firstLine"; ?>

140. A-niu ceadachtach Chlann Adhaimh $
Length: middling 18qq
Certainty: 5
Period:
  1. 16th ult)
  2. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. religious
Manuscripts:
  1. RIA 782 (3/C/18) Aindr. MacCruitin 1709
Motifs:
  1. Envoi to BVM
  2. the Mystery of the Incarnation
  3. Mary’s role - contrasted with Eve
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Dair... (RIA 782)
Poet Surnames:
  1. cname only [MacBruaideadha?]
Apologue Subclasses:
  1. The Annunciation
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

A-niu céaduchtach chlann nÁdhaimh

[RIA 782 (3/C/18), 259]

Tadg mac Dair[e Mac Bruaideadha?]

[Séadna, Dán Díreach]


1 A-niu céaduchtach chlann Ádhaimh

d’éis na tuitm(h)e tárla dháibh

ní fhuil ní nar fhill ’na n-aghaidh

gur chinn an Rí(gh) cabhair cháigh.

2 Ón tráith fá nduaidh Éabha an t-ubhall

gus an ám-soin aithiosg fíor

ní dhearrnaidh síol Ádhaimh uile

gníomh do shlánaigh duine dhíobh.

3 Lá na sanaise as [s]é an lá-so

lá ionar labhradh leas gach fir

glór réidh as ar hobadh ainmhian

tré chogar tséimh Ghaibriail ghil.

4 Go ttáinig aingiol an athar

d’fios na hÓighe ar aittreb Dia

sloinnfiod go mín tré chóir ccuinne

brígh an ghlóir do-rinne ria.

5 “Beanncha(i)dh dhuit” a-dubairt Gaibrial

“a ghnúis ruithnigh go r[osg nglé?]”

a chara [leg. labhra?] nár hiompódh lé héara

tionntógh anma Éabha é. [= Ave?]

6 “Lán do ghrásaibh a-tá tusa

a-tá in tiaghurna is tuar báidh

ma-raon ruibh a riogha(i)n iodha(i)n

dár sguir díogha(i)l chionadh cháic[h].”

7 “[Is]ad bennaighthe (thú) idir bhanntracht

bennaighthe fós ferr gach cnuas

toradh do bhronn ar lí an lile

ion[ar?] crom Rí nimhe a-núas.”

8 Criothnuighi(o)s lé clos an aing(h)il

ingion Anna iongnadh lé

n[ío]r gabh an ainnear go hathlamh

ar chan aingiol dathghlan Dé.

9 Ré Muire a-rís do ráidh Gaibríal

“ná gabh [romham?] eagla a ógh

fuarais [...] ón grás tréd ghníomhaibh

as [leg. ar?] fhás tribh is miorbail mór.”

10 “Geabha ad bhroinn is beara daghmhac

a-dearthar Íosa d’ainm r[is]

mo-chen ben do thuar in toirc[h]ios

mo-chen fuair an foilc[h]es [fis].”.

11 [...]onad Dáibhí is dó rachas

do ráidh Gaibrial gnu[...] ga[...]

buan a rígh[e?] acht gé rig foirfe

gígh ar nach [..................].

12 [..............................] [260]

[..................................]

[...........] de ga deanam disi

go nde[anud?] se [..............].

13 [...] ach ní ’na ní iongnadh

d’oibrighthibh Dé deimhin so

[...] ír dhuinn amharus orra

glansholus rúin dorcha dho.

14 [...] ongnadh do fhás an tan-so

tímchioll duinighthe Dé bhí

[...] as gach foirm di(o)bh dá nderrna

nách doirbh don Rí(o)gh neamhdha ní.

15 [...] bheartha Mheic na maighdion

do mháthair Dé diongna in céim

[...] na clí níor chorb Muire

ní bhí tolg san ghloine ón ngréin.

16 [...] na in mháthair orrderc

iongnadh sin as sia le a reic

[iongnadh bheith?] do Dia ’na dhuine

’s ’na Dhia ar mbhreith do Mhuire a Meic.

17 [...] ní do neithibh

ní hiongnadh mais eadh dob áil

[...]gh dur comhang an chruinne

d’fulang a cclí Mhuire a-mháin.x

18 [...] de mathar an Mheic-sin

mé dá bhrugh go mbeiri(dh) an rí(gh)

[...] nach targaidh claon cionadh

ádhbhadh na naomh n-iodha(i)n í. [A]-niu...