Poem in printable PDF format
Mo-chean
do-chonnarc a-réir
[Angus Matheson,
‘Poems from a manuscript of Cathal Mac Muireadhaigh’, Éigse
11, 1-17]
1 Mo-chean
do-chonnarc a réir,
ní h-amharc nach
fhuil ar mh’úidh;
mé ar mire dá
mheanma ghráidh,
cridhe sáimh ní
dhearna dhúinn.
2 Tarbhás damhsa
Domhnall Gorm,
dar leamsa, i
n-orlainn a arm,
i mbeirt shéanta
ó dheallradh is dhealbh,
dar ceangladh
sealbh bréagtha badhbh.
3 D’éis aisdir,
mar bhudh fhíor dhamh,
mé dá fhaigsin go
bhfíoch fear;
sról casda ós a
chionn dá chur,
dar liom, go
brugh gasda geal.
4 Suidhidh san
bhrugh an fial fionn
lucht gliadh ar
nach fuighthí feall;
dob iomdha
soighnéan sról ndonn
’s ól trom go
coimhghéar fá cheann.
5 Mar do-chuamar
i gceann sgéal,
dar liom níor
uaigneach ar n-ól;
dom chridhe budh
coimhghe shíor
fíon ga ibhe
oirne a h-ór.
6 Rém ghrádh do
dhruideas ’na dhiaidh,
gur chuireas mo
lámh ’na láimh;
tug dar liom, gér
thuaraim thnúidh,
a ghualainn dúinn
ós chionn cháigh.
7 Tar éis
m’aitheanta i gcionn cháigh,
’s é ag agallaimh
riom go réidh,
’na dhigh
shláinte buth dluigh dhúinn
failte rúin
rom-chuir i gcéill.
8 Dar leam go
dtáinig dom fhios,
gur theann fám
bhrághaid a bhos;
mar bhudh gnáth
níor cheilte an cleas,
teas ar seirce ós
chách do-clos.
9 Mé lán
aoibhnis, mar bhudh eadh,
ó shaoileas mo
ghrádh im ghar;
bos ghealbhog i
ngliaidh nár thugh,
dul ’na dhiaidh
is dearmad dhamh.
10 Clisgim a soin
as mho shuan
ag féachain cár
ghabh mo ghaol;
uch, a Dhé! is
damhna dom chrádh,
ní h-é ar ngrádh
tarla rém thaobh.
11 Corrach an
téarnódh i dtám
tre ó Colla
d’éalódh uam;
sé dá dhaoirmheas
liom go lór,
gér mhór
d’aoibhneas sionn ’nar suan.
12 Do ísligh sin
mh’aigneadh ard
gan a fhaigsin
feadh na bhforb;
an fear féin do
chách rom-chealg,
fáth dom shearg
nach léir a lorg.
13 Uch! dá mbeith
ar searc-ne a sunn,
dul ’na leith
níor leisge leam;
do bhiadh go
suairc a rún riom
’s a chúl sliom
ar chuairt ’am cheann.
14 Bos
ghlaicgheal na gcleas gan cheó,
gan bheith ’na
chaidreabh rom-chná;
ní h-é a thoil
mar a-tú,
gan mhé a-nú san
toigh i dtá.
15
[.............] soir is slat Nís,
uch nach fhuilim
bos i mbois
’s mé do shíor ar
luadhaill leis,
nó ar ghualainn
deis ríogh Rois.
16 Fear mar
Ghuaire do-gheibh chlú,
mo ghroigh sin,
mo bhuaile bhó;
mar chéile dom
thaobh a-tá.
mo lá gréine, mo
chraobh chnó.
17 Ar bhfíon
abaigh, ar gcruit cheóil,
ar muir mín, ar
maidean Mháidh,
iasg ar n-inbhir,
tuigse ar dtúir,
uisge a h-úir
thirghil nach tráigh.
18 Eó uaibhreach
ó ríghEas Ruaidh,
ar n-aoibhneas,
ar n-uaigneas óil,
ar bhfreasdal um
chion i gcéin,
ar miodh séimh a
h-easgar óir.
19 Slat a caolach
Cholla Uais,
mh’aonbhrath
oinigh go neart nóis;
tig d’fhoiléim ar
faithche i bhfís,
grís aighthe ar
roinéimh róis.
20 Mac Ghiolla
Easbuig, flaith fial,
ó measmaid gach
maith ’na mhúr,
’ga n-anann do
ghnáth mo ghaol,
ar mbláth caor,
ar n-abhall úr.
21 Tug céim tar
chinidh na gcríoch,
dá fhilidh ní
léir a luach;
sé tar chách
thoghbhaim mar thriath,
ar sgiath
chomhlainn, táth na dtuath.
22 Sé do
chliaraibh as chairt eóil,
a bhladh ní
diamhair ar dháimh;
ar bhfíon seice,
rinn ar rúin,
ar n-eite lúidh
tar linn láin.
23 Géag chumhra
do chin ó Chonn,
ag sin mo
lubhghort, mo lionn;
fáth mo cheana do
ríomh rann,
ar gcrann meala
go bhfíon fionn.
24 Mithigh, a
dhreagan Dúin Tuilm,
do thoigheacht
dár dtúr le [..]
sibh ar mbun
seasda in gach snaidhm,
is th’ainm ar
ndul feasda [...].
25 Léig go cách
chobhlach cniocht
i dtráth cobhra a
nois le neart;
ar súil thrá
d’fhíorbháidh as th’ucht,
lucht ar
ndíobhdháidh gé tá ag teacht.
26 Mar chioth ag
teannadh go trágh
léig rioth dod
chnarraibh i gcuan;
obar as damhna
dár ndíon,
síodh nó cogadh
badhbha buan.
27 Brath ag ar
n-easgcairdibh oirn,
gabh rér
dteasargain ón teidhm;
léig budh
dheasda, a Dhomhnaill Ghuirm,
doghrainn ar
mhuirn feasda i bhfeidhm.
28 Gan díol éigni
uait i sriobh,
gan díth cnuais i
bhféigibh feadh;
teisd ghnáth ar
do chlú dá chor
gur bhlogh tú ó
chách mo chean. Mo-chean.