Poem in printable PDF format
Mo-chean duit-se,
a thulach thall
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 10]
Laoiseach Mac an
Bhaird
1 Mo chean
duitsi, a thulach thall,
fád thuisleadh ní
subhach sionn;
damhna sgíthi do
sgeach dhonn,
cleath chorr
do-cíthe ós do chionn.
2 Sgeach na
conghára, crádh cáigh,
na háit comhdhála
do-chínn,
buain na
craoibhe, mo lá leóin,
daoire ’na
dheóidh mar tá an tír.
3 Dubhach mo
chridhisi um chum
fád bhilisi, a
thulach thall;
an chleath ó
bhfaicinn gach fonn,
do sgeach chorr
ní fhaicim ann.
4 Do bhíoth dhamh
ag dénaimh eóil,
an ghégsoin fá
gar do mhaoin;
fada siar ón
tírsi thuaidh
aníar uaim
do-chínnsi an gcraoibh.
5 An ghaoth ar
bhfoghal a fréamh,
craobh gan
bhloghadh doba buan;
ní tearc neach dá
ndearna díon,
sníomh na sgeach
fá teadhma truagh.
6 Gég chruthach
bá corcra lí,
mé dubhach má dol
fá dhlaoi;
mairg nár smuain
ar dhaoirsi nDé,
’s go bfuair me
fád chraoibhsi caoi.
7 Do teasgadh ar
n-aoinchreach uainn,
an chaoimhsgeach
dob easdadh d’eón;
sgé a samhla níor
fhás a húr,
dhúnn go bás badh
damhna deór.
8 Mo chreidhim go
bruach mo bháis,
mo-nuar nach
éirghionn ar-ís;
ní fhaicim cnoc
na gcleath gcnuais
nach gluais lot
na sgeach mo sgís.
9 Cnoc na
gconghár, crádh na sgol,
a n-orláimh
námhad a-niodh;
d’éis a learg as
dubhach dhamh,
tulach ghlan do
chealg mo chion.