Poem in printable PDF format
A-nocht is
uaigneach Éire
[Ó Raghallaigh,
Tomás: Duanta Eoghain Ruaidh Mhic An Bhaird, Galway, 1930,
poem 16]
1 Anocht is
uaigneach Éire,
do-bheir fógra a
fír-fhréimhe
gruaidhe a fear
’sa fionnbhan fliuch,
treabh is
iongnadh go huaigneach.
2 Uaigneach
anocht Clár Connla,
gé lán d’fhoirinn
allmhordha;
sáith an Chláir
fhionnacraigh fhéil -
don Sbáin
ionnarbthair iaidséin.
3 Ag triall gan
lochta tar lear
uainn do
roighnibh mac Míleadh -
gé daoineach don
fhádbhuig fhinn-
fágbhuid gan
aoinneach Éirinn.
4 Mór tuirse
Ulltach san airc,
d’éis Í
Dhomhnaill do dhíobairt,
’s ní lugha fá
Aodh Eanaigh
cumha ar an taobh
thuaitheamhain.
5 Gan gháire fá
gníomhraibh leinbh
cosc ar cheol,
glas ar Ghaoidheilg,
meic ríogh, mar
nár dhual don dream,
gan luadh ar
fhíon nó ar Aifreann.
6 Gan imirt, gan
ól fleidhe,
gan aithghearradh
aimsire,
gan mhalairt, gan
ghraifne ghreagh,
gan tabhairt
aigthe ar éigean.
7 Gan rádha
rithlearg molta,
gan sgaoileadh
sgéil chodalta;
gan úidh ar
fhaicsin leabhair,
gan chlaisdin
ghlúin gheinealaigh.
8 Ní cluintear
san chríchsi Bhreagh
gníomh aon aicme
mhac Míleadh,
(neart Danair ní
sruth siobhail)
nó guth gadhair
Gaoidhealaigh.
9 Níor thuit cara
tar a ceann,
ní faghthar
troid ’na timcheall,
mo thruaighe mar
tharla aniodh
labhra uaithe ní
héistior.
10 Dá mbeith
compán nó cara
do chlainn Néill
anallanna,
do-chífeadh mar
tarla an tír,
’s do-chífeadh
damhna a deimbrígh.
11 Díbeirt
Ghaoidhiol Ghuirt Bhanbha,
gé atá a chlú ar
chath n-allmhardha,
fearg Dé re cách
dá gcolgadh
is hé is fháth dá
n-ionnarbadh.
12 Do thairrngir
fáidh - fada liom
a fhearg ré
huaislibh Eirionn -
nách maithfídhe
le Dia dháibh
go dtia a
n-aithrighe d’éanláimh.
13 Féachadh clann
Chonaill cia dhíobh
nachar thuill
fearg an Airdríogh,
is féachadh síol
Eoghuin air,
[is] deoruidh
díobh ar ndéanaimh.
14 Féachadh clann
Chárthaigh ó Chliaigh,
ríoghraidh
chrodha chrú shaoirBhriain
cia nár thuill a
dtarla dhóíbh
fa Bhanbha Chuinn
i gcéadóir.
15 Féchadh clann
Ír nar ob cath
is síol mBriain
mhóir mhic Eathach,
Laighnigh is
clann na gColla,
’s gach clann
ainghidh eatorra.
16 Fine
Gaoidheal, Fionnghoill féin,
tearc dhíobh dá
gcluintí a gcaithréim,
nachar
thairrngair tocht le teann
gar madhmadh olc
na hÉireann.
17 Rug ortha (ní
cóir a cheilt)
an bhruid do bhí
san Eigeipt,
nó an líon sa
Traoi do thionóil
nó an sníomh do
bhaoi ar Bhaibiolóin.
18 Ní hé an
éanuair amhlaidh sain
do chuir Dia a
ndiaidh an pheacuidh
iomad cráidh,
bochta agus broid,
gorta [agus]
pláigh is peannoid.
19 Cionnas
do-chuaidh cian ó shoin,
so shíol Eabha
agus Adhoimh
déanamh
neamhthola Dé dhóibh
dar sgé fearthona
an aieóir.
20 Féachadh cách
cionnas do-chuaidh
ar dtionsgnamh an
tuir Neamhruaidh,
dar thuig sé
uabhar gach fhir
gan uamhan Dé ar
na daoinibh.
21 Pobal Maoise
dár mhó A thoil
féach cionnas, is
cúis bhaoghail,
a gcogadh ar
Cheard na ndúl
’s A fhearg dar
obar d’fhadhugh.
22 Pobal Iúda, A
fhine féin,
dár chóra Dia do
dheighréir,
fuair aithbhior
tar gach ndroing díobh
tré choill
aithniodh an Airdríogh.
23 Iomdha cúis
iongnadh eile
fríth leis i ló a
n-aithreighe
do dhíon a
dhaghphobuil féin
ar shníomh
armchoguidh aigmhéil.
24 Dá mhéad do
thuar gach drong dhíobh
ag tuilleamh
fheirge an Airdríogh
fuair aithrighe
cháigh ’na gcoir
maithmhighe
dháibh na dheaghoidh.
25 Aithríghe
anois don nós sin
truagh nach
déanaid meic Mhilidh,
do bhreith na
díbhfheirge dhíobh,
do sgeith
fhírfheirge an Airdríogh.
26 Ó atá an cuan
iom chrích bhFeamhain
an broid cionnas
cuirfeadhair
don fhréimh
naoisi chéibhfhinn Chuinn
’s gan Maoisi a
nEirinn againn?
27 A Thríonóid ga
dtá an chumhacht,
an mbía an dream
so ar deórudhacht
ní budh sia ó
chathaoirlios Chuinn,
nó an mbía an
t-athaoibhneas aguinn.
28 Frémh
Ghaoidhil na ngleo nimhe
go dtí t’fhiorta
a n-aithríghe
a gcortha iomdha
ar Cheard na ndúl
’s fearg an
Choimhdhe do claochlúdh. Amen. Anocht as úaigneach Eire.
1 Ón chruthsa ar
cuireadh Gaoidhil
ni bhiad feasda
forbhfaoilidh -
fada leanus an
léan dáibh -
ré sgéal dá
fheabhus d’fhagháil.
2 Ni fhuil díobh
fear a hiomchair
d’éis ar imthigh
d’Éirionnchaibh
ríoghradh Bhanbha
fa bhroid troim
ag goid ar n-anma
asoinn. Anocht is