Poem in printable PDF format
Mór ar bfearg
riot, a rí Saxan
[Bergin, Osborn:
Irish Bardic Poetry, Dublin, 1970, poem 17]
Gofraidh Fionn Ó
Dálaigh .cc.
1 Mór ar bfearg
riot, a rí Saxan,
a sé a
dhamhna,
do-raduis, ger
mhór a meanma,
brón for
Bhanbha.
2 Ma a leannán
d’fosdadh na hégmais,
d’uaim le
mór-rath,
inis Éirionn an
gheal ghrianach,
as bean
bhrónach.
3 Fuar iompa
inntinn mo chridhe,
cruaidh an
cosnamh,
gén gur b’eagail
do shearg Shaxan
mh’fhearg is
mh’osnadh.
4 Tré chuairt
Mhuiris mhic an iarla
a n-égmais
Bhanbha,
ní théid a bhrón
dí ná a dhiomdha,
mor dí a
dhamhna.
5 Brón ar éicsibh
innsi Fódla
’s ar a
bfionnmhnáibh,
ó do fháguibh dún
geal Gabhráin
fear úr
Iomdháin.
6 Ón ló do
ghluais mac mic Thomáis
an táoibh
leabhair,
- gan féchain
siar acht súil soirin
dhúinn ’na
dheaghaidh.
7 Nó go bfaiciom
seól Sior Muiris
do mhuin
chnairre,
mé ag féchain ar
lucht gach luingi
d’ucht gach
aille.
8 Iongnadh dhúinn
reacht ré rígh Saxan
na slógh
meanmnach,
tré bheith aigi
go mear muirnioch
don gheal
ghreadhnach.
9 Dalta rígh
Saxan Sior Muiris,
maith a
chaomhna,
trén ina mhúr mac
an iarla,
slat úr
aobhdha.
l0 Ní hiongnadh
d’feabhas a mhúinte
- maith dá
ndingne,
ní hiongnadh le
méd a mhuirni
éd ré a
inmhe.
11 Áoibnios
Saxan, sáorchuairt Éirionn,
’gá fhult
niamhda
fear fá mbia
deinmni gach díorma,
eigre an
iarla.
l2 Lé a oide, lé
hairdrígh Saxan,
siobhal
díoghainn,
téid isan
bFraingc n-ealaigh n-áloinn
bfleadhaigh
bfíonduinn.
13 Sgéla na
Fraingce, fios Saxan,
suairc an
comhrádh,
do-gébhthor ’gan
ghasda ghealmhór,
bhlasda
bonnbhán.
14 Buidhioch inn
dá oide múinte,
múnadh
thaisgios,
’sas diomdhach mé
dá fhod fhosdus
an bog
baisdeas.
15 Fuair buaidh
gcéille is gcrotha is gconáigh
ceann an
fhionnshlóigh
gá ttám acht
do-fhuair gach iolbhuaidh
go mbuaidh
mbionnghlóir
16 Nocho ttabhar
a gheall gaisgidh,
ná a gheall
gáoisi,
ná geall a
dheilbhe ná dhuaisi,
d’eighre a
áoisi.
17 Treisi fá
rath, rath go gconách,
croidhe
adhnáir,
ciall dá
choimhéd,
ciabh na bfoighég
arna bfaghbháil.
lS A aimhlios an
uair do-níthear,
do-ní a
dhearbhadh
an fód tegaimh fá
a bhonn bairrgheal
don donn
dhealbhghlan
19 Na
hairdrionnaigh agá fhaisnéis
dá fhult
ngéigfhiar
d’fior a
anbhraith
cion ar an
ardfhlaith as égciall.
20 Lugh Lámhfada
leithéid Muiris,
mhóras dámha,
comhmór bfeasa an
conchlann cródha,
comhthrom
gcána.
21 A n-áois
Muiris mic an iarla
do fhóir
Banbha,
dá ttug leagadh
d’fhine Fhomhra
bile Bladhma.
22 Tadhbhas do
Lugh, leannán Teamhra,
thoir a
nEamhain,
dá ránaig sé ar
súr gach domhain,
múr Té
Teamhair.
23 Dúnta an
chathair ar cionn Logha,
láoch ro
thoghsom,
téid gusan múr
sleamhain slioschorr,
beanaidh
baschrann.
24 Ar an
doirseóir ris an deaghlaoch,
fá doirbh
ruaigfhearg,
cáit as a ttig an
fear áith ógard
bláith geal
gruaiddearg.
25 Ris an
doirseóir adubhairt Lugh,
nár loc
iomghuin
file meisi a
hEmhaim abhlaigh
ealaigh
iobhraigh.
26 Nocha dhlighi,
ar doirseóir Teamhra,
tocht diar
ndaighthigh,
atá fear réd
cheird san chathraigh,
a dheirg
dhaithghil.
27 Teach
Miodhchuarta ag macuibh Eithlionn
um an am-soin
tréidhe an tighe
fheactha fhinn-sin,
teactha
tharrsaibh.
28 Do thréidhibh
Thighe Miodhchuarta,
as mín
críochbhuird
nach léigthior
dís inn re háoincheird,
a fhinn
fhíochbhuirb.
29 D’iomat ceard
ag Tuaith Dé Danann,
dháilios
bruta,
ceird ar nach
bfuil aithne aca,
caithfe
chuca.
30 As dum
cheardaibh,
ná ceil is tigh a
ttá an bhuidhion,
léim ar bhailg is
gan a bloghadh,
tairg dá
thuireamh.
31 Snámh ós
éttreóir,
iomchor dabcha ar
drumuibh uillionn,
atá dhá cheird ar
mo chumhang,
eirg dá
fhuighioll.
32 Fiafraigh an
bfail fear a ndénmha
don druing
neamhlaig,
riagh éineich san
bfaithchi bfionnbhuig,
graifne
gheallmaid.
33 Atá sonn
d’iomurcaidh orra,
an uiriod
tuirbim,
’s ni fhuil ina
gceird mo choimhghrinn,
ní d’feirg
fhuighlim.
34 Ar gcluinsi ar
chan an macáomh,
mór a
thairmséin,
d’agallaimh
Thuath Dé don doirseóir
luath é
ainnséin.
35 Fear san
doras, ar an doirseóir,
rén doirbh
coimeas,
atá an uile
cheard ar a chommus,
an dearg
doinndeas.
36 Damadh é Lugh,
leannán Fódla
na bfonn
sriobhfann,
do bheith ann, ar
Tuath Dé Danann,
dob e a
ionam.
37 Geall n-égaisg
ón fhior san doras,
damhna
leisgi,
nocha ndearnadh
d’úir ná d’uisgi,
dúil dán
dleisdi.
38 A tháobh, a
aghaidh, a earla,
eochair
thogha,
triar ar snuadh
áoil agus umha
agus fhola.
39 Binni a
theanga iná téda meannchrot,
agá míndeilbh
ón sádhail
suan,
a lámhaibh suadh
agá sírsheinm.
40 Asé sin, ar
sluagh na cathrach,
ar gceann
báidhe,
aonmhac
Eithni,
saorshlat ar nach
beirthi báire.
41
Brosdaighthear, ar Tuath Dé Danann,
doirseóir
Teamhra,
d’ionnsoighi na
cráoibhe cubhra,
áoidhe
Eamhna.
42 Mása thú an
t-Ioldánach oirrdearc
an airm
ghlaisgéir,
as mo chean duid,
ar an doirseóir,
a bhuig
bhaisréidh.
43 Tair san
dúnadh, ol an doirseóir,
Dia do
bheatha.
Ac, ná
hosluig,
ar an tslat lér
cosnaid creacha.
44 Teamhair Airt
go héirghi gréini,
geis don
dúnadh
oslugadh an dúin
do dhénamh,
arná dhúnadh.
45 Nír mhill
geasa ghrianáin Teamhra
an teaghlaigh
airmdheirg,
tug céim ar
gcúl,
rug léim isan
mhúr don mhaighleirg.
46 Ní bhrisfeadh
ar bhailg ós abhainn,
d’aighthibh
ógbhonn,
léim áith
éttrom
a dhá ghégbhonn
réidh mbláith mbrógdhonn.
47 Mar sin táinic
go Teagh Miodhchuart
na múr
ngreadhnach,
dár fhóir a fholt
gleannach gabhlach
teallach
Teamhrach.
48 Aithghin Logha
nó Lugh a-rís,
go ráith
Luimnigh,
a thréidhi acht
gan teacht go Teamhraigh,
ceart ro
chuimhnigh.
49 Cosmhail
cuairt Logha ó lios Eamhna
d’fhoghluim
ghairggníomh,
as cuairt Muiris
go lios Lonndún,
d’fios an
airdríogh.
50 Comhachta
mheic Lir is Logha
ag leannán
Manann,
cian uatha é
’sa dhiall ré
Tuatha Dé Danann.
51 Mac Eibilín,
airgnioch Gaoidhiol,
gearr go
ttora,
dár gcabhair tar
mearthuinn mhara,
leathchuing
Logha.
52 Ag deaghoil
Éirionn re hurchra
da fholt
cloidhfhionn
ar Lugh ’s ar
Thuath Dé Danann
é ’s a
fhoirionn.
53 Do líonadh a
los a athar
as úr méine,
an dá oilén arda
uaine,
Alba is Éire.
54 Cuimhnigheadh
céimionna a athar
as úr
deighshén,
as amhlaidh as
cóir gach coilén,
mar a
cheinél.
55 Tiomna do
fháguibh a athair
ga fholt
cráobhnocht,
a rath ’sa ainm
is a iarlacht
is a
áobhdhacht.
50 Biaidh, madh
aithreamhail a aigneadh,
dá fhios
téidsi,
tuilleadh buidhe
an iarla óigsi
ris an eigsi.
57 Ná
grádoigheadh mac meic Gearailt
na nglac
saoirdheas,
go ttuga ucht na
slógh siairdheas,
ól ná
áoibhneas.
58 Fuilngeadh ag
fóirithin Banbha
da bharr
taistiogh
siobhal mara
aidhbhle as uisgeadh
ainmni is
aisdear.
59 Mumha í
Luighdioch ná léigeadh,
gomadh leis
féine
an fonn úr
uaine,
Guaire shúl gcorr
ara cheili.
60 Iarla óg
Deasmhumhan dlighidh
díon na
ttrumshlógh
tugsat do ghéig
Ruidhe roghrádh
uile
d’urmhór.