firstLine"; ?>

1424. Mor idir na haimsearaibh •
Length: very long 72qq
Certainty: 2
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Munster
Classes:
  1. satire
Manuscripts:
  1. RIA 26 (23/D/38) Uill. O Duinnin 1688
  2. RIA 19 (23/M/29) E.OCaoimh 1684-1707
  3. TCD 1411(H.6.7)Donnch. OConaill 1737
  4. Mayn. M 95 S. O Murch.na Raithin. 1756
  5. RIA 487 (23/N/11) M.mcP.UiLongain 18c
Prints:
  1. text Williams Danta MmcDD no. 8
Motifs:
  1. envoi to God
  2. rejection of protestantism
  3. legal terminology
  4. medical lore
  5. classical allusion (Cicero q. 8)
  6. Merchants
  7. gambling
  8. Lapse of Gaelic ways
  9. proverbs qq 17, 58
  10. teach tabhairne, tavern
Poet Christian Names:
  1. Fearfeasa (RIA 487)
  2. Muiris mac Daibhi Duibh (RIA26, 19;
Poet Surnames:
  1. MacGearailt TCD 1411, Mayn. M 95)
  2. O’n Chainte
Apologue Subclasses:
  1. Ovid: divided world into ages
Meter Vars:
  1. Ae freislighe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór idir na haimsearaibh


[Nicholas Williams: Dánta Mhuiris mhic Dháibhí Dhuibh Mhic Gearailt, BÁC 1979, poem 8]


1 Mór idir na haimsearaibh,

más fíor dá dtáinig romhainn:

barr oilc agus aimhghliocais

ag fás gach aonlá orainn.


2 Dá réir so ní haimhghliocais

tug ar Ovid go fiosach,

lér chum ceithre haimseara,

i gcompráid ceithre miotal.


3 Aimsear órdha an chéadaimsear

ar bhoige, ar uaisle ’s ar aoibhneas;

do chum arís athaimsir

i samhail d’airgead aoingheal.


4 Do chum an treas saoghal-so

go mbia ’na phrás go follas;

is í sin ar mbaoghalna

gach laithe ag dul in olcas.


5 D’éis an tsaoghail fhíorphráisigh

fá dheoidh go mbeith ’na iarann;

gur leis d’fhás an mhínáire,

cruas, fionghal is fíorlom.


6 Tuig an saoghal iarainnse

do chan an t-údar romhainn,

is é sin an bhliadhainse

’s a bhfuil da samhail chugainn.


7 Seoch a bhfuil san domhan-so

beanfaidh so d’iathaibh Éibhir;

foilseochad don turas-so

cuid ar olcas dá dtréithibh.


8 Cumann glan is fíorchairdeas

do mhol Cicero a-nallód;

’na n-ionad acht díchairdeas

ní bhfuil eadrainn ar fadódh.


9 Gaol dá ghaire is fíoruaisle,

ní fhacas riamh re fada,

an tan tig an fíorchruatan,

congbháil ar cheachtar aca.


10 Cion ar lúth ná ar fhadlámhach

ní bhfuil ag aoinneach aca;

do-níd d’éis bheith rósháitheach

dímhaoineas, drúis is codladh.


11 D’áireamh na ndrong ndearmadach

do-bhéar mh’aghaidh an uairse;

beam go fuathmhar eatartha

tré fhoilsiughadh a ngníomh dtuaiscirt.


12 Dá mbia fódán glaisfhearainn

ag neach dhíobh d’éis an cheatha,

tig gné shúitéara chaismeartaigh

dá chur as a chuid beatha.


13 Chum aifrinn na cille-seo

dream dhíobh re beag bhformad;

téid go cill an mhinistir

cuid eile dhíobh pro forma.


14 Gluaisidh sirriam acusan

os coinne an stáit chum teampaill,

Ó, a Dhé, atá a fhios agamsa

cionnas atáid na ceantair.


15 Na ministrí Muimhneacha

gan téacs, gan seanmóir leabhrach;

féach na bodaigh bhroimneacha

mar do líonadar an teampall.


16 Ní mar ghrádh don mhinistir,

ní mó is mar ghrádh don Phápa

do-níthear na neithese,

acht d’fhonn airgid do scrábadh.


17 Más athchluiche an imirtse

ag lucht ionmhais do charnadh,

an seanrádh ní chreidimse

nach milleann cluiche crábhadh.


18 Seo chugaibh an ceannaidhe

tug ní ar bhille mo láimhe;

uch, gan bhean an chleasaidhe

agamsa i ngeall re cairde!


19 Ná creid choidhche an sladaidhe

adeir níos fearr do chonradh,

go reacfadh riot earraidhe

seoch mar bhid ar sráid Londan.


20 Do-bheir lása is éadaighe

duit chum tadhaill na sráideann;

tiocfaidh ort fán gcéadchoire

próiseas, pursuant is sáirsint.


21 Do mheall uaibh an ceannaidhe

go lór balte d’iath Éibhir;

fá dheoidh ag an sladaidhe

biaidh an fearann le chéile.


22 Do thuilleamair eascaine,

ní bheam ’nár ndaoinibh uaisle;

ní mó bheam ’nár gceannaidhthibh -

beidsean uasal don ruaig-sin.


23 Ní ortha is cóir achmhasán,

acht sibh féin atá aimhghlic,

Do chuir le gníomh amadán

na ceannaidhthe chum saidhbhris.


24 Is fíorleamh bhur dturas-sa,

a uaisle bochta an oinigh;

oineach gan bheith cumasach,

mo thruagh, is cruaidh an cluiche.


25 Gan oifig, gan seanoidhreacht,

gan stoc, gan cheannach láimhe,

sibhse an dream re síoroirbheirt;

ní gar dhíbh gan bheith tráite.


26 Ní fhágtar san ghabháltas

breis ó mhaighistir an fhearainn;

scoiridh do bhur mbagántacht;

ní léar dhíbh leath bhur leatroim.


27 Daonnacht tar an soláthar

in iathaibh Fódla finne

do-ní duine nach aránach;

is leis do milleadh sinne.


28 Do-chuaidh mise mar amadán

libhse fá uisce an cheatha;

dá bhfaghainnse an athanál,

ní reachainn arís rem beatha.


29 Mo theagasc dom chompánach,

agá mbí crodh is costas,

dá dheoin ná bíodh lomlámhach

d’eagla nach faigheadh fortacht.

30 Beithear romhat róghrádhach

an gcéin mhairfeas do shaidhbhreas;

teithidh uait an tromghrádh-so

fá néalaibh dá dtí an daidhbhreas.


31 Riot tar cheann a n-abraimso

ná cuir do dhroim re daonnacht;

go bráth ná tuill easmailte

ná caith do thuirimh it’ aonar.


32 Caitheamh gan bheith measardha,

biothchonlacht - cóir a ndaoradh;

lean an meadhón eatartha,

madh áil gan droim re daonnacht!


33 Éist uaim scéala an phótaire,

ibheas geamhar na heorna;

ní tiorma gal ómhaine

d’éis na hoidhche ná a scornach.


34 Do-gheibh a dhíol glaisfhíona

ó Artúr óg ar a fhocal;

gidheadh ní rún glaisdíola

rún an cheannaidhe ar dtosach.


35 Do cuireadh mo chompánach

fa dheoidh i gcúradh an chochaill;

atá sé go tromchásmhar

fá iarnaidhibh i gCorcaigh.


36 Beag sileadh an dosháile;

ní bhfaghadh anois ar a fhocal;

ibheadh sé mar fholláine

dhá dhigh nó trí don tobar.


37 Nach leamh toisc na n-ógánach

gan úidh ar ágh ná ar intleacht!

Biad siad seal go bródálach

mar gheall ar chuid na sinsear.


38 Do-chuadar le cleasaidheacht

[mo thruagh mar cheird bheatha];

léig dóibh - ní ham leasaighthe -

rith in aghaidh an cheatha.


39 Cleas díobh ’na beirt aithisigh

ag an bhfear bhíos go seomrach:

do bháidh se a chuid bail’-fhearainn

le lánrabharta beorach.


40 Cleas cam ’na beirt lánuaibhrigh

ag fear dhíobh, ní cleas córach:

a chaisleán ar a ardghualainn,

a chnoc ’s a choill ’na phóca.


41 Cleas cruaidh [fá mó d’iongantas]

do-ní fear na gcleas ndíomsach:

boltaí d’iarann imeallghlas

fá dheoidh dá stocadhaibh síoda.


42 Beir féin ar do lán tapa,

a óig éisteas mo scéala;

gach rogha seoch láneascar,

nó biaidh tú d’éis do chéasta.


43 So an fear dlighe dúthrachtach

do-ní don chóir éagcóir;

mo mhallacht dá ghúnasan,

do mheall uaim mo dheich jacob.


44 Ar feadh fichid groidthéarma

go hÁth Cliath leis go scíosmhar

do-chuaidh mise ar boidéarma

’s gan liom acht nisi prius.


45 So chugaibh mo dhochtúirse

le leigheas tig tar mhórmhuir;

dar mionnaibh an phortúis-se,

do-ní pléarais don bholgaigh.


46 Do-ní sé pláigh rómharbhthach

nó seanbholgach don fhiabhras;

fágbhaidh go tinn tromanbhfann

duine gan tinneas diachrach.


47 Mar fhear aonshúil ughdaráis

idir na daoinibh dalla

meallaidh ór ar útamáil;

mo thruagh mar dhíol bata.


48 Ná dearmaid an lusrachán:

go gcoimeáda Dia sibhse

ar tháthabha an turtagáin

’s ar bhun na míne mire!


49 Mo scolmhaighistir faillightheach,

uch, gan sciúirse ’na choirceann!

Do scrios an t-ól cainníneach

a chuid fealsamh as a chloigeann.

50 Múinidh sé go trasáilte

loighic ar dteacht ó Bhuirdiús;

féach féin dalta an choláiste:

ní mó liom é na cuirliún.


51 Go gcrádha Dia an tábhairneoir

an uisce bhréinghil bheatha;

níor chum Dia acht an t-aidhbhirseoir

aon chréatúir riamh budh measa.


52 Tuarascbháil na n-anbhodach

tar éis a ndubhart uile:

dream ghéar ghruama gharbhchosach,

gan grádh Dé ná grádh duine.


53 Fear oile ar nár thagras-sa,

aoinfhear is measa do dhaoinibh:

úsúir [is ainm damanta]

cuir a chorp san charn aoiligh.


54 Duine santach seanchríonna,

nach bronann biadh ’s nach reacann;

is truagh ar feadh leathmhíosa

gan é ar mo bhreith féin agam.


55 Daoine saidhbhre santacha

gan tarbha san mhaith choitchinn,

dóibh siúd ni bhia mh’ansachtsa;

beag oram lucht an doichill.


56 Tosach oilc na Rómhánach

na trí cáis adéar dhíbhse;

atáid siad san bhfódán-so,

’s ní abraim nach fuil tuilleadh.


57 Cion ar tharbha phríomháideach,

grádh falsa nó rún ceilge;

an treas cás is mínáireach:

comhairle na n-óg n-aimhghlic.


58 Is rómhór don líne-seo

ris nach taitneann ar thagras,

biodh gur chanas fírinne;

biaidh mar adubhairt Cloch Labhras.


59 Fógraim do na rannaibhse:

seachnaidh na daoine duairce;

d’fhaitcheas a maslaighthe

freagraidh na daoine uaisle.


60 Gach duine saor sobhéasach

ní ris bheanas ar chanas,

ní ris tarla mh’uircheardsa

acht re lucht futa fata.


61 A dhuine ghlain ghéarthuigsigh,

ná bean an fáth is measa;

is mór atá it’ éagmhaise

in Éirinn gan bheith cneasta.


62 Measaim gurb é an soidéalach

an te ara beag na rainnse,

ar an bhfear nduairc droichbhéasach;

baistimse air céad scaoinse.


63 Gach méid ar nár thagras-sa

ar nach fiú iad teacht tarsa,

san ngailéir go rabhaidsean;

fógraim iad don tarrang-so.


64 A Dhé mhóir, nach míghnéitheach

cuid do cheardaibh an choiste,

go saoraid an fíormheirleach,

’s tar fia, dá n-abrainn tuilleadh!


65 Éist rise an gcearbhach,

dhamnaigheas é féin fá aon bheag,

gurab aige atá an fhírinne;

dar Íosa, tug a éitheach.


66 Mórán oilc nach inisim

d’eagla go mbeith riom fiarrán;

léigfead díom gan inisin,

is iomdha rún fám chliabhán.


67 Muna ndearntar leo aithrighe

an dream so inniu nach taithleach,

budh feas don chúirt ainglidhe

go dtiocfaidh am bhus aithreach.


68 Muna bhfreagraid am leasaighthe

is eagal pláigh nó gorta

do dhruim oilc a bpeacaidhe

anuas ón Ardrígh ortha.


69 Dá bhfiafraigheadh aonduine

cia mé thug teist fán ndroingse,

mac fhir an ghaoi ghéarfhuiltigh

is é do chum na rainnse.


70 Daoine saidhbhre santacha

ar nach mór a gcion oram,

dar an mbachaill ndamhna-so,

ní lugha ná a gcion agam.


71 Bíoth coimirce mh’anmasa

ar Ardrígh neartmhar nimhe;

tiomnaim an truaill thalmhan-so

don uaigh an tan bhus mithid.


72 I dtuatacht na i lorgántacht,

i seascaireacht na i gcomhól,

ar mbeith dhamh im’ ógánach

níor chuireas dúil go romhór.