firstLine"; ?>

1426. Mor iongabhail anma riogh $
Length: very long 61qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th ult
Areas:
  1. Connacht
Classes:
  1. eulogy mp
Manuscripts:
  1. RIA 2 (23/F/16) O’Gara MS 1655-9
  2. Stoneyhurst A/II/20ii C. O Corbain 1701
  3. RIA953(23/G/1)D.Mahoneus A OCaoimh
  4. TCD 1356 (H.4.15) S. Rice 1727-8
  5. TCD 1411 (H.6.7) D. O Conaill 1737
Prints:
  1. transl. Knott,TD no. 20
Motifs:
  1. envoi to wife
  2. imagery for patron
  3. qualities of patron’s character
  4. patron compared with own kin
  5. mercenary soldiers
  6. inauguration q. 42 (slat na righe)
  7. puirt aireachais (cunntairisme?) q. 43
  8. territory as ruler’s spouse
  9. Functions of kingship ?
  10. umhla, submission
Poet Christian Names:
  1. Tadhg Dall (RIA 2, Stoneyhurst)
Poet Surnames:
  1. O hUiginn
Patron Christian Names:
  1. Risdeard mac Oilbhearais
Patron Surnames:
  1. a Burc
Apologue Subclasses:
  1. Daedalus & brothers fly with glued wings
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór iongabháil anma ríogh


[Knott, E.: The Bardic poems of Tadhg Dall Ó hUiginn, Irish Texts Society 22-23 (1922, 1926), poem 20]


1 Mór iongabháil anma ríogh,

idir dhásacht is dimbríogh,

sé d’anacal níorbh fhuláir,

rodhocar é d’iongabháil.


2 Caithfidh bheith creachach cogthach,

dá raibh duine dásachtach,

tuillfidh dréim fan ríghe ris,

go léim a thíre thairis.


3 Gidh eadh, trá, ná toghadh neach

bheith dó go humhal áiseach;

curthar i ndimbríogh é as,

ní hinr­íogh an té thoghas.


4 Idir mhéid meanma is mhíne

bhíos aicill na hairdríghe;

is é an rí is measardha modh

do-ní an easumhla d’iomchor.


5 Ní hiomdha dhínn dár dholta

dá réir so i seilbh ríoghochta;

buain dí ní horusa d’fhior,

’sna modhasa dhí dhlighthior.


6 Acht so amháin, nár mhaoidhte anois

do Risdeard mhac Oilbhéarois -

bas bhairrshleamhain mar bhláth subh -

cách dá airdheanaibh d’adhradh?


7 Ní shir ní ar neach eile,

’sní léig aon fa oirbhire;

tar an méid chaitheas dá chrodh,

’na mhaitheas ní théid trághadh.


8 Lór dhó bheith mar do bhí riamh

’na Risdeard mhac Mheic Uilliam,

ar gcor gach tíre ar a thoil,

ar son ríghe do rochtoin.


9 Do bhreith eólach Inse Fáil

ar Risdeard mhac mheic Sheaáin,

is é is fhearr ós é is shine,

dá mbé a gheall re a ghuaillidhe.


10 Deacair dhóibh dul tar a thoil,

mac na ríoghna ó Ráith Mhurbhaigh;

is é is fhearr ceart dá chineadh,

do neart ’na cheann cuirfidhear.


11 Is é is measardha meanma,

é is fhearr tréidhe tighearna;

rí Muaidhe, ceann gach conáigh,

uaidhe is fhearr a hiongabháil.


12 Ní fríoth riamh ó rígh Cunga

lá umhla ná urruma -

gé tá a lán d’fhoisdine ann -

lámh nách coisgfidhe i gcomhlann.


13 Ní mó is guais d’fhéinnnidh Eacla,

giodh­ lór airde a aigeanta,

sé d’fhoghail dá mhéad meanma.

an ghéag thoraidh thighearna.


14 Fuair mílidh a mhac samhla

luach a mhéine measardha,

oighre ríogh gasraidhe Gréag,

gníomh is casmhaile ar coimhéad.


15 Don mhac soin is eadh dob ainm

Déadsholus mór mhac Sádairn;

éinmhílidh na nGréag ar ghoil

an ghéag mhéirdhíllidh mhiochoir.


16 Inghean impir na cruinne

meallais - gár mhó ionmhuine? -

ar athadh ó mhoir go moir,

gan toil a hathar d’iarraidh.


17 Re a chois féin feadh a thurais

dias dearbhráthar Déadsholais

rug an foighéag abhla ós fhiodh,

do choi­mhéad anma an fhéinniodh.


18 Seóltar é i n­-oiléan diamhair,

d’éis na gcríoch do choimhiarraidh,

nach raibhe duine ar domhan

don uile dá átughadh.


19 Ar mbeith seal ann dá n-aimsir

don chuideachtain cheathrairsin,

téid an inghean uaidhe féin

go hinbhear uaine an oiléin.


20 I gcionn tréimhse tig ’na ceann

oglách dob iongnadh inneall;

seal dá fhéaghadh do bhí an bhean,

’sí ’na héanar ’gun inbhear.


21 Níor cruthaigheadh riamh roimhe

dona dúilibh daonnaidhe -

gnúis mar ré, bráighe mar bhláth -

cré budh áille ’ná an t-óglách.


22 Beannaighis don mhnaoi mhálla

an t-óglách óg iondána,

nách tug sí freagra ar an bhfear,

do bhí d’eagla ’na haigneadh.


23 Fiarfaighis ’na dheaghaidh dí

“Cia hé an fearannso i bhfuiltí,

nó cia is dual d’aitreabhadh air,

a sduagh glaicleabhar gheanmnaidh?”


24 “Clann ríogh Gréag nar ghrádhaigh crodh,

Déadsholus ’sa dhias bhráthar,

aca,” ar sí, “tarla an talamh,

na trí habhla a haontamhan.”


25 “Béaradsa tusa ón triúr laoch,

a inghean,” ar an t-óglaoch;

“glór truagh do bhriathra,” ar an bhean,

“budh tuar cliachdha dá gcluintear.”


26 “Dá ndearnta sin,” ar sise,

“riom tar ceann mo chéilise,

budh snaidhm don domhan do dhíon,

ar omhan airm an airdríogh.”


27 “Béaradsa liom long na bhfear,

beid san chríchse i gceas naoidhean

na trí deighfhir atá astoigh,

go lá deiridh an domhain.”


28 Beiris an bhean san loing leis,

fágbhais iaramh an inis,

ar Dhéadsholus mar fuair faill

an sduaigh dhéadsholus díoghainn.


29 Guiltear léisi ag triall on tráigh,

lingidsean chuice i gcéadáir,

dá fhios créad budh damhna dhí,

nó créad ma dtarla a tuirsi.


30 Do-chí laoidheang fa lán seóil,

feadh radhairc ón iath aineóil,

ag téarnamh san mhuir amach;

do chluin éanghul san arthrach.


31 Seacht lá, mar aithrisdear air,

do Dhéadsholus ’na dheaghaidh,

’san bhuidheansoin do bhí astoigh,

gan mhnaoi, i n-uireasbhaidh arthraigh.


32 “A bhráithre, is droichmheisneach dhún,”

do ráidh Déadsholus dreachúr,

“gan dul slán re heitibh éan,

tar sál d’eitil ón oiléan.”


33 Sgiathán eóin d’uillinn gach fhir

greamaighid le gliú ndaingin;

tógbhaid ortha ó bhonaibh beann

tar dromchla ndomhain ndíleann.


34 Éirghis le hairde meanma

sósar na laoch loinneardha;

téid ón fhairrge i ngar don ghréin,

gur ghabh i n-airde an aiéir.


35 Leaghais an ghrian an ghliú mbáin,

do sgaoileadar na sgiatháin;

torchuir gan choimhdhe ar a chionn

fa tholchuibh doimhne dílionn.


36 Láimh re muinchibh na mórshroth

gabhais an mac meadhónach,

go buain a dheighceangail de

d’eiteallaigh fhuair an uisge.


37 Ar sgothadh na sgiathán dtrom

d’imlibh garbha na nglastonn,

tig bás an fhéinnidh oile;

cás fár eirigh eólchoire.


38 Sinsear na mac bhfaoilidh bhfionn,

idir bheith ard is ísioll,

do-chuaidh gan orchra d’fhaghbháil

tar dromchla an chuain chubharbháin.


3­9 An uair fá dtáinig i dtír

gabhthar ainnséin don airdrígh

colg is bánomhna ’na bhais,

lorg na lánamhna leanais.


40 Iarrais an uile dhomhan

ag leanmhain na lánamhan;

mar rug orra as a haithle

tug a gcolla ciorrbhaighthe.


41 Gonais an mnaoi ndéidghil nduinn,

marbhais fós a fear cumuinn;

tug a luagh d’aithmhéile air -

a­ bhaincheile uadh d’iarraidh.


­42 Slat na ríghe an inghean óg,

duitse ar tús tarla an bheanód;

ná bí id chadal, a ghruaidh gheal,

do gadadh uaibh an inghean.


43 Is í an long bhós, a bharr tais,

puirt aireachais shíl Shéarlais,

do beanadh díot, mar deirthir,

dleaghar íoc sna haindlighthibh.


44 Is é an t-oiléan ’nar an sibh,

ar n-imtheacht uaibh don inghin,

a lámh gan locadh n-ágha,

clár socar na s­íothchána.


45 Is iad eiteadha na n-éan,

noch léar fhágbhais an t-oiléan,

lucht tuillmhe Banbha na mbeann

’sna buidhne tarla id thimcheall.


46 Is í an ghliú chéadna cheanglas

riotsa an ógbhaidh éideadhghlas,

a cheann slóigh bhuanasdraigh Bhreagh,

na tuarasdail dóibh dáiltear.


47 Is é an bráthair óg eile,

do bháidh méad a mheisnighe,

na daoine is lucht righe ribh,

’san fine as t’ucht do éirigh.


48 Is é fós an dara fear,

do bháidh an t-aigneadh íseal,

an chuid díobh adéaradh ruibh

síodh do dhéanamh fad dhúthaigh.


49 Tú táinig, a thuir Chonga,

san inmheadhón eatorra,

tú an sinsear do-ghéabha geall,

a réalla inseadh nÉireann.


50 Do bhean ghrádha, a ghnúis chrithreach,

rugadh uait go haindlightheach,

dá mbeith sí ’ga hathchor ort

ná gabhthar í le humhlacht.


5­1 Gluais romhad, a rí Ceara,

daingnigh ort na heiteadha

do bhuain na hinghine ar ais,

a fhinnbhile bhruaigh Bhearnais.


52 Atá an ingheanso ó aois leinb

ag suirghe ribh, a Risdeird,

an chríoch mhín treabharsaidh tais,

an fearannsoin shíl Shéarlais.


53 Tú féin díol is fhearr uirthe,

mór n-adhbhar fárbh aontuighthe,

a sduagh cathardha chnuic Bhreagh,

t’athardha dhuit do dhligheadh.


54 Tú is líonmhaire lucht toighe,

tú is lia airsidh iorghoile;

deacair d’aoinfhear cora id cheann,

a thogha aoigheadh nÉireann.


55 Líontar um chomhól ndeoch ndearg

do shuidhe ríogh, a Risdeard,

líon caomhanta bhruaigh Bhanbha,

sluaigh shaoghalta shíodhamhla.


56 Líontar an slios tuaidh don toigh

fa Shíle inghean Eóghain

do thréad fhinngheanmnaidh ghlac ngeal,

nách d’ingheanraidh ­Mhac Míleadh.


57 Roighne ban G­haoidheal is Ghall

líonaid an teagh ’na tiomchall;

bró ghruaidhgheal nách cogail crodh,

buaidhreadh codail na gcuradh.


58 Budh iomdha fán ól re a hais -

inghean ríogh rátha Durlais -

sduagh bhéaltana go ngruaidh ghil,

mar réaltana i n-uair oighridh.


59 Sgaoith dháileamhan gcuach gcorcra,

go dtéid tar tráth codolta,

ag dáil fhíneamhna as a hucht

ar ríghealbha chláir Chonnacht.


60 A hoirfidigh, a haos fuinn,

teagaid chuice i gcionn tamaill;

fiodhbhaidh chrann dtéidbhinn dtuirseach,

fa a barr ngéigshlim ngruadhluisneach.


6­1 Teaghlach ríoghna chláir Chonga, -

gairid aimsior eatorra;

drong nár dár neimhiongnadh tol,

lán do cheiliobhradh chiallmhor.