firstLine"; ?>

1417. Mor ata ar theagasg flatha $
Length: very long 51(Ox) or 56qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. inauguration or
  2. Other mp
Manuscripts:
  1. Oxford Univ. Coll. MS 103 Carew 1605-11
  2. Book of O’Conor Don 1631
  3. RIA 1 (23/D/14) 17th cent. ?Offaly
  4. RIA 2 (23/F/16) O Gara MS 1655-9
  5. NLS Adv. 72/1/44 17th cent.
Prints:
  1. transl . Gaelic Journal 1 (1883), 352-61
Motifs:
  1. envoi to God angels and saints
  2. eulogy of personal appearance
  3. Function of poetry
  4. poet-patron relationship
  5. fertility under just king
  6. functions of kingship
  7. Teagasga riogh, instructions of a prince
  8. King’s officers: oifigigh
  9. historical precedents
  10. oireacht, counsellors
Poet Christian Names:
  1. Tadhg mac Daire (BOCD, RIA 2, 14)
Poet Surnames:
  1. [MacBruaideadha]
Patron Christian Names:
  1. Donnchadh mac meic Dhonnchaidh
Patron Surnames:
  1. O Briain 4th Earl d. 1624
Apologue Subclasses:
  1. Teachings of Morann
  2. Cormac teaches
  3. Fercheirtne teaches Labhraidh Loingseach
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór a-tá ar theagasg flatha


[University College Oxford, MS 103, 58r-60r and O’Conor Don 302b-303a]


Tadhg (mac Dáire) Mac Bruaideadha


1 Mor ata ar theagosg flata

aige a-ta tect deghratha

cur righe a n-eagar madh ail

leagadh tire no[a] togbhail.


2 As [leg. ós] do reir an neith do-ní

moide as inteagaisg airdrí

tig leas no aimhleas in fhuinn

bhes ni hainbfhios a n-abruim.


3 Tig(h) don righ radh go bfiadhain

madh é do-ní neimhriaghuil

cur chaich go leir tar a les

ní he fein a-mhain mhilleas.


4 Teirce daoirsi dith ana

plagha cogtha congala

dimbuaidh ccatha gairbsion goid

tré ainufior flatha fasaid(h).


5 Ag lenmhuin riogh don recht choir

tig a-ris rioghdha an édail

sgeith gach lantora[i]dh re a linn

’s gach leith d’fantolaigh Fheilim


6 Ioth a ttalmuin torchuir cuan

iasg a srothuiph síon nemhfhuar

aige a-ta agus tairthe fiodh

lér bflaith-ne tra go tuilltior.


7 Lionfaid fos madh feirde leis

sretha luchtmhara luingeis

tracht inbherthe mara mhín

roga as inbherthe d’airdrigh.


8 Les tuaithe o tharla ar a laimh

teagosg flatha ni fulair

os e a ndingne an ri do reacht

do-ni innmhe don oirecht.


9 Gemadh oirceas da gach aon

teagusc righ fa recht nemhclaon

as mo is fiach e ar fhile[idh]

le [a] triath os é eisdfidhir.


10 Teagasc flatha as feidm filedh

fogra air ’na aindlighedh

da sanntuighe ceim tar ceart

gan mhein n-anntoile d’eisdecht.


11 Gach righ riamh o re na sen

do biodh leis lendan filedh

ós cionn fhirfheithmhe an iuil gloin

sdiúir dirighe da duthaigh.


12 Mar do chuaidh don rioghraidh riamh

briathra a ufhiledh ’sa faithchiall

go ndeach dar ndeaghrig-ne a-nos

nach neimhdirge an breath béres.


13 Mar do chuaidh teagasg Torna

go ndeach diogruis m’ealadhna

d’úa na mBrian o daghchlar Dor [58v]

ar Niall fa daltan dó-san.


14 Gomadh chosmuil ’s mar do-chuaidh

teagusc Cormaic in ceduair

do chur airde ar fhonn Eachaidh

ar Cairpri lond Lifeachair.


15 Rob ionann greim gebus sin

is teagusc fíorglan Fithil

níorb fhath mhaoithmenma don mac

a rath claoinTemra ar Cormac.


16 Go tti ar nglor re a gruaidh ndataig

mar tegusc Cuinn Cédcathaigh

’sa gheg úr a n-uathadh sluagh

a mur Cruacha o Ciothruadh.


17 Go tti mar tainic as-deach

don righ do Lauhraidh Loingseach

ni ag sireadh neimhriartha neirt

deighbriartha filedh Feirceirt.


18 Gomadh cosmhuil cuid don rath

fuair Feradhach fionn Fachtnach

’s a lan da lortreighibh ruinn

tre glor morceillidh Moruind.


19 Buaidh rioghradh ratha Logha

go mbe ar mac meic nDonnchadha

drem rer minighedh mor bfonn

tre glor righfiledh romam.


20 D’iarla o tTail fan toirtheach fiodh

muinfe misi os diom dlighter

grinnberta asa ttilfe tir

slighthe as inlenta d’airdrigh.


21 Biodh nabudh dalta damh-sa

an ti as ardfhlaith oram-sa

ar ttriathoighre o a-ta ar ar ccosg

dar bfiachaibh-ne tra a teagusc.


22 O fuair cennus chlann Modha

Donnchadh úa Briain Bórama

na biodh an[a] [i]omaithbir air

ag síol fhionndaithgheal Eogain.


23 Tuilledh doib re fior flatha

buaidh ngliadh nert is nemhtacha

rogha síon murchuirthe meas

tuirchuirthe siogh is suaimhneas.


24 Mo glor riot a ri Loimhnigh

tar gach ní na nemhcuimhnigh

narab dail dermuidfe ar ndail

a lamh dearluigthi in domnáin.


25 Tuig a chomhachta os do cionn

follamhnaigh dó fad dithchioll

biodh ad croidhe giodhbe bheas

an te o bfhuile a bflaitheas.


26 Na treig choidhce ceachtar diobh [59r]

serc is oman an airdriogh

tús gach fíregna as [s]e sin

fíor eagla Dhé arna daoinibh


27 Cuir do dail gach laoi ’na leith

aigill go diocra an dicleith

im gach ni bhus eigion ort

an ri lerb eider t’furtocht.


28 Na rioth do reir do thoile

biodh gach laoi a flaith Boroimhe

cuis an pobil uile ar h’aoidh

ni hobuir duine dimhaoin.


29 Na bí reidh fa chuisibh caich

os daoibh dlighther iatt d’ettráin

a gnuis reidh nach reidh ttabach

’s fad chuis fen go friochnamach.


30 Na tuc d’imheirt na dh’ol fledh

d’fonn ceoil na caidream maighden

sín doiberta caich re cert

fo dail th’oirechta d’eisdecht.


31 Ar gradh ar omhan no ar fhuath

na beir bí ad breithemh nemhluaith

breith nách coir a Donnchadh deit

ar chomhtaibh óir no airgeitt.


32 Biodh umad eist a bfuighle

lucht sgagtha chas ccomuirle

gan egla a saruighthe sin

lanfhoirbthe d’egna is d’aim(h)sir.


33 Gomadh lionmur lucht do dhuin

gomadh huathadh h’aos fiorruin

mor do lucht gach gealmhuir ghlain

nach lucht deghruin do dhenamh.


34 Biodh th’ailgine re t’oirecht

caith onóir re t’foluigheacht

do t’shiol merChais-[s]i on maith troid

caith neimhthaisi red namhuid.


35 Do charuid da ccuirid ort

bith tren go techt a n-umhlacht

ar taithlidh da tti biodhba

bi go maithfeach muinnterrtha.


36 Biodh gnuis dorrdha ac dol a nglia[i]dh

lat a cognaidh clann saoirBhriain

is gnuis nemhdorrdha ar fedh n-oil

re ndeghronnfa air fer h’onoir.


37 Bi fraochdha re fer ffoghla

’s go tais d’feruibh ealadhna

biodh do nuadhreach thiugh tromdha

go suaimnech d’fhior th’agallma.


38 Ard a ngniom iosioll n-uaille

fosaidh re hucht n-anbhuaine

biodh do menma a meic ionmuin [59v]

ferrdha a ngleic ’s a nguaisiorgail.


39 Srían réd toil na tair co dian

fulaing ar uairibh h’aimhríar

budh goiride tir do[t] toil

sín th’foighide rett t’uabhar.


40 Na taircc fós ma taoi ar mo thol

dol gan fior catha a ccogeadh

na maith coir a ccomha siodh

madh ail gan dol a nemhbrigh [leg. ndimbríogh?].


41 Na fill faobhar do rechta

o neach d’uaislibh h’oireachta

do crich gegFodhla as e a am

go mbe an cettfogra ar comhall.


42 Comhall breithre briathar mhall

turnamh diomsach dion anfann

smacht ar choibdenuibh car síoth

as bladh d’airdenaibh airdricch.


43 Gemadh lía na ar labhair sinn

tegusc agam at oirchill

biaidh lem an t-aithceall tar mh’eis

aithgearr is fearr an aisneis.


44 Ni mholamh a meic mh’ochta

thusa ge taoi inmholta

dott dheirc goirmiolla a-tú im thocht [leg. thost?]

co g[c]omliona tu ar tegusc


45 Ni molabh co tti ar mo thol

gecca an chnis no in cnes tonnglan

niamhcrainn as nemhcumhga fiodh

d’fhialchoill gealcumhra Ghaoideal.


46 No an gruaidh mar crithir ccearta

no an relta ruisc coinnealta

no an bel deattbhan ar snuadh sugh

gar búan in cedglar chantur.


47 Leicfed diom gan techt tairis

co g[c]omhliona a ccanuim(h)-si

núabraighe ’sa niamh mar lil

rían fhuarmhaille re h’imhlibh.


48 No an t-ucht blaith brises d’airmrinn

no an taobh seda socairslim

no an glun dathghlan chonchair chorr

no an chorrtroigh atlamh ettrom.


49 Molfami-si ’s ni mé a-mháin

sibh a gruaidhchorcra gnuisnáir

da nderna a nduramur ribh

d’fonnrannibh leabhra a laoidh(th)ibh.


50 Biaidh dortt beach os barraibh fhiodh

biaidh luth breac ar fud(h) inber

gott chomhmoladh a[g] chur lem(h)

is tromfhogur dhamh ndileantt.


51 Biaidh an ri da radha ribh [60r]

biaidh an filedh ’sa[n] feindigh

nach bfuighthi a ri dáoineach Dór

aoineach a ccli nargdomar. Mor... [read áoineach budh cuirthe ad comhar with O’Conor Don]

The following additional four quatrains will be found on p. 302b of the Book of O’Conor Don (numbered 52-55 here but not appearing as such in O’Conor Don), and qt 56 below appears after the closure in O’Conor Don on p. 303a.


52 Na caill ar th’iocht na hob do riar

ná leig th’oifig d’fior ainmhian

tig do righ d’aimriar idir

do thír d’ainmían oifigigh.


53 Ni mhollfa me ga mo geall

deghghlaca is deirge foireann

meoir loinnergheal ag breith bharr

tar sreith doiningneth ndioghonn.


54 Na an mheanma chobhsaidh chaithmeach

neimhtreigh esgaid ionnsaightech

soirbh merlaochda ar mhein o mBloid

reidh nemhfraochda re namhoid.


55 Molfaidh grianlaithe is glor en

molfaidh úir uiscce is aier

deghmholfaidh gach duil fa nimh

do shuil nemhdhochraidh nairigh.


56 Aingil nimhe naoimh thalmhan

drong óghesbal n-iodhanghlan

an ri dan saoroirecht so

go tti d’aodhoirecht m’anma. Mor