Poem in printable PDF format
Mór loiteas lucht
an ionnlaigh
[E. Knott,
‘Address to David O'Keeffe’, Ériu 4, 209-29]
[Book of Fermoy,
f. 23(26)]
Domhnall Chnuic
an Bhile .cct.
1 Mór loites
lucht an indluig;
tuairit creacha
is caithirghuil;
is fréma d’idnuib
an uilc
na scéla indluig
d’aghuint.
2 Lucht an
indluig, ni anat
ag éccnach a
n-eascarat
’na bidbuid no go
mbí fear
don tí as inmuin
le [a] aignead.
3 Na sceóil
indluig, cenn a cenn,
terc fer nach
teguit timcheall,
as tene gabus gu
grod
sanas nemhe na
námod.
4 Mairg re
mbenat! Buan an goim!
lesscéla lochta
an indloigh;
ní mé féin nach
fuair a n-olc
ní huaim a céin
do-chonnorc.
5 Tre scéluib
indluig do fhás
rimsa ferg mór
meic Tomás;
fearg coimmblicht
oirne 7 air,
a Choimde,
d’fhoirnirt indluig.
6 Dom degail re
[a] dreich rabhuig
do derbsat orm
m’escaruit,
scél fár
mheabhuigh sé ar an síth,
ní hé ar ndeguil
re Dáibíth.
7 Do cuireadh fa
cráibh mBeithbhi
tonn sceóil brégi
buaiderthi;
gur thuil lind
n-uaibrig n-aignid
an gruaidhghil
bind brágaitghil.
8 Gu rug mé
oirbiri an fir,
do dearbad, d’a
dreich fáilid,
gur lín coillbile
Crích Mis
fích ’mon oirbiri
d’aithris.
9 Gidh il leis -
loinditi a fearg,
imdergad a gruadh
ngeldearg -
ní hé atcuala
riamh remhe,
cliar uadha fa
oirbere.
10 Damad fhear do
gabhudh guth
mac Tomáis asa
tosuch,
má ragad cliar
dimdach de
ní biadh ag
innlach impe.
11 As é an fear
nach clechtann cath,
nach tubhtar asa
tosach,
fer is mó gráin
do gabhuir
a ló n-áig re
n-urcharuib.
12 An t-ech, fós,
nach faghaibh sbuir
do cur uirri a
n-áis tserruig
línuidh reacht hí
ara n-oman
no gu clecht sí a
sírsborad.
13 Mar sin nár
clechtadh d’U Cháimh
cliar ó thosaig
d’a tatháir;
gan guth náir ’sa
óigi air
is móidi a gráin
re a ngothaib.
14 As ead sin
tug, tuigid mé,
ar caith sé d’a
reacht rinde,
nach fidir gríbh
finn Imgán
nar fír ind d’a
aithimrád.
15 Ge do atadh
rimsa a reacht
d’és lochta an
indluig d’éisteacht,
’monní ’mar at sé
mar soin -
doní an mac é re
[a] athoir.
16 Tecmáil rim ge
do-rindi
nír áil do, isé a
fhírindi;
nír docuir mé
d’eadráin air,
’sní bud é a
tegmáil tochair.
17 Tuigther dhún,
’sas dóchus cáir,
gurub faill tug
’nar tegmáil;
ar thegmáil
mbunuidh Í Bloid
curuid eadráin ní
fhédoid.
18 Guth no a dó
ma adubairt mé
ris a n-aghaid a
fherge,
do dealuig ar
ngleic gan goim
is deabuid meic
re [a] mháthair.
19 Gid hí a fherg
budh [d]ocair lem
do dígail ar righ
Ráileand,
terc tré buga
bili Breag
sligi cuga d’a
cháineadh.
20 Dá tugaind
orum tre fheirg
cáinead in
barrchais béilderg,
re tegar brég
muna mbend
ní feadar créd do
cháinfend.
21 An hí in gnúis
corcra, cunnla,
lethan, áluinn,
osgurda?
nó in bél tana,
nó in taeb slim,
nó in mala chael,
do cháinfind?
22 Nó in glac
díghuind, no in déd geal,
nó in brága mar
bláth airneadh?
nó in tsúil mall,
gormabrach, glas;
nó an barr
corrgablach, ciabchas?
23 Nó in scathán
áluind ochta,
lethan, solus,
somolta?
nó in tsliasat
tseng, nó in glún geal,
nachar mell lúgh
d’a lingfeadh?
24 Nó an bruinde
mílla is maith dath,
nó in colpa
ségaind seasmach;
nó in troigh
shlisseang, boindgeal, bláith,
nach briseann
oigreadh éntráith?
25 Nó an t-enech
sotal, soichlech,
brondtach,
díghuind, derloicctech?
nó an t-engnamh
nertmar, nárach,
reachtmar,
segmar, sodhánach.
26 Nó an t-athair
fa hard menma,
nó in máthair
ócc, oireagdha?
sáithi derbtha ór
chin Ó Cáimh
nár dligh tengtha
da tatháir.
27 Ní fuaras - as
é a bunad -
guth fíri ar
flaith Iarmuman:
ní thibreadh mé
radhruim ris
dá bhfadbuind é
re aithris.
28 Do dergfuind a
dreich gairthi
d’Ó Cháimh a n-íc
mh’fheargaighthe,
ní mé is maith
ann, ac ní fuil
ball ar an flaith
romferguigh.
29 Dabad ucht ar
indber lán
damsa guth ar
géig n-Imghán;
ar a brú gu brách
dá mbend
ní h-áth ar a clú
adcíthfend.
30 Ní fuil
d’écsib Innsi Fáil
fear imtha ac
áibill tSoláin,
beth ar fagail ní
fiú dam,
ní biú ’na agaid
m’aenar.
31 Ge aderim, ní
dingin síth
rim no gu ndíla
Dáibíth
a ndeachaid uaim
d’áibh an fir,
ó do scáil uaim
ar n-aignidh.
32 Budh trom dó
da ndernum cáir,
’sgan
ceart orum a n-énndáil;
aigneadh dúnta
’gun rígh ruind
ó da shín cúpla
ar [c]comuind.
33 An tonn do
chaith Ó Cathail
rim d’esaenta
anfhachain,
tabrad rí Cáille
in druadh dam
a luagh áibhi 7
aentagh.
34 Crét ’mar len
Cáille in druadh di
crích leomhuin na
lann [n]uaini,
ón lá tarrla ar
n-airi air,
caidi a damna,
trá, ar tosaig?
35 Rí maith do
ghabh uair oili
crích Fáil,
ferann Laegoiri,
Cormac mac Airt
dob é sin,
slat do glé im
cairt gach cúigid.
36 Doní an
Cormaic sin ó Cuind
sluagadh
uaibreach gan fochuind,
dar airg drumchla
mín Muman,
tír fa h-urchra
d’fholmughadh.
37 Suighid
longport ar lár cháich
’na mbroinigh
neimhnig, nemtláith,
Leth Cuind mar
tonna tuile,
ar cruim Droma
Damghuire.
38 Cúigir druadh
tucsat leo a-le
triar ban, is
dias druadh ele;
an cúiger druadh,
leath ar leth,
an cúigead uadh
dob fhuigleach.
39 Do thuitead
leo, druim ar druim,
céd gach lái ar
láthair comluind;
ní dergdais airm
aruib féin,
sbairn ’na
n-aghaidh dob aicmeil.
40 Crích Muman na
magh ndoireach
tucsat fa cruth
comhoigeach;
clár Cliach - dob
orchra ón eachtra -
fa sgiath dorcha
druigeachta.
41 Uisce an
cúigid - nír creach beg -
ar rígraid Cliach
do celsead;
a tobuir gorma,
glana,
moguil forma a
n-imdada.
42 Do cuirseat
fós - fíchda in creach -
ar mbreith lachta
na loilgech,
mar rugsat leo
lacht in chruidh,
ceo 7 tart ar na
tobruib.
43 Nír faccsat -
anba in tre[i]si -
toirmeasc itan
eindeisi
a lind báin,
tonn-maigrigh, thigh,
do gormaibnib
cláir Caisil.
44 Deoch acht crú
a n-airgead nó a n-each
fán am sin ní
fhuair Muimnech;
Leath Moga - fa
mór an oil -
d’ól fola a
n-each ’na n-itoidh.
45 Do cluin sin -
ca sén dob ferr?
Mog Ruith a
n-iarthar Érenn;
nír deall re [a]
ré sái ris sin,
drái é dob fherr
’na aimsir.
46 Nír fuilngedh
dó gu ndeachaid
d’fhurtacht
Fiachach Muilleathain;
fulang tarta fa
truad le[i]s
ar sluag a dalta
díleis.
47 Cantar ris ar
rochtain soir
fáilti cáin ac
cloind Eogoin;
tairgid cairt ar
cró a cinid
dó 7 a n-airc
d’fóirighin.
48 “Dá ndingma
druithi clann Cuind
dín” ar síl
Oilill Óluim,
“ragaid do breth
bu-déin duid,
do ré[i]r is ad
leth legmuid.”
49 “Mo roga
tricha an bur tír
dam, gan doladh
as d’airdrígh;
mu roga mná ag
nach foil fear”
coma soin, trá,
do tairgeadh.
50 Faemais
Fiacha, flaith in tslóigh
is Mogh Corb na
cuach mbrondóir
dá mbeth osadh ag
a n-airc,
a breth dosan mar
dubairt.
51 Do díchuir sé,
ar snaidm a cor
in dall ciach do
chrích Mumon;
téit a moir
druidechta di
mar
bráinshnshnnec[h]ta ó ghoil gréni.
52 Cúiger druadh
Cormaic í Chuind
do tuit leis a
los comluind;
re cur fa cuing
fríth gach fer
d’íb Cuind ar
ndíth a ndruithead.
53 Ó Mhogh Ruith
- fa ruathar prap -
beg slóig
dosiac[h]t le Cormac
do Leth Cuind as
gan fhosdagh;
cas do thuill a
thuarosdal.
54 Fir Muighi,
trá, ar tocht ón cath
rug Mog Ruith,
roga gaesach;
ingill as an tír
do tagh,
a n-imlind mhín
na Muman.
55 Tríd sin
cantar Cáilli in druadh
re crích fir na
n-arm rindfuar;
do Mog Ruith dob
fherann í ;
ní legand bruith
omh einní.
56 An Mog Ruith
sin fa rod fích
do gheall gu
ngébhadh Dáibíth
tresi ar orrlár
Fhear Muigi,
na bhfeadh
collbán, cnóbuidi.
57 Cosnad ar
éiccin no ar áis
crích Fer Muige
mac Tomáis;
tír nach cumang
móin na mag,
dulann bud chóir
re a cosnamh.
58 Mac mic
Máilduin dergus ga
beg ar Dáibhíth
dáil seda;
bráth a faguil ag
an ól,
ní thabuir cách a
commór. MÓR L.