firstLine"; ?>

1408. Mor an feidhm freagairt na bhfaighdheach $
Length: long 35qq
Certainty: 3
Period:
  1. 15th ult
Areas:
  1. Scotland
Classes:
  1. Petition mp
Manuscripts:
  1. NLS Adv 72/1/37 Bk Dean Lismore 16c
Prints:
  1. transl. Watson SV, no. ix
Motifs:
  1. poet invoking blessing
  2. patron’s liberality to poets
  3. prowess in war
  4. horses
  5. faighdhe, begging
Poet Christian Names:
  1. Giolla Coluim (Bk Dean)
Poet Surnames:
  1. [Mac an Ollaimh]
Patron Christian Names:
  1. Eoin Og mac Eoin (Eoin Cathanach?)
Patron Surnames:
  1. MacDomhnaill, lord of Islay (d. 1499?)
Meter Vars:
  1. Seadhna ghairid
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór an feidhm freagairt na bhfaighdheach


[Watson, W. J. Scottish Verse from the Book of the Dean of Lismore (Scottish Gaelic Texts Society, Volume 1, Edinburgh 1937), poem 9, p. 66-81]


A ughdar so Giolla Coluim


1 Mór an fheidhm freagairt na bhfaighdheach

thig fá seach,

an drong gus a dtigid go haidhbhleach

ar gach leath.


2 Neach dá n-iarraid bíd go haidhbhleach

seach gach fear:

umhla dár chuir dún i ndaidhbhreas

gusa bheag.


3 Beagán do shloinneadh na bhfaighdheach

sloinnfead duibh,

an uair thigid fir na faighdhe

d’fhaighdhe chruidh.


4 Bíd go mín cairdeamhail caibhneach

mar is dluigh,

’s an uair chuirthear iad ar chairdeas

cia nach tuig?


5 Gabhaid míghean roimhéin ghairbhe

agus ruid;

cromaid cnuasuighid a mailghe

muin ar muin:

“go bráth nocha chara caingne

sinne dhuit.”


6 Seagh na bhfaireann bhíos ’nam aigneadh

tuig go math:

’n uair is léir, giodh olc an mhaidean

nó go maith,

do-níd éirghe ghrad, go raghrad,

Ró na rath.


7 Cantar leó, “Cha linn nach aithreach

ar dtosg féin;

fíor gach seinbhriathar tá i dtaisgidh

i mbí spéis:

riocht na ndrochcarad ar aistear

thig i gcéin.”


8 Éirghim-se ann sin ar sgáth náire,

’s budh ghnáth bhruid;

’s do-bheirim dhóibh lán na láimhe

do mo chuid.


9 Canaid riomsa le gean gáire

ré maoin bhuig:

“ar an dáil is mór an bráighe

thugadh duit;

a h-aon mhac samhla ag mac Ádhaimh

nocha nfhuil.”


10 Beagán do shloinneadh na bhfaighdheach

sloinnfidh mé:

meic Uí Shúiligh, meic Uí Anmoich

iad i gcéin.


11 Meic Uí Mhoichéirghe, lá samhraidh

iarras gréin;

meic Uí Shirthigh, meic Uí Shanntaigh

iad go léir.


12 Tiogfaid mná dhíobh d’fhaighdhe chaorach

orm fá seach;

go sonnradhach sanntach sirtheach

thig gach bean.


13 Cuingidh diallaid, iasad easrach

ar a h-each;

beiridh sirtheach nó dhá shirtheach

lé mar neart;


14 Agus giolla bhíos fá h-aodach

don treas fear;

agus inilt do-ní daondacht

ar gach neach.


15 Mara bhfaghbhaid faighdhe chaorach

uam le gean,

do-níd bagradh agus fraochach

gan bheith beag:

’s é ainm bagartha an dá shirtheach

fatha fead.


16 Tiogfaid faighdhigh dhíobh ré shotal,

Rí na ríogh,

giolla mo ghroighe ré chogar:

“druid a niar;

innis focal nó dá fhocal

dhomh go dian:


17 Gá h-each as fearr thá ag an ollamh?”

’s é adeir siad;

“cionnus éirgheas é san tosach ?

créad a fhiach?”


18 Mion lem ghiolla-sa re bhrosgal

comunn cliar;

gach each innseas é ré shotal

gheibh mar bhias.


19 Iarrthar ormsa h-aithle a theagaisg,

thall ’nar dtoigh,

an t-éineach lúth is lí d’eachaibh

do bhí ar ghroigh.


20 Beag nach faighdhe mheic is athar

í mar sin;

créad a nois do-ghéantar againn

uime sin?


21 Rugadar ar mba is ar gcapaill

as ar dtoigh;

’s í ciall as fearr atá againn

triall ré gcois,

go fionnta cóich as fearr acfhainn

ré dol ar toisg.


22 Go taigh Eoin Mheic Dhomhnaill dámhach,

chorcas rinn,

d’fhaighdhe ar an fhear laomhsgar lámhach

rachaidh sinn.


23 Gach ní tugamar gus trásta

cuma linn,

más é mac Eoin, an folt ánbhog,

íocas rinn.


24 Giodh ceart cam leat, a rí bearnais

na n-arm nocht,

aithíoc na faighdhe nach dearnais

do chur ort,


25 [...] mé ar do ghealbhois

a thoirt dhomh;

dod mhuintir-se, a mheic uí Fhearghuis,

thugas crodh.


26 Muintir dhuit, agus é i nAlbain,

gach flath fial;

muintir dhuit na faighdhigh amhlaidh,

a fholt fiar.


27 Dá dtíosadh an fear a Francaibh (?)

seachad siar,

canaidh é ré do ghnúis dheargglain

as math niamh:

“Muintir mise d’Eoin óg eargnaidh,

aige bhiam.”


28 Muintir dhuit ó mhuir go monadh,

Dia dod dhíon!

gomadh tú ghabhas an soladh

dlighe a íoc,


29 Gion gur íocas cion dá ndearnsad

ar a gceann.

Canaidh riomsa an súlghorm seangbhog,

ag ól bheann:


30 “Aithíoc na bhfaighdhe nach dearnas

íocthar leam;

do-ghéabhair uam í go h-earlamh,

nó ní’s fearr;


31 “Na ba is na capaill do sgaoilis

as do thoigh,

mara beag lat uam do dh’aoineach -

bó ar do bhoin -

searrach sleamhain seingmhear saoitheach,

aire ghroigh.”


32 Adéarainn-se a nois ruaig mholta

dod ghnúis réidh;

“is tú as cruaidhe i ngréis chrothta,”

canfaidh mé;


33 “ ’S tú as buige do bhronnadh longaidh

réd linn féin;

is tú as fearr fá chlaidheamh corra

as math féigh.


34 “Is tú as fearr fát ór ’s fát ionnmhas

do chloinn Chuinn;

ní mó ort ná uisge ionnlaid

dod bhois chuirr

bhar n-oineach ’s bhar ndéirc ré iomlaid

druim ar dhruim.


35 “Is tú as cruaidhe ag cosnamh tíre

nach bí id sheilbh;

bheith it aghaidh, a rí Íle,

mór an feidhm.”