Poem in printable PDF format
Mo thruaighe mar
tá Éire
[Brian Ó Cuív,
Éigse 8, 302-8]
Seathrún Céitinn
.cc
1 Mo thruaighe
mar tá Éire
d’éis
chlaochlúidh a caithréime,
tug sí aoibhneas
ar urchra
fá dhaoirmheas na
ndanartha.
2 Do thuit a
tlaichtscéimh sheirce
dá gnúis álainn
innillte,
buime
chaomhfhoirne chíoch dte,
díoth gach
aonoighre uirthe.
3 Ní feas aon
d’uaislibh Banbha,
scaoilteach a
lucht leanamhna,
tréad geal dá
dtoghail gan treóir
ar feadh an
domhain deireóil.
4 Adhbhar tuirse
tarla dhi
bheith gan
chaomhthach gan chéile
gan leannán ’na
leabaidh ghil,
beangán teagair
gach tréinfhir.
5 Gan aoinfhear
léi-se ag luighe
d’fhíonfhuil
ochta a hionmhaine,
scéimh
ghlacshoillse gér dhual di
snuadh na
hatuirse uirthe.
6 Do chuir sí a
súil do chabhair,
do thréig a
tlacht searcamhail,
lúb
fhionnardghlan na nglac ngeal,
iar n-ionnarbadh
mac Míleadh.
7 Gan súil aice
re haoinfhear
ar n-imtheacht
d’fhuil fhíorGhaoidheal
tar sál
gconfadhach gcuan ngeal,
orchradhach uadh
a haigneadh.
8 Ní bhfuighbhe
an bhaintreabhthach bhog
leannán ná céile
carad
go teacht bhfór
nGaoidheal ’na gar,
glór na
saoirfhear ’gá siabhradh.
9 Iomthnúth
ardfhlaitheadh mBanbha
tug neart don
fhéinn allmhardha,
tréad faobhrach
dob aipche d’fhiodh,
ar chaomhdhach
maicne Míleadh.
10 Éigceart na
nÉireannach féin
do thrascair
iad-soin d’aoinbhéim
ag spairn fá
cheart ghearr chorrach,
ní neart airm na
n-eachtrannach.
11 Ní hiongnadh
d’Inis na nArt
bheith deireóil
d’éis a hannsacht,
d’fhine
Ghaoidheal na ngníomh náir
gach aoinfhear
dhíobh ’gá díoghbháil.
12 An flaitheas
fuaradar sin
ar inis oirdheirc
Éibhir,
tréad lonn lér
fhuaigh a hannsa,
ní fhuair drong
don domhan-sa.
13 Cia an croidhe
nár chlaochlaidh sin
do mhaicne
ghlórmhair Ghaoidhil
a n-argain go
coinghleic gceall
ardfhuil
oirdhreic na hÉireann.
14 Buime a
n-altraim, giodh í sin,
’na dílleacht
d’éis gach aoinfhir,
a Mhoire, is
truagh mar tharla
gan snuadh n-oile
n-athardha.
15 Gan díon ar
olc na hinse,
truagh éagcruth a
hinnill-se,
aicme a
sealbhuighthe mar sin,
seanbhuime
mhaicne Mílidh.
16 Do fhágaibh
ise gan treóir
iarsma a cloinne
’s a cineóil,
gé táid siad
caointeach dá gcailg
scaoilteach iad
is gach aonaird.
17 Meirdreach gan
iocht gan onóir
an chríoch-so
phuirt Pharthalóin,
do chríon a cuing
gan chomtha
’s a síol fa
dhruing ndanartha.
18 Trí fichid,
naoi gcéad, gan chor,
dhá mhíle
bláithcheart bhliadhan
eang
ghlórghrádhach na suadh sean
fá shluagh
mórdhálach Míleadh.