firstLine"; ?>

1402. Mogheanair ghabhas cairde $
Length: middling 16qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. Cambr. Add MS 3082 O’Reillys 1598-9
Prints:
  1. text Carney POR no. xvii
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. Material rewards for poetry
  3. patron’s liberality to poets
  4. Proverbs
  5. Puns
Poet Christian Names:
  1. Domhnall (Cambr. Add. 3082)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Pilib mac Aodha
Patron Surnames:
  1. O Raighilligh d. 1596
Apologue Subclasses:
  1. Diarmait mcCerbaill grants poet tribute of Ire.
  2. Mac Coise given kgship of Ire. for a year
Meter Vars:
  1. RannBheag
Poem:

Poem in printable PDF format

Mo-ghéanair ghabhas cairde


[Carney, James: Poems on the O’Reillys, Dublin, 1950, poem 17]


Domhnoll Mac an Bhaird .cc.


1 Mo ghénair ghabhus cairde

cidh fáth mairge go minic;

gémadh doirbh le cách eile

cóir do ghabh meisi Fhilib.

2 Dá mbeith go bhfuighthe uatha

[tearc riamh nach cuala acht misi]

díol a láimh ó lucht ainbhfis,

dob fhearr leam cairdeas Pilib.

3 Maith leam mo chor ar cairde

d’fhios a<n mh>aighre on Bhúill b...ghloin

minic riamh tarla ar duine

a leas chuige . . . .

4 Grádh cumainn oighre Seinéd

[ní thig acht leithsgél dlightheach]

do ghluais mé in uair-si a hUltaibh

gé cumhain le neach dhlighius.

5 Féchthar in dearbhadh cumainn

fá dtiucfainn féin in fad-sa;

dearbh leam go dtiocfa chugam

mo dhuais ón ghuthmhall ghasda.

6 Inneosad uaim go hathlamh

dóibh in tan-sa mur tharla,

teid le dán go rígh Éirionn

slat chaomh na gcéimionn ccalma.

7 Idh orchomhail nárbh fhada,

duas dob annamh ag aoighidh,

a raibhe ar láimh mic Cearbhoill,

go deimhin dearbhaim daoibh-se.

8 A gceann aimsire oile

sleagh gá snoidhe ’na fhochair

a bhfríoth ag an fhial ógbhán

tairgidh d’óglách in ollaimh.

9 An treas uair ris nír ronnadh,

in t-ollamh ó’d-chí a dhuine,

cíoschána críche Fódla

in trath do tógbhadh chuige.

10 Bríogh an sgeoil do sgaoil meise

ar fhear in einigh oirrdhirc:

a mbíodh ’na láimh do-bheiriodh,

ar neach ní cheiliodh choidhche.

11 A mbí a láimh in fhir mhaireas

dáilidh go haireach d’éigsibh;

mac Cearbhoill is mac Aodha

ar dhaonnacht a ccló a chéile.

12 Measaim dá mbeith ag Pilib

ríoghacht an fhir-sin oile

gomadh ionann mo chairde

agus cairde Mic Coise.

13 Ní clú do dénamh einigh,

go deimhin is dó is casmhail;

ann ní hoirchios a mhúnadh,

“snámh an dúthchos don lachain.”

14 A-tá air ó aois leinibh

ainm laoich is einigh ordhairc;

d’fhior lér mhian clódh a ratha

tuargain darach do dhornaibh.

15 Creite dó agns bíodh orainn

ar mo cholainn go ccuireabh

laoidh cumainn ar-ís uainne

da mbeam in uair-si buidheach.

16 Muna bheam réidh ré ’roile

ó chroidhe, a chaomh coirpsheang,

uaim ar-ís nocha dtiobhur,

“geall re sionnach a chroiceann.”