firstLine"; ?>

1394. Mo-chean dod chuairt a Chalbhaigh $
Length: very long 53qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
Prints:
  1. Eoin MacCarthaigh Ph.D. (1994)
Motifs:
  1. Envoi to another patron
  2. imagery for patron
  3. nobility of patron’s ancestry
  4. poet invoking prosperity
  5. Material rewards for poetry
  6. mock reproof as form of eulogy
  7. English conquest of Ireland
  8. list of subject territories
  9. historical precedent
  10. oireacht
Poet Christian Names:
  1. Fearfeasa mac Lochlainn (NLI G 167)
Poet Surnames:
  1. O Maolchonaire
Patron Christian Names:
  1. an Calbhach [Ruadh] mac Maghnais
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill
Apologue Subclasses:
  1. Flann mac Lonan awarded palm to four
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo-chean dod chuairt, a Chalbhaigh


[Eoin Mac Cárthaigh, Poems on the Uí Dhomhnaill (circa 1641), unpublished PhD thesis, TCD, 1994; poem 10]


1 Mo-chean dod chuairt, a Chalbhaigh,

go crích Chonnacht chaladhghlain,

a ghríbh do chomhramhfhuil Chuinn,

ó thír chormbladhaigh Conaill.


2 Ar dteacht go crích Chonnacht duibh,

mo-chean dod chuairt ’san gCréachtaigh

tar gach aonfhonn don fhiadh ghlan

a chiabh chlaondonn na gcornchladh.


3 Fáilte róimh do rún toile

go baile chlann gConaire

d’fhéachain iúil a fheadhna fis

do badh sdiúir d’ealbha an oidis.


4 Dá mairdís maicne an bhaile

’s a n-aithre go n-iúlmhaire,

’na bhfaithchibh, a Chalbhaigh chóir,

d’aithghin d’anmhain níorbh éadóigh.


5 Ghéabhtha aca iúl gach fis

mar fuair Niall nár ór gheinis

ó Thorna go mínchéill maith

tromdha a phrímhchéim don phosdfhlaith.


6 Fios an chruais nar chleacht tusa

ghéabhtha ’gun gcloinn gceannasa

re a bheath ’na aoineas agaibh,

a dhreach chaoindeas chruthabaidh.


7 Dúil i n-áineas cléire ó gCuinn

dual do threibh thriath ó gConaill;

tar fhianaibh Éireann ’s gach cruth

fialfhuil na gcéimeann gclothach.


8 Grádh ag eólchaibh fhuinn Banbha

orra d’iúl a n-ealadhna

’s grádh buan na n-eólach aca

- sluagh go ngleórath ngalgata.


9 Geall fírfhéile fuairsead so,

sliocht Conaill Gulban ghríobhdha,

ríoghradh ba lán d’fhéile is d’iocht,

méinne go n-ágh ’s go n-oirbheart.


10 Rug ardollamh Banbha Breagh

breath le cuid díobh, mar deirthear,

gurbh iad dob fhearr d’uaislibh Fáil

- dream ros uaisligh an annáil.


11 Mac Lonáin nóis luaitear leam,

Flann Aidhne, ollamh Éireann;

tug an geallsoin uadh don fhóir

luagh an fheallsaibh dá n-onóir.


12 Maol Doraidh, Éigneachán úr,

Aonghus, Flaithbheartach fiandúr

ceathrar as fhéile fuair Flann

is Éire uaidh ’gá hadhall.


13 Do-ghní dán - dá dhearbhadh soin -

d’Éigneachán, úrmhac Dálaigh;

don ollamh ba bhreath go mbuaidh

tre bhronnadh each is iolbhuair.


14 Céad loilgheach, leithtríocha each,

cúig fháinne óir ba hinmheach,

- séidleathábh (?) ’s gach lug a lagh -

tug Éigneachán don ollamh.


15 Cúig chaomhchuirn d’airgead aoingheal

fuair an file ón úrGhaoidheal

ar dhealbhdhán go sduaim ’na sdair

’s a dhearbhghrádh uaidh ’na fhochair.


16 A uí Éigneacháin gan oil,

fíor gur dual duitse, a Chalbhaigh,

beith réidh fa chrodh na cruinne

- méin do thogh bhar dtriathchuire.


17 Tearc athair dar fhás romhaibh,

don triathchrú ó dtángabhair,

nar sgaith ar fhéile d’fheadhnaibh

maith na tréidhe i dtighearnfhuil.


18 Ná hadhair d’intinn th’aithreadh

’s a gclú soin nach sáraighthear,

a los do leathtroim re tan

dleachtaim a-nos a nochtadh.


19 Teacht tar Éirne na n-eas mbinn

tre neart Gall na ngníomh n-inghill

dóich gur leathtrom, a laoich, libh

braoich bhar searcfhonn nach sillir.


20 Ná tabhradh do thoil thromdha

maothghrádh don iath athardha

re linn bhar leathtroim a-nos,

a ghrinn dhearcmhoill ó Dhurlas.


21 Tairr mar thigthea led thír féin

- daoibhse budh dál go ndeighchéill -

leis an tír i dtánaig sibh,

a ghríbh ó Fhánaid inmhigh.


22 Tigidh mar bhar ndúthchas féin

- tre thoil nDé, dál gan toibhéim -

leis an taoibh i dtiocfa sibh

- ní cionta daoibh a dhéinimh.


23 Déan Leithbhear don Chréachtaigh cháidh,

Doire caomh do Chill Trosdáin

- gan chlódh ós ceannghlas a cruth -

is Bearnas Mór don Mhullach.


24 Dún na nGall as toirtheach tráigh

déantar libh do Lios Leamháin

’s Áth Seanaigh go snuadh n-óige

do chuan Bealaigh Budhóige.


25 Murbhach álainn na n-each seang

don Lisín oirdheirc Íseall

déana, a ghríobh armshluaigh Fhinne,

do dhíon amhluaidh th’intinne.


26 Bí go tláith! Teimhligh do chruth!

Tuigthear nach tusa An Calbhach!

Seachain breith an bháire a-nú

i leith láimhe nó ar lánchlú!.


27 Sibh an tansa ó taoi ’na bhfail,

iúlchlann gConaire ó Chruachain,

oir dá méin, a mheic mheic Chuinn,

gomadh réidh deit gach dodhaing.


28 Síol nDálaigh nar sgáth le sgoil

éirigh díobh gidh díobh th’athair

is bí, a chroinn chneasda chroidhe,

feasda do chloinn Chonaire.


29 Acht amháin go seachna sibh

méin choda don chrú a deirthir,

a maith sa n-iorghail n-ágha,

go hionbhaidh a hadmhála.


30 Grádh a-niú ar ghníomhaibh goile

ó tá ag caomhchloinn Chonaire,

bíodh grádh na healadhna it fhail,

a ghrádh treabhadhbha Tuathail.


31 Aithnidh damh dream don chuire

nach léig ’na leith gortaighe

’na meatacht méine gidh eadh,

a cheapalt méinne Míleadh.


32 Mór bhfear oile don aicme

nach séanfadh seal adhainte

a ngruadh tre ghortaighe an ghrinn;

ní tuar lochtoile a luaidhim.


33 Mar chúis molta measdar sin,

cruas ábhachta i gcrú an chinidh,

’s gan olc do dhéinimh dá dhruim

- port gach éinfhir a n-abraim.


34 Is greann caomh gan chruas méine

tug dóibh, d’áitheas iúilchéille,

gabháil a n-olcrúin re a n-ais;

radháigh fhortúin i n-eanghrais.


35 Dá réir sin seasfaidh tusa,

a mheic mhiadhaigh Maghnasa,

cruas ábhachta na bhfear bhfis;

rámholta an treabh do thuairis.


36 Ní mór n-aireacht n-úr do shuidh

romhaibh riamh isan gCréachtaigh

acht aos iúil go bhfios bhfortail,

fios gach iúil ’ga n-orrachtaibh.


37 Bíodh nach bhfuil cruas id’ chroidhe,

gabh leis mar chrú Conaire,

ar an gCréachtaigh an gcéin bheir

- céim nach séantair le a sruithibh.


38 Muna dearna sibhse soin

do-bhéartha - gér bheart phudhair -

a chaomhchroinn go gcruth toile,

guth do chaomhchloinn Chonaire.


39 Dóigh go measdaoi thiar is thoir

gur do bhuaidh bhaoi ar an gCréachtaigh

gan aon fhial d’fhosdadh innte,

a chiall osgar n-innillte.


40 Gur bhrisis buaidh an bhaile

dá gcluineam, a chliaraidhe,

dleacht uainn a iomaithbhear ort,

a sduaigh fhionndaithgheal éadrocht.


41 Do-bheir maith oirbh, a fhir ghráidh,

fíorthnúth na féile d’admháil;

a admháil ní haimhleasg lat

’s tairmeasg fa a admháil orat.


42 Urasa daoibh déanamh air,

dá dtí a am nó a uair chugaibh,

dúthchas féile na ríogh róimh

- do líon Éire dá n-onóir.


43 Aithghearr bhíos gach beó ag adhnadh

cosmhail ’s an mhaith mhiadhadhbhal

as dúthchas daoibh gus a-niodh;

caoin re clúchlos bhar gcineadh.


44 Ós clú dhál oireas d’fhéile

dá mbeith cion ar chloithmhéinne

ní anoirfeadh do dhál di,

a ghrádh daghfhoithneadh Daoile.


45 Go raibh meas ar mhéinne an chlú,

a uí Chuinn as chaoin miadhchrú,

ibh digh dá ndearmaidfe a ndál

fir ba teannghailte teannál.


46 Teagasg airdghéag gcraobh ó gCuinn

díor dúinn, tre dhíoghrais gcumainn,

go tocht dá dtréad i n-inmhe;

béad gan locht a luaidhimne.


47 Bun ós cionn ó tá re treall

uaisleacht ard iúil na hÉireann,

dearbhtha nach nár daoibh is damh

ar n-aoibh, gá dtám, do thurnamh.


48 A mheic Maghnais mheic mheic Cuinn,

tuigthe daoibh dála an leathtroim,

a dhreach niamhdha an chrotha caoin,

a ghriangha srotha Samhaoir.


49 A chnú don chrobhaing fhíre,

a ghéag d’fhiodhbhaidh úirfhíne,

a mhéin chiúin dan róghar rath,

a mhóradh iúil na n-eólach.


50 A áineas glan, a ghlór grinn,

a chroidhe fírfhial fairsing,

a laoich armshluaigh aicme ar sean,

a bhalbhuaidh mhaicne Míleadh.


51 A threas draige isna deabhthaibh,

dá mbeith ágh ar Eireannchaibh,

níor leanbhdha i ngarbhghoil bhar ngluinn,

a Chalbhaigh dhealbhdha Í Dhomhnaill.


52 Go hiath Cruachna an chaonfhuinn dil,

daoibh ar dteacht ón tír thuaidhin,

a ghlór suairc le dtreabh ar dtoil,

mo-chean dod chuairt, a Chalbhaigh.


53 Dá maireadh Fachtna Ó Fearghail

mac Rosa an rúin oireamhnaigh

- flaith go n-ágh méine nar mhion -

féile fa lár ní léigfeadh.