firstLine"; ?>

1405. Molfaid Conallaigh Clann Tail $
Length: very long 54qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. RIA 743 (A/iv/3) 17th cent.
  2. NLI G 167 Seamus MagUidhir 1727
  3. RIA 215 (A/v/1) ? 18th cent.
  4. TCD 1280 (H.1.6) Aodh O Dalaigh 1758
Prints:
  1. transl. Knott, TD no. 3
Motifs:
  1. traditional immunity of poets
  2. Material rewards for poetry
  3. poet rescuing kindred
  4. Attack on poet
  5. dangers of satire
  6. Persecution of poets by English
  7. legal terminology q. 20
  8. historical allusions
  9. childhood, fosterage
  10. poet’s companach
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall mc Mathghamhna (NLI G167)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Aodh mac Maghnusa
Patron Surnames:
  1. O Domhnaill d. 1600
Apologue Subclasses:
  1. Aireag Meanman Uraird Meic Coise
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Molfaid Conallaigh clann Táil


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 3]


1 Molfaid Conallaigh clann Táil,

guais gur comhartha conáigh

do shíol daghRosa ón Mháigh mhoill

na faghlasa Chláir Chonoill.


2 Atáid re hathaigh d’aimsir -

síol mBriain ’san chlann Chonaillsin -

thart thall i gcomhar dá gcur,

moladh ann agus aorudh.


3 Do-nímis éigse an taoibh thuaidh,

molta shíl gConaill chrannruaidh

’na n-imdheargadh do chloinn Chais,

croinn fhinnleargan an Fhorghais.


4 Do bhearnsam, gi bé fachain -

éigse shíl gCuinn Chéadchathaigh,

clú seinshleachta móir Mogha,

róimh eighreachta an eangnomha.


5 Ní dhéanmais duain móir molta,

nó fiú an éanroinn ábhochta,

gan leith diomolta ag cloinn Chuirc,

croinn dob iongonta d’fhóbuirt.


6 D’eagla gomadh éigean dún

ar n-aighthe orra d’iompúdh,

ar síol mbúidh gcaithréimeach gCais

aithmhéileach dhúin a ndéanmais.


7 ­Ní ar son gcruidh ná gcupadh n-óir,

séad mbuadha nó brat ndonnshróil,

fríoth linn adhbhair na haoire

ar dhamhraidh bhfinn bhFormaoile.


8 Acht file maith ón taoibh thuaidh,

gearr ó shoin­ - dia do dhiombuaidh -

thort thiarain i magh Mumhan

do ghabh d’iarraidh ealadhan.


9 Smacht Gall i Mumhain Mheic Con,

tarla dhó - dia do phudhor -

do bhreith ar ollamh nUladh,

ar mbeith ollamh n-ealadhan.


10 File Í Dhomhnaill Dúin na nGall

le smacht adhuathmhar eachtrann,

gá dtám? - acht torchuir bu dheas,

gur chomhchuir ár na n-éigeas.


11 Ansmacht Gall dóibh fo deara

siad d’fhulang a oidheadha;

ní ar chloinn Shadhbha is cóir a chion,

gé tharla dhóibh a dhéiniomh.


12 Gidh eadh, do himreadh linne,

tre anuabhar m’inntinne,

rinn ar bhfhírfheirge ar fuil gCais,

do mhuin díbheirge is díomais.


13 Do-nínnse féin, mar gach fear,

ní nách dlighfinn do dhéineamh

ar cloinn réidh dtoirbheartaigh dTáil,

céim do oirdhearcaigh m’éagáir.


14 Tarla dhúin ’na dheaghaidh soin

cogadh d’éirghe eidir Ultaibh -

fachain raghoirthe gruadh nglan -

is sluagh cladhfhoirbhthe Chruachan.


15 Do fógradh ag fuil Dálaigh

gan charaid gan chompánaigh -

clár tirmlíggeal na dtonn mbinn -

d’imdhídean fa fhonn Oilill.


16 Mo chomhghaol, mo charaid féin,

cuirid orm d’fhiachaibh ainnséin

dol do shúr chomairce is cuir

ar thromaicme ndúr nDáluigh.


17 D’éis ar chaitheadar riamh ruinn,

iomthúsa chinéal gConuill,

cor lem anacal níor ál,

anshocar cor na gcompán.


18 Ní abraim nách ionann damh

is síol gConuill dom chreachadh,

curaidh tréana Bheann mBoirche

dom éara um cheann gcomoirche.


19 Mar do-chuala ar chansad ruinn

as t’uchtsa a Aodh Í Dhomhnuill,

red ghnúis ndeirg líodhuinn leithghil

líonuim d’fheirg is d’aindeithbhir.


20 Fógra dhaoibh ós aird oruinn,

a rí sleachta saorChonuill,

a luagh d’eineaclonn ní fhuil

ag sluagh mheidhealtrom Murbhuigh.


21 Beadhgfaid croidheadha clann ríogh

dá ndeachar uaibh fa eissíodh,

lasfaid saoraighthe gruadh nglan

do shluagh fhaobhairthe Almhan.


22 Gé atámaid fa cheann ar gcruidh

ag cogadh re cloinn Dáluigh,

ní théarnó uan i nUltaibh

luagh éanbhó dom iomurcaidh.


23 Gidh eadh, suidheóchaidh sinne

ar chathaibh chuain Duibhlinne,

gur chreachsad a mbí im baile,

a rí cneasbhog Calraighe.


24 Adéar go ndearna tusa

díoth damh, a mheic Maghnusa;

íoc san ní nách dearnais damh,

a rí Bearnais, do-bhéarthar.


25 Ar an gcorsa, a chiabh sgothach,

fuair seisean, Maol Miolsgothach,

róm ó chlannaibh Néill náraigh,

an réir n-annaimh n-éadalaigh.


26 Fear do shaorchlannaibh shíl Néill,

tosach an adhbhair eiséin,

ó Mhac Coise fhuair oidhidh;

a loise uaidh ardoighidh.


27 Bagraid, ar bhfás a bhfaladh,

dol d’argain an ollomhan -

ógbhaidh shéadarsaidh shíol Néill -

mon ngníomh n-éagosmhail n-aigmhéil.


28 Mac Coise ó do-chualaidh sin

téid i gceann airdríogh Oiligh,

sduaigh croidheathais far ciúin muir,

fa sdiúir oireachais d’Ultaibh.


29 Siris Domhnall mhac mheic Néill

sgéal ar an ollamh ainnséin;

fear sgeóil d’innisin dob fhearr,

innisidh eóil na hÉireann.


30 Fóchtais Mac Coise an gcuala

sgaoith d’uirsgéalaibh ionnuara;

tig tairsibh d’éis aroile,

do ghéis bhaisghil Bhóroimhe.


31 Ó do ghabh Ceasair clár Breagh -

sgéala diamhra Ghuirt Ghaoidheal,

do ghloin mheabhra fhuair uile

ag sduaigh mheardha Mhaonmhuighe.


32 Ar thoghail a thoighe féin

cumais an t-ollamh ainnséin,

sgéal fábhaill nách fuair reimhe,

dá ghruaidh álainn ainglidhe.


33 Do ráidh Iorard, is é a shuim,

cuid do dheirbhfine Domhnuill

gur thoghailsead a theagh féin,

treabh na solaisleag soiléir.


34 Rí Oiligh an fhuilt chleachtaigh -

tug Domhnall mhac Muircheartaigh

luagh na díthe nách dearna

dá ghruadh shíthe shoidhealbhdha.


35 Leithead a aighthe d’ór ghlan

tug d’eineaclann don ollamh;

beag sin dá éarcuibh ile

ó thréantuir ghil Gháirighe.


36 San mbréig do chum ar chloinn Néill

dáilid don ollamh ainnséin

maicne ghéag mbastana mBreagh

asgadha nár fhéad d’áireamh.


37 Roighne a bhfáinne, a gcuach gclochach,

Mac Coise, Maol Miolsgothach -

maith do-chuaidh críoch a bhagair -

fuair san díoth nách dearnadair.


38 Cóir Meic Coise ar chlannaibh Néill,

go bhfios damh, a dhreach shoiléir,

ní beag í d’aoncháir oraibh,

a rí caomhChláir Chonchobhair.


39 Na seóid uaisle, an asgaidh chruidh,

fuair Mac Coise ó chloinn Eóghuin -

créad as nách dáilfidhe dhamh,

a ghéag cláirThighe Chruachan?


40 Níor bhean riomsa, a rí Line,

ar ghrádh nó ar fhuath n-oirbhire,

bheith maithmheach fán gcúis gcéadna,

a ghnúis aithneach fhíréanda.


41 Gá dtám ris, a rún creidmheach - ?

acht meise féin foidhidneach;

cor duinndeise fad ghruaidh ghil

a dtuillise uaim d’fhuighlibh.


42 Do iarrais orm, a fholt lag,

mo chrodh d’iomghabháil orad -

ní bhí acht ar n-ionnarbadh ann,

a rí fionnardghlan Fréamhann.


43 Ar ghrádh th’einigh innis damh,

an suidhfeá innte im ionadh,

a chodhnach shíl gcúlchais gCuinn,

óm thír dhúthchais dá ndeachuinn?


44 Cia ar bioth dá dtiobhra tusa

gealladh cuir nó cádhusa,

a sgiath coimhdhe chuain Uladh,

oirne an uair do fhógrubhar?


45 Deacair go bhfuighinn feasda

go bráth d’éis bhar n-aitheasga,

a ghéag thaobhthana ó Bhóinn Bhreagh,

aonchara is cóir do chaidreabh.


46 Ós agaibh féin, a thaobh thais,

do hoileadh mé, a mheic Maghnais,

sé dhún ar doimheanma ag dol,

glún mh’oileamhna dom athchor.


47 Eatorra do hoileadh mé

gur chaitheas urmhór mh’aoise;

mór comhaltas gach ríogh ruinn,

do shíol gclodhfholtchas gConuill.


48 An uair fa dtigthí ar Íbh Táil

dom láthairse, a fhlaith Iomgháin,

nó ar chloinn shéimhsheing naoidhe Néill,

ní dhéininn daoine dhíbhséin.


49 Bréigneócha meise mé féin,

má bhím éantamall aimhréidh

red ghruaidh saoir gcorcra gceólchair;

do mholta ót aoir éileóchthair.


50 Do-ghéan gréas ionnuar aoire

dhuitse i ndeaghaidh mh’éagaoine,

bhias ’na adhmholadh d’fhuil Táil,

a thuir abhradhubh Iomgháin.


51 Síol mBriain - is blagh dá sonus

go n-éireócha mh’fholtonus -

pór deighshíl a Caithir Chuinn -

re maithibh cheiníl gConuill.


52 Da mbeith aithreachus oraibh

san díoth dúinn nách dearnobhair,

do-ghéabhainn, a ghruaidh bhreacdhonn,

’sdo-bhéarainn uaim eineaclonn.


53 Móide is ciontach clann Dálaigh

fa chor i gceann chompánaigh -

nár ghnáth dhóibh déineamh faghla

róinn ar éinfhear n-ealadhna.


54 Ní fhuil do thaobh Chuirc nó Chuinn

umad, a Aodh Í Dhomhnuill,

fuil ríogh lér dhligheabhair dol

nách bíodh d’fhileadhaibh umhol.