firstLine"; ?>

1411. Mor an lucht arthraigh Eire $
Length: long 39qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Other mp
Manuscripts:
  1. RIA 625(3/C/12) O’Curry trscr. of BOCD
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. NLI G167 Seam. MagUidhir 1727
Prints:
  1. text DiD no. 107
Motifs:
  1. imagery for patrons
  2. creach, cattle raid, plunder
  3. Foreign conquest of Ireland
  4. landscape withering in ruler’s absence
  5. general grief
  6. legal terminology (finne)
  7. Historical Comparison
  8. Sea-voyage
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (BOCD) mac Fearghail (G167)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
Patron Christian Names:
  1. Cuchonnacht Og
Patron Surnames:
  1. MagUidhir et al.
Apologue Subclasses:
  1. Jason’s ship Argos takes Troy
  2. Noah’s ark
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór an lucht arthraigh Éire


[Mac Cionnaith, L. Dioghluim Dána, Dublin, 1938, poem 107]


Fearghal Óg Mac an Bhaird .cct.


1 Mór an lucht arthraigh Éire;

siar tar sleasaibh seinBhéirre

do-chuaidh an tonnbhán tráichtte

uainn i n-urlár éinbháirce


2 Do ghad a hanam aisde

Éire na gcuan gciomhaiste

dá éan uachtair chuaine Chuinn

do ruachtain uain-ne i n-aonluing.


3 Dá eite lúith Leithe Chuinn

rugadar san bháirc bheannchuirr,

críoch na Niall d’éanlucht uile,

siar ó fhéarGhurt Úghoine.


4 Ó Néill, Ó Domhnaill díon sgol,

Ó Domhnaill, Ó Néill neartmhar,

glóir Banbha i mbáirc na deise;

tráicht fhalmha dá inneise.


5 Aodh rathmar, Rudhraidhe dil,

do-chuaidh ’s gan iad-san d’áirimh

cuire san luing-sin tar linn

do thuirrsigh uile Éirinn.


6 Rugsad Éirinn is iad sain,

rugsad leo ar fhuirigh uathaibh,

an dá iarla d’fhuil na bhFionn

tre a bhfuil an ghriangha i ngéibhionn.


7 Bíd cách a bhaile i mbí a dtail;

ana Gaoidheal Ghuirt Fhionntain

is toirthe craobh Fhuinn Uisnigh

ar-aon san luing luchtmhair-sin.


8 A bhfuil san luing-sin do lucht

ní dhearna - dia do chumhucht -

ar Mhúr Dá Thí Teach Lughaidh;

creach mar í ní hionnshamhail.


9 A leithéid d’éinchreich oile

níor ghluais Conn ná Conaire

Fád Fuinidh ó thráigh go tráigh

le Mág Uidhir don Easbáin.


10 Caithréimeach an chreach-sa siar

le codhnach catha Oirghiall;

rug dá choróin Chláir na bhFionn

don Sbáin is onóir Éirionn.


11 Caithréim mar an gcreich-se a-nonn

ní dhearna Tuath Dhé Danann

fa chreachBhanbha na gcall sean

ná clann mhearchalma Mhíleadh.


12 An chreach rothrom rug tar muir

ní thiocfadh aon dá hiarraidh

sgiath comhairghe crú na neart

tre chonnailbhe acht Cú Connacht.


13 Fa truagh leis cheana a chomhghaol

fa ainbhreith eachtronnmhaor

dá dtug Mág Uidhir a ucht

ar Fhád Fuinidh dá bhfurtocht.


14 Fa truagh leis treabhadh Teamhra

’s clann Mhíleadh fa mhímheanma

dar ghluais tuir fionnMhuighe Fáil

do mhuin ionmhuine ón Easbáin.


15 Gá dás acht an tráth tánaig

cuirthear leis ó leachtFhánaid

- eachtra do uaisligh a rath -

teachta ar uaislibh na nUltach.


16 Conall Eoghan Inse Breagh

gluaisid ainn-séin ós íseal

fa fhios caithleomhain Cláir Sreing

- dáil do aithbheodhaigh Éirinn.


17 Do roighnibh Éireann ann sin

Cú Connacht Óg Mág Uidhir

rug lucht a mhórluinge a-mach

tar ucht glórbhuinne ngrianach.


18 Do shaor Mág Uidhir oile

a rug leis d’fhuil Úghoine

’s a bhfuil dí san Bhanbha a-bhus;

go dtí tarbha dá thurus.


19 Tar bóchna na mbuinneadh ngeal

táinig d’fhurtocht mac Míleadh

long Naoi nó a aithghin oile

le flaithghin Craoi Conaire.


20 Eathar muirneach badh mhó fiach

long neartmhar Naoi mheic Láimhfhiach

re mbraondortadh do bhuain de

do-chuaidh aonochtar innte.


21 Long Naoi ó gach linn do lionn

ar fheadh dháilte na díleann

níor léig braon tuile tairsibh

dar shaor uile an t-ochtair-sin.


22 Fearg Íosa fo-deara a dáil -

neach beo ar an talmhain tonnbháin

níor léig an tuile throm-sa

don uile acht an t-ochtar-sa.


23 Sgaoilid ochtar na hÁirce

lán d’aoibhneas is d’fhorbhfháilte

iar ndílinn fan gcruinne gcé;

na sgríbhinn uile mh’fhínné.


24 Lucht na loingei-se an lucht thall,

an díle fós fearg eachtrann;

an Áirc reimhe an bhárc a-bhus

teine i ngach trácht ó a thurus.


25 Ar dhílinn feirge Fian nGall

do chaomhuin sí sluagh Fréamhann

’s na cúig tíre im Fhonn nUisnigh

an long shídhe shiobhlaigh-sin.


26 Gidh ionmhuin ní hionann sin -

do shaor míle do mhíltibh

fan ngortmhagh do ghabh re hArt

dar an ar [n-ochtar] d’fhurtocht.


27 Long eile as aithghin di-se

Argho saor a snoighei-se

- ní riar far dhual a dearadh -

uadh do iarr a hainmneaghadh.


28 Tríd sin fhuair an t-ainm oirrdheirc

bárc nar lia lucht uabhairneirt;

“long Argho” ón uair-sin i-le

tarla ag na huaislibh uirthe.


29 “Long Mhéig Uidhir” amhla sain

bhias ar an athluing éachtaigh

fuair ón Mhanchach baisdeadh binn

arthrach na n-aisdear n-aoibhinn.


30 I luing Argho - anba an rath -

do-chuaidh an ghasradh Ghréagach

caor chonfaidh fa teo tionól

dá dtorchair leo Laimheadhón.


31 Bárc nar bh’fhéidir righe ria

aisde do hionnradh Aissia

le neart slóigh ghasraidhe Gréag,

amhsaine as cóir do choimhéad.


32 Innte do-chuaidh cian ó shain

an lucht do b’fhearr d’fhuil Ádhaimh

ag dul do thaghail na Traoi;

cur ’n-a aghaidh ní fhéadtaoi.


33 Caithréim eile amhla sain

do-ghéantar más fhíor d’eolchaibh

le géagaibh Moighe Midhe,

Gréagaigh oile a n-aimsire.


34 Do-chuaidh athfhoireann eile

i luing Argho a haimsire

do Ghréagachaibh ó Ghurt Airt

lucht céaddachair do chosaint.


35 Ón lucht-sain luinge hArgho

níor iomchuir bárc bheannamhra

lucht mar cholumhna Chláir Bhreagh;

comhumhla dháibh do dligheadh.


36 Muna bheath innte acht iad sin

dá phrímhIarla mac Mílidh

sgoth luinge le lucht badh mhó

tar ucht tuinne ní théarnó.


37 Do chuir fháilte ar croidhibh cáigh

toisg na nIarladh don Easbáin;

’s tug a ndul tar fairrge bhfinn

gul gacha hairde i nÉirinn.


38 Mar mheasdar trá a dtocht le séan

nó a n-anamhain madh éidtréan

bídh don chuir-sin glóir is gruaim

ar fhóir Uisnigh i n-éanuair.


39 An long-sa do imdhigh uann

cluinnsin a heachtra n-ionnfhuar

tug a bhríogh im churp do chlódh;

a lucht fa-ríor is romhór. Mór.