firstLine"; ?>

1391. Mo thruaighe mar taid Gaodhail $
Length: middling 24qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Political
Manuscripts:
  1. NLI G476 Vellum MS ?cent
  2. Bruss.Bib.roy. 6131-33 Bk O’Donn.dau.
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
  4. Göttingen MS Hist. 773 A.O Conch.1659
  5. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
Prints:
  1. text MD ii, no. 54
Motifs:
  1. envoi to God (Trinity)
  2. English conquest of Ireland
  3. hostage
  4. imagery for grief
  5. Historical comparisons
  6. Classical allusions
  7. Biblical allusions
  8. agriculture
  9. Hunting
  10. aonach, territorial assembly
Poet Christian Names:
  1. Fearflatha (Bruss. 6131-33, BOCD etc.)
Poet Surnames:
  1. O Gnimh
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo thruaighe mar táid Gaoidhil!


[Thomas F. O’Rahilly: Measgra Dánta II, poem 54]


Fearflatha Ó Gnímh


1 Mo thruaighe mar táid Gaoidhil!

annamh intinn fhorbhaoilidh

ar an uair-se ag duine dhíobh,

a n-uaisle uile ar n-imshníomh.


2 Baramhail do-bearar dóibh -

fuidheall áir d’éis a ndíobhdhóidh,

’gá sníomh ó chróluighe a gcneadh,

nó is líon tóraimhe ar dtilleadh.


3 Nó lucht báirce fár bhrúcht muir,

nó is drong fuair fios a saoghail,

nó is géill i ngéibheannaibh Gall

Éireannaigh fá fhéin eachtrann.


4 Tugsad a dtréine ar thaise,

tugsad maise ar mhíomhaise,

tugsad meanma ar mhaoith mheirtnigh,

laoich fheardha nách aithintir.


5 Atá brat ciach ós a gcionn

mhúchas glóir Ghaoidheal Éireann,

mar néall gceath ghrianbháitheas goil

do leath d’iarghnáicheas orthaibh.


6 Tarla ó Bhóinn go bruach Lighean

dligheadh is fhiú aindligheadh,

gur bhreath shaor le fianaibh Fáil

an riaghail chlaon do chongbháil.


7 Ní bhí ag mac ríogh ón riaghail

aire ar lúth eich óirshrianaigh,

nó ar sheilg oighe fá chíogh cnuic,

nó ar ghníomh soidhe nó seabhaic.


8 D’fhearaibh Fódla is fáth orchra, -

do threabhsad daimh dhanartha,

i n-áit graifne a ngroigheadh seang,

gach faithche um oirear Éireann.


9 Treóid Ghall i gcluaintibh a gcean,

túir aolta i n-áit a bhfoirgneadh,

margaidh uatha in gach oirear,

cruacha ar ardaibh aonaigheadh.


10 Ní aithneann inis Logha

ní dá faithchibh fonnmhara,

cnuic dhlaoiréidhe i ndiaidh a n-air;

biaidh saoirÉire ’na Saxain.


11 Ní aithneann aicme Ghaoidheal

Banbha buime a macdhaoineadh,

’s ní aithneann Éire iad soin;

tiad re chéile as a gcrothaibh.


12 Is í an drong dhligheas d’aithne

d’inis Chuinn is comhaithghe;

ní Goill is aoighidh aca,

Gaoidhil ’na ndroing dheórata.


13 Do léig Éire an tonn tríthe

d’iomchar fhoirne coigcríche;

arthrach Dhá Thí do tholladh,

sí i n-anchruth do fheadamar.


14 Mar thimcheallas tonn anfaidh

le stoirm laoi lucht caolarthraigh,

saithe Gall ar tí a dtiomchail,

muna dtí ann d’Éireannchaibh.


15 Bruid Bhalair go n-a bhráithribh

Tuatha Dé do dhíoláithrigh;

dar lat is neimhthreise a-niogh

na beithre-se Mac Mileadh.


16 Mar lucht Traoi ar n-a toghail

dá ndíchleith i ndíothrabhaibh,

fian Teamhra a-táid ó Thailtin;

a bhfáid sealbha seachaintir.


17 Cosmhail re Cloinn Isra-hél

thoir san Éighipt ar éidréan,

Mic Mhíleadh um Bhóinn a-bhus

ag síneadh dhóibh a ndúthchas.


18 Mar do bhí Magh Tuireadh Thuaidh

i ngeall mhic Céin an chéaduair,

lá sgarthana re teidhm dtinn,

feidhm an athLogha ar Éirinn.


19 Ag sluagh Éireann an fheóir ghloin

truagh gan ionamhail Eachtoir

mic Prímh re pobal Saxan,

cogadh dhíbh go ndiongbhatsan.


20 Truagh, a Rí rátha nimhe,

do theacht dúinn ór ndaoirse-ne,

an t-athMhaoise nár fhéag ruinn,

tréad an chathchraoi-se Criomhthainn.


21 A Thrionnóid ’gá dtá an chumhacht,

an mbia an dream-sa ar deóradhacht

níos sia ó chathaoirlios Cuinn,

nó an mbia an t-athaoibhneas againn?


22 Nó an dtiocfa is-teach ar thairngir

do shluagh Danar ndúraingidh

naomh fíréanghlan, fáidh ó gCuinn,

an prímhéarlamh cáidh Coluim?


23 Má thug an Deónaghadh dhi,

Saxa nua dan hainm Éire,

bheith re a linn-se i láimh bhiodhbhadh,

don innse is cáir ceileabhradh.


24 Muna gcuirid dóigh i nDia

síol Éibhir Sguit ón Sgithia,

a gclár foirne - gá dám dhó?-

ní clár d’oighre ná d’iarmhó.