firstLine"; ?>

1392. Mo-chean do theacht a chlairseach $
Length: short 14qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. praise of possession
Manuscripts:
  1. RIA 625 (3/C/12) O’Curry trscr. BOCD
  2. Bruss.Bib.roy.6131-33 Bk O’D’s dau.17c.
  3. Book of O’Conor Don c. 1631
Prints:
  1. text Irisl. Muighe Nuadhad (1931), 39-40
Motifs:
  1. Christ Matthew, James, Pilib, Colm, Martin
  2. pilgrimage ?
  3. music
Poet Christian Names:
  1. Cian (BOCD)
  2. Maolmhuire (later hand in BOCD)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
  2. O hUiginn (.i. Airdeaspog [Thuama])
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Scot, MacSamhain, tuned harp for a year
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo-chean do theacht, a chláirseach


[Pól Breathnach, ‘Interpretanda’, Irishleabhar Mhuighe Nuadhad, 1931, 37-46: 39-40]


1 Mochean do theacht a chláirseach

atú-sa fáilteach romhatt

do shinn ort rí Binn Boirchi

cuir is puirt coirchi is comhatt.


2 Mór n-adhbhann riamh go roicheól

do rinn bhoigmheóir mhaoith mheardha

ort a chruit gléasda guithbhinn

do shinn cith sruithbhinn seanma.


3 Sgotha sgolarda sgiamhdha

cuir is puirt stialla amhra

do shinn ort rí fial Finne

caointéada binne balbha.


4 Dán comhraidh daingean duana

is laoidhe suarca saoire

minic réd bhog dá gcomhroinn

’s réd chruaidh O Domhnaill Daoile.


5 Fagbhuis rí míolla Muaidhe

a suantarghleas suaibhneach ort-sa.

a chomhdha na gcor ngléasta

sé mar an gcéadna anosa.


6 Trí bliadhna is teóra míosa

do chuir gléas síthe seanma

ort rí cnisgheal ó gConuill

fuair urruim gacha teannta.


7 Do chuala go raibhi romhuinn

a n-aimsir Choluim Chille

gléastóir a maca-samhla

do níodh cuir chalma chlisde.


8 Mac Samháin do char banntracht

saormhacamh Alban áille

a ghléas díoghraiseach diamhair

do bhíodh bliaghuin ar chláirsigh.


9 Mac Samháin fírghrinn fossaidh

acht gér chosmhuil a dtréighe

samhail dá chéile ar eólus

é as leómhan Locha hEirne.


10 Ní as sia ni leanfa misi

sdair in laoigh chlisti cheólchuir

ann gach sgéal bhíos go follus

is lór nod do na heólchuibh.


11 An tAodh Eanghach seimh sona

a stéad ag fromhadh róda

otha ag íoc ceana cloidhimh

ránic roimhe raon Rómha.


12 Cruit deislinn duinn os Lunduin

na ghlaic chorrbhuig úir fhédta

re faoidhe a cuir cinil

ní fearr dinis dom bréaga.


13 Is me diu do chléir Bhanbha

s am saoidh niom damhna duadha

do ber mo sheisi a subdar

mo chroidhe gusmhar gruamdha.


14 Iosa agus Matha milis

San Séam is Pilip amhra

Coluim is Martain Míleadh

go dtí do dhídean mhanma.