firstLine"; ?>

1418. Mor coir chaich ar chrich Laighean $
Length: long 32 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Leinster
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. Harvard O’Byrne MS c. 1726<1622 ex
  2. RIA 1404(24/P/41)T.O Neachtain 1723-
  3. TCD1346(H.4.4) Hugh O Daly 1726-50
  4. TCD 1288(H.1.14) Hugh O Daly 1750
  5. BL Egerton 176 M. O Gormain late 18c
Prints:
  1. text LB no. 23
Motifs:
  1. Envoi to spouse
  2. imagery for patron
  3. prowess in warfare
  4. creach, cattle-raid, plunder
  5. territory as king’s spouse
  6. function of kingship (chosnus)
  7. prophecies of ruler (by Patrick)
  8. legal terminology (coir)
  9. historical precedents
  10. echo of another poem ‘Coir Connacht...’
Poet Christian Names:
  1. Fearghal Og (Harvard,TCD1346,RIA1404
  2. Niall (RIA 570)
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird
  2. O Ruanadha
Patron Christian Names:
  1. Fiachaidh mac Aodha mhic Sheaain
Patron Surnames:
  1. O Broin
Apologue Subclasses:
  1. Orgain Denna Rig: death of Cobhthach Caol
  2. Brid: her protection over Leinster host
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór cóir cháich ar chrích Laighean


[Mac Airt, Seán, Leabhar Branach, Dublin, 1944, poem 23]


Fearghal Óg Mhac an Bhaird .cc.


1 Mór cóir cháich ar chrích Laighion,

caoimheanga ar nár cumhguigheadh;

ní gnáth dóigh dá déiniomh dhi,

cóir ag gach éinfhior uirri.

2 Cóir uirre ag uaislibh Banbha;

mór leacht ríogh is ríoghdhamhna,

críoch thiormaibhnioch na ttonn ngeal,

fá fhonn lionnmhaighrioch Laighean.

3 Cóir aosda um nách fuil fala,

atá leacht Briain Bhóramha

a measg óigfhear báinlearg Breagh

a gcóigeadh láimhdhearg Laighean.

4 Atá leacht Murchaidh mheic Briain,

mac ríogh do iomchradh airmghliaidh,

sgath an tsaorchuire ó Bhóinn Bhreagh,

do chóir laochruidhe Laighean.

5 Leacht Conaire cian ó shoin,

leacht Eidirsceóil, a athair,

fonn tiormbuidhe na ttrágh ngeal,

ar lár lionnmhaighe Laighean.

6 Caor óir dob uaisle mianach,

rí Éirionn, Niall Naoighiallach,

íoc a ainbhreath as é soin,

Laighneach an té lé [a] ttorchair.

7 Énna Aighneach nár ér neach

do-chuaidh le laochruidh Laighneach,

agus goin Cobhthaigh Chaoil Breagh,

na honchoin a ttaoibh Tailtean.

8 Goin Fhearghail mheic Maoile Dúin

is Mheic Corb, an t-écht antnúidh,

laoich ó Bhóinn bhailbhleathain bhuig.

róinn le Laighneachuibh leaguid.

9 Ní leasainm “Laighnigh na leacht”

d’fhóir Laighion is fhearr oirbheart;

slógh nár chleacht fhairbríogh orra,

mór leacht airdríogh eatorra.

10 Sé fichid cath do chathuibh

fá Éirinn bhuig bhraonscathuigh

a gcairt laochruidhe Laighion

caomhchuire nár ceannsuigheadh.

11 Cúigior naoi bhfichid, fíor soin,

d’uaislibh Leithe Cuinn Chathaigh,

dob iad sin caomhthaigh Chnuic Bhreagh

do thuit lé laochruidh Laighean.

12 D’uaislibh Leithe Mogha a-muigh

trí fichid [ní fios diamhair],

fá dána fearga na bhfear

a gcnámha a learga Laighean.

13 Ní raibhe go deimhin díobh

acht rí nó adhbhar airdríogh,

mór nglór dá dheimhniughadh damh,

mór ndeighleabhar dá dhearbhadh.

14 Ríomh a ttrácht ní thig lé neach,

échta laochruidhe Laighneach;

d’uaislibh Muighe beannchoirr Breagh

ní gheallfoinn uile a n-áireamh.

15 Tar uaislibh Innsi hEalga

buaidh ar Laighnibh láimhdhearga

a-nú tar gach uair oile,

na sluaigh ó bhrú Boraimhe.

16 Fiacha mhac Aodha uair blaidh,

mar do bhí thall ó thosaigh,

buaidh cáigh ar Laighnibh ré a linn;

do thairngir fáidh a bhfuighlim.

17 Mac Aodha na n-éacht ndoiligh,

maith chosnus í ar fhoghloidhibh,

críoch na n-eang síodhaingleach sean,

ríoLaighneach as fhearr d’áireamh.

18 Mac Sadhbha nách seachain troid,

coinne lag re lucht formoid

ua na ríogh ón Bhearbha bhrais

ní dhearna ag díon a dhúthchais.

19 Dá lucht iomtha [is iúl fíre]

do chosnamh a chaoimhríghe

a Laighnibh níor chlaon a cheann,

craobh do thairngir an Táilgeann.

20 Iomdha fós bearna ar ar bhris,

minic do dhóirt crú a chaoimhchnis,

adhbhar caoimhchéile beann mBreagh,

tar ceann laoichfhréimhe Laighean.

21 Minic tug a gcrú caoilshleagh

eachtra fréimhe fionnGhaoidheal,

fonn toraidh na ttiormthrágh ngeal,

cobhair do lionnchlár Laighean.

22 Críoch Laighion an fhóid ealaigh,

ó fuair grádha gaisgeadhaigh,

dá díon ní thiormuigh a throigh,

an ghríobh ó fhionnMhuigh Édair.

23 Ní gnáth dóigh dá dénamh dhi,

ad-ria bheannachtain Brighde;

breac saoirBhearbha, snuadh mar shuibh,

buadh gach aoinbhearna ar Fhiachaidh.

24 Brighid naomh lé [a] rugadh rath,

fóir Laighion na lann bhfaobhrach,

cuire rér cheangail a cor,

do bheannaigh uile iad-son.

25 Ní cás dóibh gan íoc n-ainbhreath,

“biad-sa,” ar Brighid banLaighneach,

[tuar leóin gan tochta ar a ttoil],

“rompa ’s ’na ndeóidh a ndeabhoidh.”

26 Lé Fiachaidh do fíoradh soin,

a n-ébhairt inghean Dubhthaigh;

a gcrích na sédmhuigheadh saor

níor brégnuigheadh an bhannaomh.

27 Teisd Laighnioch fá lár níor leig,

do chomhaill ar chan Brighid;

dob fhiú a fhírbhearta am Iath bhFloinn

fa triath ríghshleachta Raghnoill.

28 Do mhol Brógán uair eile,

érlamh uasal aingleidhe,

gég maothabhla go mbuadh mbreath,

an sluagh laochalmha Laighneach.

29 Ar Brógán na mbreath bhfoirfe:

“Dá mbeinn mí ar tí a ttiomsuighthe,

échta an chuire ó bhinnlinn Breagh,

ní dhingninn uile a n-áireamh.”

30 Ríomh a n-écht ní fhédfadh aon;

leis do fíoradh an fáthnaomh,

lámh as gleóbhurba am cheann gcreach,

an seang leóghanda Laighneach.

31 Maith do chomhaill a chuid féin

dá ndubhairt Brógán baisréidh,

mac saorShadhbha dá slécht coill,

dár thécht caomhadhbha Criomhthoinn.

32 Échta Fiachaidh, deóidh a ndeóidh,

ó Bhinn Édair go hInneóin

san chrích géiggil fá bhfiar fiodh,

a ttrian ní héidir d’áiriomh.

33 Béim san mbéim is goin san ghoin

tugadh go fóill ré Fiachaidh;

beag do-chím d’iomarcaidh air

a ttír iongantaigh Fhionntain.

34 Cath san chath is bó san mboin,

creach san chreich a gcairt Fhiachaidh,

giall san ghiall [ní fios falaigh]

ó gach lios d’Fhiadh Fhearadhaigh.

35 Mac Aodha an aignidh chaithmhigh

ar oirbhiort, ar ionnsoighthibh,

námha an chuire ó sheanBhóinn sheing

as neamhdhóigh uile d’Éirinn.

36 Gé tá geall uaisle aga,

fuair ó scoil Chláir Chearmada

planda seang braonochta Breagh

geall daonachta fá dheireadh.

37 Díreóghaidh Claonráith Cormuic,

fóirfidh d’éis a hotharluit,

dá ghruaidh mhínsheang chaor gcorcra

braon díleann na daonachta.

38 Intinn umhal, aigneadh mear,

croidhe as buga ag díol draoitheadh,

lámh as cruaidhe a ttaobh tachair,

caor buaidhe do Bhranachaibh.

39 Leag lóghmhar as sia soilsi,

branán an Chláir Chriomhthuin-si,

brath céile caomhmuighe Cuinn,

aoghaire fhréimhe Raghnuill.

40 Codhnach Laighion na learg tte,

maighre Life, breac Bóinne,

bláth beangán Caithrioch Cearmna,

leannán caithmhioch claoinTeamhra.

41 Leannán bú Binne hÉdair,

caomhthach Uisnigh óirghégaigh,

céile gnáth braoinInnsi Breagh

shaoilim-si do tháth Tailtean.

42 Bláth nuaidhe ó mhíonchlár Midhe,

caor óir ó Thír Thairngire,

éigne ó Bhóinn fhérbhruachaigh fhinn,

sénbhuachail do fhóir Éirinn.

43 Ua Seaáin na saoitheadh mear,

ní chluinim a gcrích Laighean,

féinnidh daoineach dan dú toil,

aoinneach ar chlú ’na chomhair.

44 Róis taoibhleabhar thuillios blaidh,

téid geall clú mar do chosain

dá dreich nuaidhe chaor gcorcra,

caor bhuaidhe gach bantrochta.

45 Sí gá luadh ag lucht molta,

an bhanLaighneach bhélchorcra,

ar feadh muighe fhéraird Fhinn

uile in gach énaird d’Éirinn.

46 Róis chéimleasc an chúil chornuigh,

sinn uile ’nar n-ollamhnuibh,

dreach réidh nách dú do dhonnadh,

béim dá clú ní chualomar.