Poem in printable PDF format
Mór mo chuid do
chumhaidh Taidhg
[McKenna, L.:
Aithdioghluim Dána (Irish Texts Society, vols 37, 40,
1939/40), poem 6]
Tadhg Óg Ó
hUiginn cct
1 Mór mo chuid do
chumhaidh Taidhg,
sgaoilteach uirré
i ngach éanaird;
a-tá mé fa
chiaigh cumhadh,
rem ré biaidh ar
beathughadh.
2 An céadghuth
do-chuala mé
ar bhás Taidhg
truagh an chuimhne;
’n-a dhiaidh
gémadh saoghlach sinn
biaidh an
t-aonghuth im inntinn.
3 Truagh mar
thargamar a ceilt
oighidh laoich
Locha Deirgdeirc;
nochar léigeas a
lomadh
an céidfhios
do-chualomar.
4 Oighidh ríogh
rátha Bréanainn
dom aimhdheoin do
aidéamhuinn;
do loisg sin
m’fheoil agus m’fhuil
toisg fhir an
sgeoil le sgéaluibh.
5 Céadfhocal do
chanas ris
“sirim ort gan a
aithris
go bhfaghbhar a
haird oile
marbhadh Taidhg,
a theachtoire.”
6 Deimhin
marbhtha mic Gráinne
fuaras - ní fáth
lúthgháire;
ní héidir a séana
soin
sgéala an
chéidfhir ó chianoibh.
7 Tre mhac
Cathail na gciabh nocht
ní loigh m’intinn
ar ábhocht;
áineas nach cead
lem chridhe,
beag thráigheas
dar dtuirseine.
8 Easbhaidh
chruidh ná díoth daoine
ní sgéal orum a
éagcaoine;
a Dhé, is cumhang
an chumha
gan mé d’fhulang
m’easbhadha.
9 Is cian ó
chumhaidh fhallsa
an toirse a-tá
oramsa;
gan éanduine gum
fheitheamh
ar ndéaraine
dáilfithear.
10 Mar shaoilim
ní do dhul di
tuilleadh tig ar
mo thuirse;
créad acht síon
ag aithreodh inn
fa-ríor ní
aithreogh mh’intinn.
11 Meisde
m’fhulang uime soin
dó as taoisge
thugas m’aontaidh;
ní bhí acht
céadtoil im chridhe
ní um nach
féadtar foisdine.
12 Móide mo chuid
dá chumhaidh
mac Cathail Í
Chonchubhair
nír an mé - mairg
nach dearna! -
re ré Taidhg ag
tighearna.
13 Re linn Taidhg
- truagh an mealladh! -
cách ’n-ar gceann
do chuireamar;
gan toirrthim ar
m’aire ann
ní raibhe a
n-oirchill agam.
14 Liaide do
lucht ar n-ionnlaigh
mo threise ar Ó
dToirrdhealbhaigh;
is uaimhneach a
fhear dána
ón tseal
uaibhreach anára.
15 Uadha a-táthar
ag teacht ruinn
mé a ollamh ’s a
fhear cumuinn;
nír shaoil mé
nachar mhaith dhamh
ar chaith sé
d’aoibh re a ollamh.
16 Mairg do
fhuair mar fhuair mise
muirn tighearna
thairise;
i ndóigh an
anshóigh d’fhagháil
cóir an anóir
d’iongabháil.
17 Beannacht Dé i
ndiaidh a anma
cara an aosa
ealadhna;
ar n-anáirne ga
fhult chas
ní a hucht
fhoráilmhe uaras.
18 Ónóir ar eagla
náire
do-chím nach cúis
lúthgháire;
an mhuirn
tabhuigh ní bhí ar bun
ní tabhair í acht
le huamhan.
19 Dá mbeinn i
measg a mhac ríogh
ní chuirfeadh
oram imshníomh;
sinn ar
saobhshruth is é thug
gan mé i
gcaomhthuch na gcarad.
20 Aithnim gomadh
aoibhne dhamh
dá mbeinn ag
breith na roghan
gémadh mór anóir
fhallsa
sódh an anshóigh
oramsa.
21 Do chonnac ní
cian ó shin
mo charaid uile i
n-éintigh;
reacht nach biu
mar do bhámair
tearc do-chiu dom
chompánaibh.
22 Och do b’urusa
a aithne
- caidhe cúis a
fhiarfaighthe? -
ar gcomhráithne,
a Dhé, ar n-a dhul
mé is mo
chombráithre cumhadh.
23 Do hoileadh mé
- meisde dhamh -
ó aois leinbh ag
laoch Cruachan
ar fhalaigh dar
méid meanma
léig i n-aghaidh
m’oileamhna.
24 Tugais
doimheanma ’n-a díol
mo mhoirn ó mhac
an airdríogh,
a bhfuair mé
d’aoibhneas ón fhior
sé dá dhaoirmheas
fa dheireadh.
25 Fiche bó
do-bheireadh dhamh
ar gach nduain -
dia do chunnradh;
gémadh céad bó do
bhronnadh
ar n-éag dó do
dhíolomar.
26 Do-gheibhinn
uadh fhiche bó
léig i n-aghaidh
an annró
an tslat fháinne
do fhuair mé
ó mhac Gráinne
uair eile.
27 Do réidhigh rí
Ó Meadhbha
is móide mo
mhímheanma
na snadhma fa
deacra dhó
ar dteachta a
dtarbha teasdó.
28 Do-ghéabhadh
inmhe a athar
ó leith Cuinn gan
chumhgachadh
nach reacht mar
do uair oighidh
ag teacht d’uain
dá hionnsoighidh.
29 Bás eile a
ionnshamhail soin
fuair mac ríogh
don fhéin Ultaigh
suil fhuair
tarbha a ghníomh ngoile
damhna ríogh Ó
Rudhroidhe.
30 Congbhais
Meadhbh macraidh Uladh
do chogadh ar
Chonchubhar,
clann sheanRosa
do bhí a-bhus
rí na feadhnosa
Fearghus.
31 Cormac
Conluingeas leo sin;
do chogadh tre
chloinn nUisnigh
ar losain an trír
do thuit
an tír fa
chosaibh Cormuic.
32 “Tigeadh
Cormac dar gcabhair”
rádh Uladh d’éis
Chonchabhair;
“déanam feasda”
ar fian Eamhna
“a riar ó theasda
ar dtighearna.”
33 Do Chruachain
do cuireadh fios
ar ceann Chormaic
Conluingeas;
“tiomsoighidh” ar
na teachta
“d’ionnsoighidh
bhur n-oidhreachta.
34 “Bheith i
gCruachain nír chóir dhuit
d’éis
Chonchubhair, a Chormuic;
síol Rudhraidhe
thall a-tá
gut urnaidhe ón
tann theasdá.”
35 Tug Mac Róigh
rí na heachtra
do Chormac cead
imtheachta;
do aontoigh
d’uaim Ó Rosa
mar uair aontaidh
Fhearghusa.
36 Tángadar a
tigh Meadhbha
i dtimchioll a
dtighearna
an uairsin cath
nó dá chath
a-mach d’uaislibh
na nUltach.
37 Líonais fuath
ga bhfaicsin sin
Meadhbh inghean
Eochach Fheidhligh;
glór Meadhbha ris
na Mainibh
slógh na hEamhna
d’ionnsoighidh.
38 I ndiaidh
Chormaic chuirid brath
teaghlach inghine
Eachach;
ucht ar Midhe sa
madain
a lucht tighe
tugadair.
39 Marbhthar le
macraidh Sionna
ar múnadh mná
Oiliolla
i dtigh brughadh
d’iath Uisnigh
triath Uladh an
adhuighsin.
40 Goin Taidhg
a-támaid do mheas
re bás Chormaic
Conloingeas
meise i gcás ón
dara cuid
do bhás na deise
a-dearmuid.
41 Mór d’aisdear
is d’iomghoin te
fuair Tadhg i
dtimchioll Chairbre
a lucht na togha,
an truagh libh
a dhola uadh i
n-aisgidh?
42 Súil Gaoidheal
re dteacht dar dtaigh
maidean mharbhta
mheic Chathail
mar támaid is
truagh an dál
’s ar námhaid
uadh ’n-a n-éanár.
43 Maidean
áitheasach oile
tug Tadhg um
Thráigh n-Eothoile;
d’éis mhaidne ar
dTaidhgne gun trágh
ar bhfaidne ó
Chairbre is claochládh.
44 Do-chuamar le
hÓ gCréidhe
ar chreich
Thulcha an Toirrléime
- mall ar gcéimne
leis an gcion -
’s na héighmhe
thall ’nar dtimchiol.
45 Do loisg
Cairbre siar go sál
tug maidhm i
gCoill an Chlochán;
tug eidhir Ó
Néill a-noir
a ngeimhil ón
fhéin Ultoigh.
46 Ba Ceara le
céibh na sgath
creacha troma i
dTír Fhiachrach
ós re tuireamh
a-tá mé
ní sguireabh go
lá Luighne.
47 Tug do mhuin
aisdir fhada
creich mhóir ó
Mhac Diarmada
gér mhór
easbhaidh bó um Bhaoille
fa mó an
chreachsain Chulmhaoile.
48 Maidean eile
dá éis soin
tugadh le mac mic
Cathoil
as-teach i measg
Ó Maine
creach do mheasg
an machaire.
49 D’éis chuarta
um choille Luighne
fa gnáth le géis
Modhairne
airgne do chur ar
an gcoill
do chrudh
Chairbre ’s an Choroinn.
50 Mór mbráighead
thánaig dar dtigh,
mór do
chreachuibh nach cumhduighidh,
go bhfuair guin
nír gabhadh rinn;
ní fhuil taradh
’n-a dtuirim.
51 Torchair mac
inghine Airt,
’n-a éachtaibh
anba an díoghailt;
ní thig tráth ar
ndula dhó
na lugha [a]
chách mo chumho. Mór.