Poem in printable PDF format
Móirsheisear
laoch lingeas troid
[Mac Airt, Seán,
Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 27]
Fearghal mhac
Lughaidh Mhic Eochadha .cc.
1 Móirsheisior
laoch lingios troid
ar shliocht
Sheaáin Óig ordhraig,
cuaine an
ghairgleómhain ón Ghleann,
airdeóghaidh
uaille Éireann.
2 Fiachaidh ’s a
chlann taoibh ré taoibh,
clann Aodha,
Conall, Cathaoir,
seacht
nguaisseabhaic an Ghleanna
’na
n-uaithneadhaibh imreasna.
3 Atáid gan fhear
dá n-easbhuidh
timchiol na
seacht saoirfhear-soin;
tearc nách
ionshóidh don fheadhuin,
seacht ttionóil
do thréinfhearaibh.
4 Timchillid lé
triath ó mBroin
oirior Bóinne,
brugh Tuathoil,
líon deabhtha fá
trom ttionóil,
’s na tealcha im
fhonn Éireamhóin.
5 An uair do
ghleósad is Goill
fán ngallráith
ndaingin ndíoghuinn,
rug sluagh
Raghnallach go réidh
buadh na
n-achtrannach n-aigmhéil.