chnaibh
as ceo do
ghabháil ris an ngréin ngil
béim d’fhagháil
air.
59 As bas re
sruth nó sruth re hard
iomaidh rer
ttriath
a leith re bladh
as breith ar sgáth
car re cleith
gCliach.
60 Diarmaid Ó
Briain bruinne mar aol
earla mar
oigh
díon as fhearr dá
gach oireacht air
toigheacht dá
thoigh.