Poem in printable PDF format
Mo-ghéanar
cheanglas cumann bainríoghna
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 72]
Fear Flatha Ó
Gnímh cct.
1 Mo-ghéanar
cheanglas cumann bainríoghna
seangbhas
ghlainghríobhdha dá gcumam déanamh daighriaghla;
do-ghéan ceangal
ar cóir neimhdhíoghla
re hóigh
mbinnríoghna nach earradh ainliamhna.
2 Ní mairg do
bhual fa a breith dtrócuirigh
Luan an
tslóghcuiridh dar mbreith ór mbréigceanaibh;
ceanglam re mnaoi
nach deonuigh ar ndíthdeaghail,
ar mbeoluibh
íceamhail, ar gcaoi i gcéiteamhain.
3 Cumann ó
ríoghain mar í ní fhuaramar
do-chualamar go
síodhuigh sí gach síriomadh;
do chionn deich
míle is míle naomhainnear
aondaingean dar
mbreith san ríghe do-ríneamar.
4 Le rígh na
ngrás réidh gion go rabhaimne
budh léir mo
bhanaighne ar dhá chás dar gcobhairne
cur díoghla nach
éidear ’n-ar n-aghaidhne
daghaighne
ríoghna ’s a céidfhear dá comhairle.
5 An tí do bhaoi
róinn ar an ríochruinne
a chíochbhuime
’n-a hóigh ’s ’n-a mnaoi mhórchloinne
do iadh fa chách
mar chasadh bhféathloinne
ar n-éanchoillne
fa bhláth ar lasar lóchrainne
6 Ar bhfíon fionn
i gcoraidh chófraithe,
ar mionn
órchloiche do thoghail nach tárfaithe,
ar [ndámh bhinn]
do bhreith gach aonchluiche
le saorfuithe
sinn ar bhreith an bhráthlaithe.
7 Baincheann na
n-ógh bhfionn i bhflaitheamhnas
raicheanglas riom
’s ní har ór ná ar eichionnmhus,
bean as
teachtaire ar mo cheann ón chaithirlios,
as fhearr
aithimrios ar mbeartaine i mbreitheamhnas.
8 Gruadha breaca
as eisiomláir don fhíneamhain,
leaca mar
shídhealaidh gcneisiomláin gclúimhiodhain,
ruisg mar
eighreadh, earla mar órfhalaigh,
meanma óghamhail
is deighbhean don Dúileamhain.
9 Soitheach do
bhraich na dighe diadhachta,
cridhe riaghalta
do mhaith ar mórfhalta,
bean nach
faidfhéagh ar chách a gcaollochta,
táth na
daonnachta, aigéan na hóghachta.
10 Mór budh
leigthe le mnaoi maillbhréithre,
eitne na
pailmfhéithle i gcnaoi dar gcollbhláithne,
ar n-ortha
loghaidhne i ló na hionnráithne,
iomshnáighthe dhó
ar a comhairle a combráithre.
11 An laoidhse
róinn re seise dar saothairne
don óigh
mhaothainnre as treise ar a triathoidhre,
bean nach
dingneadh ó dhoras ar ndíochuirne,
ar solas
ríochoinnle, ar n-inghean Iachaimne.
12 Ní maoidhte
dhamh ar an óigh n-infheabhdha
’s a car re
tighearna róinn do rolabhra
dá rann déag do
dhúthracht ar n-ealadhna
is méad mo
cheanfhaghla i dtnúthghort na togharma. Mo ghéanar.