firstLine"; ?>

1433. Mor os gach bed bas an riogh $
Length: middling 28 stt
Certainty: 0
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. Historical
Manuscripts:
  1. RIA 1076(24/P/33) L.Cl. Aodha B. 1680
Prints:
  1. text LCAB no. xi
Motifs:
  1. imagery for patron
  2. eulogy of personal appearance
  3. nobility of ancestry
  4. comparison of patron with all others
  5. comparison of patron with own family
  6. caithreim, battle-list
  7. list of subject territories
  8. Historical comparisons
  9. naming earlier text ‘Sochar Clainne Neill’
  10. house and/or furnishings
Patron Christian Names:
  1. Muircheartach mac Earca
Patron Surnames:
  1. Cname only
Apologue Subclasses:
  1. Muircheartach mac Earca: his career
Meter Vars:
  1. RannMhor (freedom in applying metre)
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór ós gach béad bás an ríogh


[Ó Donnchadha, T. Leabhar Cloinne Aodha Buidhe, Dublin, 1931, poem 11]


1 Mór ós gach béd bás an ríogh

Muirchertach do líon gach learg,

mac Earca fa hadhbhal nós

meinic do bhronnadh ór dearg.


2 A leithéid don ríoghraidh riamh

nochar ghein ó Niall anall

giolla gasta na ngruadh nglan

fa buidheach dhe brain is baidhbh.


3 Deirge ’ná fuil laogh a ghruaidh

is a leith fa snuadh don ghéis;

guirme ’ná an t-oighreadh a rosg

gile a chorp ’ná sneachta ar sléibh.


4 Deich dtroighthe fichead go fíor

iseadh do bhíodh ina fhod

geall ón ghile ag dath a dhéd

binne a bhél ’ná fosgadh crot.


5 Bile tórann chloinne Néill

eo Rosa gan druim re dáimh

d’fhine orghuill chloinne Néill

Muirchertach ar nár léir tlás.


6 Isiad ceathrar dob fhearr clú

do bhí i nÉirinn na múr sean

sloinntear ó a mháthair gach aon

an ceathrar sin nár chlaon breath.


7 Lugh mac Eithne, Fearghus fial,

Conchubhar fa triath gan tlás

mac Earca an ceathramhadh rí

Muirchertach do shín ós cách.


8 Ceathrar is calma ro chin

ó Eiriomhón, adeir cách;

Iughuine mac Eachach aird

Conn Céadchathach nár airg dáimh.


9 Niall naoighiallach an airm ghéir

fear le dtugthaoi géill tar sál,

ua Loghairn nár thill ó throid,

Muirchertach ar nár luigh tár

isiad sin an ceathrar ríogh

is fearr do bhíodh anngach ágh.


10 I gceann a shé mbliadhan déag

ar ndul a hÉirinn, seun raith,

go ndeachaidh i nAlbain ghuirm

mac Earca tar gach tuinn ghlain

go dtorchair Logairn re a láimh

fear do bhiadhadh báidhbh is bran.


11 Do thuit rí Breatan re a arm

is an t-impeir fa garbh gníomh

Saxain, Breatain, Albuin ghuirm

do bhídís fa chuing an ríogh.


12 Dias mac do rugadh dó thoir;

Airsidonus na nglac gcorr

Constantinus feardha fial

an dias ler cosnadh gach fonn.


13 Saxain is Breatain na mbeann

ag an dís sin, is dearbh dhamh,

do fhansad aca re a ré,

na ríogha sin fa trén smacht.


14 Tig mac Earca na mbárc gcorr

go hÉirinn tuile long lúath,

oirer Banhba na mbeann mbán

uile do bu lán da shluagh.


15 Teagaid cách i nOcha fhúar

ar chloinn Néill fa tuar nóis,

agus marbhthar Oilioll Molt

le mac Earca na mbrot sróil.


16 Bile buadha cloinne Néill,

dreagan Droma Léith nár leasg

taighleóir euchtach Oiligh áin

Ioldhánach muighe Báin Bhreagh.


17 Airsidh Muaidhe fa mór gnaoi

marcach moighe hAoi na n-each

ní thiucfa ’s ní tháinic riamh

a mhac samhla thiar ná theas.


18 Cairneach naomh do bheannaigh é

mac Earca nár chlé le rádh

fágbhus fágbhála go fíor

coimheoltar da shíol go bráth.


19 Comhorbus Oiligh na n-each

agus Uladh na bhfleadh bhfúar

agus Teamhra na dtreabh réidh

aige féin is aga ua.


20 Gach dara rí d’Éirinn aird

ar shliocht mhic Earca an airm ghéir

an fear nach bíodh ’na fhlaith dhíobh

éiric ann mur rígh é.


21 Glas ar ghiallaibh ní dúal dóibh

do ríoghraidh Oiligh mhóir mhín;

ní dhligh siad carcair ar ghíall;

ní dhlighid tríall as a dtír.


22 Tuarustal ní dhlighid siad

do ghabháil ó thriath tar lear;

meath agus ég orra fós

dá ngabhaid siad ór nó each.


23 Acht a n-eich ag deunamh chreach

ní dhligheann síad ba nó búar

is geis dóibhsion cur an tsíl

’s is geis dóibh arís a bhuain.


24 Ag sin sochar cloinne Néill,

fágbhamsa tar m’éis gun tslógh;

fuigheall seinbhennacht cháigh iad

dob áilghen a gciall fa ól.


25 Iarsma Chuinn na gcloidheamh sean

agus Chairbre nár thearc nós

agus Chormaic na sagh seang,

agus Iríail fa hard nós

is Néill naoighiallaigh an áigh

fear do chosain gach báidh mhór. Mór


26 Lionn bainsi ar an Mumhain mhín

do cuireadh ón rígh fa dheóidh

iasg is uisge connadh cas

ar Ulltachaibh, fa glas mór,

dob ullamh feis tighe an ríogh

bruighen ina mbíodh gach nós.


27 I Seasgann Uairbheoil na bhfledh

mur nach dearnadh teagh ó shoin,

’s a bheith ullamh le trí lá,

ní dearnadh riamh crádh mur soin.


28 Teach do dheunamh i nDruim Fraoich

le clethaibh mur nár shaoil neach

is a bheith ’na dharaigh dlúith

gan ab gan úib gan úib gan ab.