firstLine"; ?>

1414. Mor antrom inse Banbha
Length: long 34qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th mid
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 490 (23/N/15)MmcP Ui Longain 18c.
  2. RIA 257 (23/G/24)M.Og OLongain 1795-
  3. Mayn. M 2 Micheal Og O Longain 1818
Prints:
  1. text Mac Giolla Eain, Danta Ceitinn, 62-7
Motifs:
  1. imagery for patrons
  2. nobility of ancestry
  3. poet as patron’s spouse or lover
  4. prowess in war
  5. caithreim
  6. War with English
  7. English conquest of Ireland
  8. cooperation btn Irish and English
  9. death at outset of career ?
  10. poet’s own mourning
Poet Christian Names:
  1. Seathrun (RIA 490)
Poet Surnames:
  1. Ceitinn
Patron Christian Names:
  1. Seaan mac Eamuinn
  2. Tomas &
Patron Surnames:
  1. Butler (sons of Baron Dunboyne) d. 1642
Apologue Subclasses:
  1. Norman invasion of Ireland
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór antrom inse Banbha


[Eoin Cathmhaolach Mac Giolla Eáin, Dánta Amhráin is Caointe Seathrúin Céitinn, p. 62-7]


Marbhnadh Thomáis agus Seagháin Buitléir, .i. dias mhac tighearna Dúin Bhóinne, do marbadh i gcogadh na hÉireann, ins an mbliadhain 1642.


1 Mór antrom inse Banbha,

truagh éagcruth na hathardha,

críoch ghéig-fhillte bhocht an bhróin,

éigcinnte a-nocht a neamh-ghlóir.


2 Fada an tréimhse atá sise

i n-anchruth fán aindeise

gan fóirithin i ndán di,

rói-rithin dál na daoirsi.


3 Clár sein-tsleachta Míleadh móir,

Éire oirear an anshóigh,

mairg dan dú oighreacht ar fhonn,

i ndiú tré fhoirneart eachtronn.


4 Iomdha buaidhreadh is bruide,

mór ndonas is ndochruide,

tarla i gcrích chreat-chuirr Chonla,

leath-truim, díth is dionn-fhoghla.


5 Iomdha cinneamhuin chorrach

tarla is teidhm leath-tromach

do chrích Bhreagh ghliaidh iomdha glas,

ar feadh Banbha an conncas.


6 Tig na Sean-ghoill tar sáile,

go maicne Míle Easpáine,

táin fhír-bheach, ór bh’ionnlúith inn,

ós mínleach fhionn-mhuir Fheidhlim.


7 Na Fionn-ghoill seo ar dtús do threabh

Fearann cairte clann Míleadh,

tig siad an t-am so ’n-ár dtreas,

do ghníd ’s an chlann so cairdeas.


8 Báidh cleamhnais is cuisleann gaoil,

combáidh creidimh do aon-taoibh,

air-mheas gach oirir ortha,

cairdeas oinigh eatortha.


9 Tig dá n-éis ar feadh Banbha

saoithe ain-teann allmurdha

gan bháidh ris an gcéad-dhroing gcóir,

do shéan-roinn chláir an chomhóil.


10 Na nua-ghoill seo, gidh nós grod,

do nochtsad fíoch is formad,

don dá dhroing chalma chruadha,

do chloinn Bhanbha bhláth-bhuadha.


11 Iomdha gleo go ngrís nimhe,

tugsad ar dtreas tintidhe,

mór n-iorghail fearta dá bhfeirg,

síorthain deabhtha dá ndí-bhfeirg.


12 Iomdha deigh-fhear, ní díth mion,

d’fhóir Fhionn-ghall is d’fhuil Ghaedhiol,

ro-s-taoth i dteangmháil Bhanbha,

baoth eadráin na hathardha.


13 Fóirne Dubh-ghall, ní díth dhamh,

ón dtroid seo atáid i mbaoghal,

gráin ghéir-reann ós gach aoin-ing,

Pláigh na hÉireann éagcaoinim.


14 Mór dúinn tré ar neamh-ágh a-nois,

dá mhac feardha Mic Phiarais,

a marbhadh tré bháidh Bhanbha,

d’amhgar an áil athardha.


15 Tomás Buitléir brath ar bhfuinn,

Seaghán mac maordha Éamuinn,

dá theann ba thorchairthe gail,

dá gheall cothuighthe cogaidh.


16 Dá onchoin i n-am an ghleo,

dá dhraig nár dhóith dá n-aimhdheoin,

dá éigne báineasa Breagh,

téigle áineasa inghean.


17 Dá dhóigh díoghraise deoraidh,

cuileáin cuaine cath-leomhain,

dá theandáil ’nar threise ár mbaidh,

leannáin mo chneis-se ár gcompáin.


18 Lámha i ndeabhthaibh ba dhoichte,

croidhthe gan chruas ndearlaicthe,

port oinigh ón Annúir bhinn,

do ghall-úir oirir Fheidhlim.


19 Do chailleamar, cruaidh an cor,

roighne ár n-óg is ár n-anradh,

dá theinn-bhile do thúir báidh,

do dheirbh-fhine Dhúin Drongáin.


20 Torchair Tomás i ruaig Rois,

ag so dí-ghean ár ndonois,

do aithbhris sean-dáir a suim

ó ghleo Chaith-lis Cearbhuill.


21 Tuitim Sheagháin i Múr Mis,

móide ár gcumha teacht tairis,

mo dhearc tré dholás ro-s-shil,

Tomás ’san leacht i Laighnibh.


22 Dá chúis doilghe na dáimhe,

dá ádhbhar ár n-ur-ghráine,

dá chréacht ár gcíorrbhuighthe sin,

dá éacht iomdhuighthe ár n-imnidh.


23 Dá theidhm leonaidh dár láthar,

bás na deise dearbhráthar,

ár dhá chneas-doigh chridhe cháis,

dá dheascair dighe doláis.


24 Dá fháth maoidhthe don Mhumhain,

dár dúscadh ár ndochumail,

dá bhéad is treise rem theasc,

éag na deise ro-m-dhoimheasc.


25 Mo dhá mhac áilne ochta,

dá bhranán an bhantrochta,

dá réaltuinn iuil an einigh,

dá stiuir éacht-fhuinn fhinn-Fheimhin.


26 Crobhaing do chraobhaibh turra,

cuaine déadla dathamhail,

mic ríogh is ríoghna nár locht,

díorma dár fhíor a n-annacht.


27 Ní heasbaidh lúith ná láthair,

ní díoth sluaigh ná soláthair,

tug oidhidh na mbranán mbinn,

acht an-ágh oirir Fheidhlim.


28 Beag do mhío-rath mhúir Bhanbha,

d’foghlaibh an áil allmhurdha,

sciath ar an oineach i n-ár

díoth ár n-aithreach ’s ár n-ógán.


29 I n-eadráin Fhódla na n-olc,

do thuitsead, truagh an mhalart,

dá throm-fhás ba threise i n-ágh,

Tomás ’s ár seise Seaghán.


30 Doiligh díobhadh na géige,

Tomás mín mac Mairghréige,

stuagh neamh-chorrach an ghlúin ghlain,

ó Dhún each-longach Iascaigh.


31 Cuileán dragáin Dúin Bhúinne

Seaghán socrach seang-Siúire,

ro-s-taoth le gruam-anraidh Gall,

laoch ba chruadh-arnaidh comhlann.


32 Muna truaighe a dtuitim sin

tar chionn coinbhliocht cláir fhuinidh,

mic ghníomhradh, dár ghnáth geallta,

bláith ríoghradh na ríoghachta.


33 Dá mbadh deoin le Dia athair

foghail cniocht do chríochnaghadh,

na hairigh nár bh’fhann re ár linn.

níorbh bh’am dá n-oighidh d’Éirinn.


34 Fán dá mhac so is móide ár gcás

a bhfuair sinn-ne dá sólás,

tuilleadh bróin riom do rannadh,

’mun nglóir ngiorr do ghlacamar. MÓR ANTROM.