firstLine"; ?>

1395. Mo-chean doit a Ghrainne gharbh $
Length: middling 18qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
  2. Connacht
Classes:
  1. possession mp
Manuscripts:
  1. Francis. A 25 B. MagNiallghuis c. 1610
  2. RIA 2(23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  4. RIA 1404 (24P/41) T. O Neachtain 1723-
  5. NLI G 132 Tadhg O Neachtain 1726-49
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 33
Motifs:
  1. imagery for subject
  2. description of weapon
  3. liberality to poets
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (Stoneyhurst, Egerton 112)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Aodh Og mac Aodha
Patron Surnames:
  1. Cname only
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo-chean doit, a Ghráinne gharbh


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 33]


1 Mo chean doit, a Ghráinne gharbh,

ní mairg do bhiadh ort d’éanarm;

a réalta is déarghoirthe dath,

shéanta bhéalshnoighthe bhaoghlach.


2 A mhionn sgothamhail sgine,

a bhéisd neimhneach náimhdidhe,

a chneas garbh saoirmhíondubh seang,

a aoinríoghan arm nÉireann.


3 A bheithir leadarthach lonn,

a rogha an uile iarann,

a shéad fine duailgheal dubh,

a bhuaidhreadh cridhe curadh.


4 A chailg ar nách déantar díon,

a áilleagán na n-airdríogh,

a bhéal doirche an doruis mhóir,

a sholuis oidhche um iarnóin.


5 A ghearradh snáithe saoghail,

a airdrí gach iolfhaobhair,

a chúis tnúdha ós cionn croidhe,

a mhionn súla sochoidhe.


6 A mhír cruadha an chrotha buig,

ní rug do chéile comhruig,

’sní bhéara, a chneas mar chubhar,

sgéala ón treas i dtángubhar.


7 Gidh í an tiomna - gá dtám ris?

gé madh beag an luach leighis,

fáth róaithfir dod ghné ghloin,

ní gnóaighthir é ar h’éachdoibh.


8 Ní fuair neach ar druim domhain -

gi bé teach i dtarlabhair -

fios droichliamhna riamh ót rath,

a ghrian sgoithniamhdha sgiamhach.


9 Maith séan dá dtarla tusa

d’Aodh Óg mhac an Aodhasa,

do dhamhna ríogh fhréimhe Cuinn,

do dhíol do chéile cumuinn.


10 Tusa a sháithsion do shéad bhuadh,

a sheanshaoghlach áith fhionnfhuar,

giolla ó ráith bhéimeannaigh Bhreagh -

do sháith d’éinearradh eisean.


11 Meinic do tógbhadh tusa

mar gheall iomaid ionnmhusa

do ghlún mhíonchaomh í Mheadhbha,

re súgh bhfíonchaor bhfíneamhna.


12 Meinic tug asud, más fhíor,

i dtuillmheadh d’adhbhar airdríogh,

éigne ón Bhóinn bhionnfhoclaigh bhuig

iomarcaidh óir is arguid.


13 Meinic fríoth céad da gach crodh

asuibh ó Aodh go hollamh,

ar son clú an mhongabhraigh mhoill,

re hollamhnaibh crú Criomhthainn.


14 Tusa, a lasair nár leónadh,

níor saoileadh go seicheónadh

géag sheanAolmhuigh na sreabh seang

ar dheaghfhaobhruibh fhear nÉireann.


15 Ní fhoighdís daoine an domhain

tusa ón déidgheal dathamhail -

bas gheal dar éigin umhla -

acht fear éigin ealadhna.


l6 Tú ar chomhaidh airgid nó óir

ní fhoighdís cách i gcéadóir

ó orsain shlóigh bhonnbháin Bhreagh,

’sníor dhóigh t’oghbháil ar éigean.


17 Ó chodhnach chloinne hEachach

níor ghabh ollamh ainbhreathach

ní ar talmhain acht tusa amháin,

amhlaidh dob usa t’agháil.


l8 Ón uair fár hiarradh thusa

ní bhia d’éis an Aodhasa,

a shaorollamh bláth ballach,

cách d’aonollamh orramach.