firstLine"; ?>

1413. Mor an t-ainm ollamh flatha $
Length: long 42qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. warning mp
Manuscripts:
  1. Book of O’Conor Don 1631
  2. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  3. RIA 1387 (23/O/78)Uill.R.MacCoitir 1723
  4. RIA 3 (23/L/17) S.OMurch. na R. 1744-5
  5. RIA 257 (23/G/24) M.OgOLongain 1795-
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. education of poets
  3. Material rewards for poetry
  4. Poet’s privileges
  5. poet’s fear of replacement by rival
  6. satire on patron’s treatment of poets
  7. legal maxim qq. 4-5 (eiric & eineachland)
  8. historical precedents
  9. other poets named
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (BOCD, RIA 2)
Poet Surnames:
  1. .i. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. Aodh
Patron Surnames:
  1. MagUidhir d. 1600
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór an t-ainm ollamh flatha

[O’Conor Don, 214a]

In fer céadna cecinit (Eochaidh Ó hEoghasa)

[Deibhidhe, Dán Díreach]


1 Mór an t-ainm ollamh flatha

mestor ge maith ealatha

nach falair d’fhior an anma

cion tar anáir n-ealadhna.

2 Ollamh ar bfaghail anma

da mbeth nach bíadh foghlam(h)dha

ni fairbrigh a chor a ccion

ar son airdrigh da óirdneadh.

3 Ní airmhim ollamh fileadh

coir iomchor ré a aindlighedh

dligidh sé a bfúighbhe d’anáir

da dhuilghe é d’ionghabháil.

4 Rí is easbocc is ollamh

ó lucht eóluis fúaramur

gabhtha uaim-si an iúl orra

triúr as úaisle anmanna.

5 Ionann dóibh [ní] dáil lettruim

díol érca 7 eineacloinn

ionann dóibh cumairce is cion

o trommaicne mór Mhíledh.

6 Gairm ollaimh as é a bhunadh

do réir uird na healad[an](na)

ní thiubre rí inmhe as ferr

don ti da ndingne a dhíthcheall.

7 Gidh edh go bfaghbha a thoradh

mairg do-gheibh gairm ollamhan

a ndimbríog da ndech a chion [214b]

ní breth ionríogh a óirniodh.

8 Dlighter do díograis muirne

sgoth toirbert tús comhairle

gúalo ríogh roinn a chuilte

díol a ccoill a comairce.

9 Dligidh fós beg an ainbreth

rún flatha fonn comhraighnech

a thogha go toluigh síodh

dola a ccoruibh do coigcríoch.

10 Liom féin benus a bríogh soin

mithid lem a los úabhair

bheith ag dreim ré ndligh ollam

ag sin ceill ar canamur.

11 Dar lem féin ní fulair damh

gach einní as oirces d’ollam

da mbeith gan mo chor a ccéim

don té ro-m-togh as toibhéim.

12 Nír chubhaidh riom-sa na ribh

go mbeinn a Áodh Mhécc Uidhir

ag tnúdh rém aithghin ele

aithnidh dhúin nach dlighfidhe.

13 Do chuireas diom a dherc mhall

a raibhe d’fíachoibh oram

ar nemhumhla da ndech damh

meth na healadhna a hóradh.

14 Ag gáibhnibh ghlanta ar ccerde

fúarus fóighredh drithlenda

a leith Mogha a mínleith Cuinn

togha fírbheich ar mfóghluim.

15 Lúamhaireacht na linntedh bfhis

ro cleachtsom fa cerd áinis

do troghsnámh do tomhuis me

orlár fhoruis na héigsi.

16 Ni bhía a aithber acht ort féin

da mbeth go mbei(th)mis aimhréidh

(ní) maith lem nach inbheime inn

a chenn finnfréimhe Féilim.

17 Ní iarrfa sinn-[n]e as sé a shuim

ort acht breth rugadh romhuinn

gach ní tagraim as dleacht dún

ní abraim cert do chláochlúdh.

18 Ad cogar a chnes mur thuinn

ní dhligh duine dul romhainn

trén ós mo chionn ní cubaidh

nó [leg. ná?] sén inn mur ollamhain.

19 Do dhlighfea da ndernta an chóir

didion ioltuath am onóir

argoin túath oile ar m’aithne

’s lúach oile gach ordaighthe.

20 Dlighim bhós gídh be hoile

dúthaidh sochair shíordhuidhe

gan cion bflatha aisde uam

acht sgotha m’aisde n-ionnfhúar.

21 Diomháoin damhsa a derc mhalla [215a]

sgoth t’ionnmhus nó h’edála

gan imle cothaidhe croidh

inme dochaithme an duthaigh.

22 Seininmhe ghach nduine dhinn

feronn a bfochair airdrigh

fá coimhreir ingealta is oir

is imthechta oirshleibh fhasuigh.

23 A rí Éirne ós eidir dhuit

sealbh duinne ós dó a-támuid

fairche lethbruaich laimh rét thegh

nach dáigh creachsluaigh na cáibhdhen.

24 Mun budh dít réd dreich ndearcglais

m’fad úaibh ré hedh n-oirechtus

nír guais liom formad nó fíoch

da mbeinn a ccomrag choigcrioch.

25 D’fíachoibh olluim as iúl fíor

beith laim ré longport airdríogh

sdiúir dhíríghthe os coir ré a chois

a ndóigh fhírfheithme an eóluis.

26 Do mac ollamhuin Uladh

is [t]ríd do togh Conchobur

Dhún Ghenoinn ga ttamuid dho

ré braghaid feroinn Emhna.

27 Ionann [leg. -dh?] Thorna ó Chorc Chaisil

a-tá ar an ccor ccédna-sin

ré hais an ráith fhádbhuig uill

’nar sháith Padraig a pubuill

28 Feronn Cláirtigh fa céim ard

do-rad Maoil Eachluinn d’Iorard

a ngar do gríanfhaithche a lis

do thol fhíadhuighthe an eigis.

29 Brian mac Cinneidigh cruth náir

tug úadh d’Áithes Ó Lorcáin

secht mbaile ní bhiam ’ga mes

a bhaile ar iarr an t-éiges.

30 Lethbhaile laim ris gach lios

’na mbíodh Brían do bhí ag Aitios

do chuidigh ar cinedh Luirc

cuidigh an fhiledh órduirc.

31 Ní fhúair ollamh aca sin

diograis moirne [a] Mégh Uidhir

an úair-si acht gérbh áoibinn dáibh

nach sháoilim úaibh-si d’fagháil.

32 Muna fiú misi [leg. mé] a n-iarruim ort

d’faghail a mheic Con Connacht

rét onóir ciodh nár cúbaidh

cion d’faghail dot ollamhuin.

33 A mesg fhiledh fhóid Emhna

da mbeith nach beinn ionlabra

ní fuláir gur úaisligh inn

th’anair ar úaislibh Eirinn.

34 Do trén is treisi damh-sa

do mhaith as maith oram-sa

ar mbéim-ne doba béim ort

ar n-eirghe is ceim dod qumhacht.

35 Fa t’onoir úaislighter sinn [215b]

tú fúair a bfúaras d’uirrim

do roghairm-si as cuid dar ccion

a bfaguim-si as duit dáilter.

36 Ní mé a-mháin do mheduigh sibh

mor bfiledh a Áodh Mheg Uidhir

fúair ód gnuis géggairthe gloin

cúis mheduighthe gan mháoidimh.

37 Cumáoin duit a dreach tromdha

let uile an t-áos ealadhna

a bfrith úaibh ní diombáigh dháoibh

do-chúaidh a n-iomáin d’éntáoibh.

38 A uaithne orlair tennta

a thonn dhúaibhseac dhílenda

a post comhairle chláir Bhregh

a rómhaigre láir linnedh.

39 A ghéug nach gabhann a sniom

a eisiompláir na n-airdríogh

a fhiormamuint ós fuil Chuinn

a mhuir ionradhuirc áluinn.

40 A fhoghluigh óghdhachta mná

a ghlór ón giorra sámhla

a lot daighríaghla a bhás ban

a shás ainliamna d’fhíoradh.

41 A bharda bruighne foladh

a luibh íce otharghon

a grían nóna a bhíathadh bádhbh

a briathor onna aggarbh.

42 A brisedh breitre flatha

a mic nertmur Núadhfhlatha

a thóir nach tenn ar ollamh

a dhóigh is ferr fúaramor. Mor...