firstLine"; ?>

1406. Mor a-niu ag cach o Chathal
Length: long 42 1/2 qq
Certainty: 3
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 540 (C/iv/1) 17th cent.
  2. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. envoi to other patrons
  3. imagery for patron
  4. qualities of patron’s character
  5. hosting, sluaigheadh
  6. spartan life of warriors
  7. prophesied ruler
  8. legal terminology
  9. Classical allusion
  10. proverb ? q. 22
Poet Christian Names:
  1. Gofraidh (RIA 540 - ‘G mac Briain’Stoney)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Cathal mc Aodha & mc Maire [ni Ruairc?]
Patron Surnames:
  1. O Conchobhair
Apologue Subclasses:
  1. arrival of Lugh at Tara
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór a-niú ag cách ó Chathal

[RIA 540 (C/iv/1), 205r/v and 184r/v]

Gafraidh Mac an Bháird cecinit

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Mór a-niu ag cách o Chathal

agra is follus fiadhnachadh

a-muich an uair-si ag an fhior

fuil san úaisle n-éirgedh.

2 Iomdha nach airmhid dó-san

a-muich ag cách da conndas-[s]ans

(i)s ní meanma a mhaithiomh gidh edh

o naiterr Temhra tuicter.

3 Fear fíach is fer a ttabhaigh [205v]

Cathal mac I Conchabhair

fioghradh samhlaighthe slat mBreagh

fa bhánfharcher mac Miledh.

4 San tsin da n-éirgeadh abhóg

dob ferr comhtha an Chathal-ód

le lucht máoinedh mhuíghe Bhreagh

croídhe a n-aoidhead[h] ’s a n-inghen.

5 Fioghradh sighnach séla [a]n(a) náoimh

siansá an mhíledh ’s an macáoimh

i mac Mháire ón bhúannaidr brais

le stúaghadh fáidhe foruis.

6 Féich dáora dob fath osnaidh

don chóigchrích don chomhairsain

lá déinmhe an dán[n] do ghébadh

bárr Éirne do aigéradh.

7 Máoite do chách a gcuid féin

aca an tan-sa ó tuir mínréin

(i)s gan beach aolmhuigh riú do roinn

eidir fháobhráibh chrú Chríomhthuinn.

8 Do bheith da ndhúisceadh a dhriuch

aimsir égnach na ttoicteach

ag sgoith mhuíghe Fáil fóids[h]in

áil (i)s na huile urchóidibh.

9 Mór n-oireacht fa agra an láoich

da ttíosad tonn san iomgháoith

le fleisc ccná [leg. crua?] do chaithfeadh díol

narbh ainchen d’ua na n-áirdriogh.

10 Do leanfaid[h]e (do) ló an tabaigh

seanlorg each clann cConchabhair

le gríbh n-ainsilidh fhóid Breagh

fa tháirsíghibh cóig gcóigedh.

11 Slighthe stéd chúaine an Croibhdheirg

go sruth nEalmhuin n-iobhairderg

(i)s go Ma[i]gh do lenfaidhe leis

is go sáil eachmhoighe Iorruis.

12 Do bhíadh ionnradh a inidh

da n-éidibh da n-innilibh

leis ó Aighne an colbha chu[i]rr

o Cnodhbha ó Aighne o Acoill.

13 Do dhíolfadh dáimhe Mumhan

uair ar eallaigh fhionnUladh

is cléir Uladh úair eile

ar búaibh Mumhan moigrighe.

14 Da mad í Éire a-nallúd

an rí ag bárr na mbachall-úd

macaomh cé is catharsa ar ghal

dob e a Cathal-so Cathal.

15 Coinniol an chendois fhedhna

da gcoinleadh an choinnealbhra

um chlár brasghlan na ttrí ttonn

dí do lasfadh a lóchrann.

16 Da músglad[h] san macacht ríogh

splangc éigin d’f[h]íoch no d’[fh]airbríogh

ní tar Cathal Choille [a]n(a) Sgáil

do racha[dh] coinne an chonaigh.

17 Da madh súas don feracht each

le linn cairpteach chrú Luíghdheach

cerd le a bhféchtáoi fuinniodh sgor (?)

a-dertháoi coinniol Cruachán.

18 Da gcluinedh do bhéra[dh] beadhg [184r]

caismert ghlíadh no geóin bháiscelg

no no dórd um cogar gcreach

no um logharr colg no craoisech.

19 Séis anrudh ag éirghe a-mach

le gaibh corro ag cur bhratac

tonn i ngroidh le gáoithreodh sleagh

ag soin áoincheól da n-oirfeadh.

20 Sodh budh díol le a dhreich shúbaigh

sreath luachra fáoi ar fhérthulaigh

buinne go bhfhúacht fulacht bherr

le hurachtart no chogaidh.

21 Gan d’foirm leis on la fa leanbh

mac Aodha na n-each sríandherg

is tinghel raithmhóir ad-roigh

do sgaithphóir imledh Airtigh.

22 Ceithre míana meic flatha

congháir cheól cu[i]rm ealatha

as se is cridhe ag Cathal óg

slighe a athar ’gon fer-ód.

23 Ní tuileadh ar a thred féin

ua Bríain meic Echach airmghé[i]r

a meanma re méin a shean

réim na healbha re aigneadh.

24 Da ma[dh] a hinnsibh eile

[do-]riacht go ráth Laoghaire

a gcrich Airt na n-each seolta

bech ó nAirt do (t)hait[h]eónad [leg. -ta?].

25 Dar haithnigheadh amlaidh sin

Lúgh Lamfada lá i tTeamhraigh

codhnach ochta a min Mhídhe

ar ttocht[a] i [leg. a?] ttír tairngere.

26 Da bhliadain dég do ’ma (il)le

Lúgh mor mac Céin meic Cáinte

ar sgoil Mhanannáin meic Lir

o mhuigh abhalláin Uisnigh.

27 Da lenbdhacht ní lenfad thall

mac Eithne a n-innsi Manann

lenfa[d] tra ar a the(i)cht[a] i-noir

ar la a theachta go Temhraigh.

28 Tuath(a) De Danonn na ndeighréim

le n-úa cCáinte cCrídhinbhéil

an tann-si i ttreibh Logha

do-gheibh bainnsi Boromha.

29 Amhlaidh thainic an tan-sa

ceird nar chleasach [leg. chleacht?] an fhedhan-sa

re tocht don dáoineach dearcghlas

ar aoineach don oirachtus.

30 Cáoine a thoichim ag toighiocht

ní mhuídhfe[dh] le a mharcaig[h]eacht

bailg ar áth no fioghradh feóir

iongnadh ag cách fa a gcairptheóir.

31 Dar thimchil fa thrí an t-áonach

Lúgh Clíach na gcolg n-órdhírech

sul rug meanma a aithne air

ar fhaith[ch]e Temhra an trath-soin.

32 Sáithidh a mac Céin clíaraigh

fán bhfhaith[ch]e n-áird n-ilshríanaigh

lí gach radhairc cenn i gcenn

ag tabhairt na ttrí ttimchioll.

33 Tairngerthach Fod(h)la fuil son- [leg. sonn?].

Lúgh Temhra tTúath De Danu(i)nn

briocht ai thile (?) ’na ghrúaidh ghil

ga crídhe úain nach aith(gh)in.

34 [A]n aithne ceadna da chur

a-nio(gh) ag síol gCuinn ar Chathal

croídhe nach miondalach meadh

ioldanach tíghe Taillten.

35 [Ní] hiongnadh d’éigne Cnodhbha [184v]

breith Logha a los bharamhla

mac I Conchabhair chr[a]oi(dhe) Breagh

don loinnchuraidh gnáoi Gáoideal.

36 LeathRuarcach Teamra na ttor

súdh compair Connaill Ghulboin

gég fár tamhnaigh fuil na bhFhionn

tuir do tarrnger an Tailgionn.

37 Grúaidh líneach dar labair Fionn

feadh labhra do lí Éirionn

mionn Mhoighe sgor[aigh] [a]n(a) Sgáil

le dtoraigh Baile Bhearcáin.

38 Deór aille do crú an Croibhdheairg

foichne ón Éirne iobhairdeirg

splangc theinead[h] o Chlár Chonga

lér geini[o]dh ágh urruma. Mór...

39 D’inghín Uilliam I Maoil Mhúaidh

banua Néill Uisnigh fionnfhúair

gan féghain ni dlighther dhamh

(an) frémhfhuil do chritherr Cruachan.

40 Rob sén i gcuinne mhaisia

d’Anna an tochmhairc tarraisi (?)

rob seimhidhe ar sonna soin

rolla céillidhe um Crúachain.

41 Rob túr sleachta rob sén gnáoi

crioch a dhula um dhún seanÁoi

go ttarga iar n-úair re hAnna

’na búaidh n-anma 7 n-urroma. Mór...

42 Mag Aonghusa adhrus dhamh

is Áodh Óg o Chuinn (?) Crúachan

’sa[n] treas easna rér fhúaigh sin[n]

Mac Díarmada Dúin Laithrinn

táin fíal dar n-éignibh togh(th)a

tríar do éignigh m’áontogh(th)a. Mor...