Poem in printable PDF format
Mo-chean théid i
dteaghdhais Phádraig
[Shane Leslie,
Saint Patrick’s Purgatory (1932), 174-5; edited from NLS
Adv. MS lxiv]
Aonghus Mac Aodha
Ruaidh Í Uiginn .cct.
1 Mo chean théid
i dteaghdhais Phádraig
port do aithigh
éarlamh Dé
mo chean fear dá
bhfuighe a fhéasgain
teagh luighe as
arbh éasgaidh é.
2 Ní heagal libh
i ló an mheasa
’s mac Carplainn
ag ceilt do locht
gidh mór trá don
uile ar fhéaghadh
a-tá a dhuine at
éanar ort.
3 D’éis ar ndul
fa ríoghfuil ríogh
ní díoth dhúinn
méad ar míghníomh
is gur réidhigh
bior an bhuinn
gach cion dar
éirigh eadruinn.
4 Ar gach
guasacht is guais linn
sirim ort a ua
Iaichim
mo shaoradh ót
fheirg ’n-a ham
's ar faobhar
deilg na ndearnann.
5 Lá
coimhthionóil oighre an Athar
oircheas uamhan
re chrú ndeirg
tú a Phádraig
nachar fheall oirne
geall fhágmuid re
doilghe an deilg.
6 Gabhaim
comairce Phádraig
naomh nar sáruigh
a chaingean
do bhreith m’anma
gan míothaom
i measg
fhíornaomh is aingeal.
7 Colum
caoimhsgéalach Cille
Bréanainn is
Brighid Banbha
déanadh re
Chríost mo shíothcháin
mar aon ’s an
príomhfáidh amhra.
8 Guidhim Mo
Laise is M’Aodhóg
agus an naomhógh
umhal
Caitir-iona is í
ghuidhim
i ló an fhuighill
dom fhurtacht.
9 A Chaillín a
chrú croidhe
le cách uile is
it éanar
foillsigh oram do
mhíorbhal
ná gabh ó Iosa
t-éara.
10 I n-iomdhaidh
Phádraig fheartaigh
cá bhfuil
leabaidh as cruaidhe
ná leig orm a
Mhic Mhuire
pian as uille ná
an [uaire].
11 Tighearnach an
naomh uasal
Ciarán Cluana
agus Sineall
mar aon is naoimh
an bheatha
ná-m-leigid
seacha i n-ifreann.
12 Comhglan is an
naomh iodhan
gá mbaoi an
t-ionadh i dtámuid
ag triall dúinn
as a leabaidh
go mbeam tre
fheartaibh Pádraig.
13 Lúicifear
Sátan saobhluath
’s an daorshluagh
fhuil ’n-a dtiomchal
a Mhuire féagh
dom lochtaibh
[is] mé ar na
holcaibh iomghabh.