firstLine"; ?>

1434. Mor re chuma caithreim deisi $
Length: long 43 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 16th mid
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. elegy mp
Manuscripts:
  1. RIA 475 (24/P/25) L.Cl.Suibhne 16th c.
Motifs:
  1. caithreim
  2. harrying
  3. plundering
Poet Christian Names:
  1. Cu Uladh mac Conchobhair Ruaidh
Poet Surnames:
  1. Mac an Bhaird (sequel to Rugadh da chluichi...)
Patron Christian Names:
  1. Maolmhuire & father
  2. Toirdhealbhach
Patron Surnames:
  1. MacSuibhne
Meter Vars:
  1. seadhna
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór ré cuma caithréim dheise


[Seán Ó Foghlú, Four bardic poems from Leabhar Chlainne Suibhne (M.Litt. thesis, TCD, 1992), poem 2; RIA 475 (24/P/25), ‘Leabhar Chlainne Suibhne’, p. 144]


1 Mór re cuma caithréim dheise;

dol dá háireamh níorbh fháth rúin;

tairgsin a gcean d’áireamh uile,

ceadh acht áireamh dhuille dúin.


2 Ón ló brisde Bhona an Uathaill

iomdha bearn do briseadh ród;

léigthear ribh-se rún a bhárdadh,

Dún Libhse do fágbhadh fód.


3 Níorbh áil leis gan losgadh Carthuinn

i gceann na mbó do bhuain dí;

Baile an Mhonaidh uaidh ar adhnadh

- foghail nach bhfuair adhbhar í.


4 Dá uair no trí tug fan Rúta,

rioth teineadh ó cheann go ceann;

gé a-tá a-nos andáigh as m’aisdear,

Ros Camáin do laisgeadh leann.


5 Baile an Dhúin an lá do loisgis,

níor lamh aoineach tocht rér dtréan;

teacht ar adhnadh Thoighe an Theampla

m’adhbhar oile deargtha déar.


6 Do loisg tú - ní tráth dá fholach -

Ú Eachach ó phort do phort,

an Tír fan Iubhar gur uaradh

- siubhal mín gan uamhan ort.


7 Dia n-áirmhe mé a meince thugais

Tír Í Ruairc ’na gortaibh guail,

ní lugha creach Achaidh Aolmhoigh;

Leath Cathail gan aonbhoin uaibh.


8 Dearbhaid creacha Cloinne Connmhaigh

gach clár d’arguin gurbh é a nós;

ó Mhuigh Imleach is-teach tánaig

creach ón innmheach Fánaid fós.


9 Baile an Thobair tug tre theinidh,

Tír Amhalghaidh do airg sé;

ar mbuain creiche don Choill Ultaigh

fa roinn leithe d’Ultaibh é.


10 Baile Meic Domhnaill leis loisgthear

dá uair no trí - ní toisg mall;

do bhí ciall aga ’na adhnadh,

fada riamh an t-adhbhar ann.


11 Níor bheag dhamh re cur ’na chaithréim

cuimhne a ndearna ’s gan dol soir;

cumhain leam, dá ndeachadh dínn-e,

gur creachadh Ceann Tíre thoir.


12 Foireann gearrtha an Bhealaigh Bhuidhe

beag a dtóir an tráth do-chíd;

níor ghnáth uaidhe neart gá námhaid,

na seacht n-uaire tánaig tríd.


13 Dá chreach nó trí tug ó Fhionnros,

níor obair dhóibh dul tar ais;

do-chluinntear ós aird gur fhuirigh,

do airg Muintear Luinigh lais.


14 Béal Átha Mogha ar Mac Dáibhidh,

níor dhóigh leis go loisgfeadh sé;

do bhris an tor-suin go talmhain,

cosmhuil ris gurbh fhaghlaidh é.


15 I mBéal Átha Tó ar éis Ultach

do an sibh go sínid thort;

dob am do mharbhadh an Mhábaigh,

adhbhar Gall do fhágaibh ort.


16 Do Shliocht Airt gé a-tá ’na toibhéim

tig ceannach tar ceann a mbó;

dob fhíu cora Dhoire ó dhoghrainn,

comha Cloinne Domhnaill dó.


17 Toitim Ruaidhrí ’s dá thaobh táinig

tuitim Éamainn is Eóin Ruaidh;

rug ar Toirdhealbach tóir námhad

oirbhearnach Fóir Fhánad uadh.


18 Meinic tugais an tuath bladhach

ar beagán bhó mbeag do t’uaill;

bídh Ó dTreasaigh mar gach talamh;

Tír Breasail dob fhalamh uaibh.


19 Dá gceile mé cia nach cuala

creacha Oirghiall fan eing sróill ?

Baile Sligigh lé arna losgadh,

do fhidir mé - is brosdadh bróin.


20 Baile an Chláir do bean dá bhárdaibh,

Baile Liatroma - is dáil doirbh -

do loisg sé an tír ina dtiomchal;

do-chím é dá hiomchar oirn.


21 Creach Méig Fhlannchaidh re cois Ceannaigh,

Cúl Mhaine do bheith gan bhú,

ní ciall do chreacha re gclaisdin;

Sliabh Beatha do thaisdil thú.


22 An Gharbhchoill níor ghnáth do chreachadh;

Coilte Luighne lomaid súd;

creach throm ó Tholaigh na mBuarach,

trom a toraibh an t-ualach úd.


23 Do briseadh leis le méid meanma

ar Mac nDiarmada fa dhó;

do ísligh meanma Méig Uidhir

nar léig bearna dhuiligh dó.


24 Do loisg an sgiath, ní sgéal mearbhaill,

ar Mac Ruaidhrí - ríoghdha an sgéal;

tug do ghach leath do Loch Éirne

creach go moch re héirghe éan.


25 Sliabh Dá Éan an uair do creachadh,

do chreach Luighne na learg nglas;

Sliabh Dhamh dá uair arna argain

níor an go bhfuair ardbhlaidh as.


26 Dá uair no trí tug tre theinidh

Tír Í Chatháin an uair úd;

déanamh guail do Ghleannchon Chadhain;

uaill fhearchon is samhail súd.


27 Bealach Oisbeirn an uair brisdear

- Bealach na Maol níor mhó a shuim -

do bhris reampa Áth an Oirnidh

ar sgáth Sleachta coillghil Chuinn.


28 Cúlo-bhFinn giodh fada ó chéile,

Caisleán an Barraidh - ’s beart dhoirbh -

go Baile an Ródhba is-teagh tiachair;

fógra do chean d’fhiachaibh oirn.


29 An caisleán mór ar Mac Goisdealbh

do ghabh ré gcách - cuid dá nós;

lá do bhaoi i mBaile na hUamha,

ní raibhe gnaoi ar mbuanna bós.


30 Gluaisdear leis an lá arna mhárach

ar Mac Uilliam na n-each mbras;

go Cnoc an Bhogha an tan tánaig,

do an fola ar Fhánaid as.


31 Ini-sgeilleann - fa sgéal dearbhtha -

mur Dhún Geanainn do ghabh sé

- gábhadh Cinn Aird - is do fhoghlaigh;

mairg dar linn darbh fhoghlaidh é.


32 Fada ó chéile a Carrag Fhearghuis

d’adhnadh Gránaird do ghluais siad,

Raghallaigh is-teach go dtánaig;

daghurraidh chreach d’Fhánaid iad.


33 Créad fa n-áireómhainn Brugh Bóinne

tar gach baile dár bhris ann ?

Losgadh Midhe fa Mhagh Teamhrach

gan shal d’fhine ghreaghnach Ghall.


34 Baile Átha Ria leis do loisgeadh;

do loisg Fathain taobh re tuinn;

san Oghmach go hinfhir fhaghla;

codhnach cinidh chalma Cuinn.


35 Sliocht Aodha Ballaigh - beart áirmheach -

ní hiad a-mháin do mharbh sé;

tig rinn-e a theann i ngach talmhuin;

Gleann Fhinne do fhalmhuigh é.


36 Do bhris tusa - is tráth do mhaoidheamh -

ar Mac Cuibhilín - toisg teann;

tugsad déara ar fhearaibh d’athdháil

sgéala Bhealaigh Lapáin leam.


37 Creach Sleachta Ruaidhrí - réim suaithnidh -

Sliocht Domhnaill do dhlúthchreach siad;

gníomha duilghe ann nach ionnráidh;

Clann Shuibhne, ná hiomráidh iad !


38 Losgadh Cúl-Mhaine - cóir maoidhimh -

Mac Siurtáin do throimchreach thiar;

dá dtí rinn do-righne thoirin

do rinn sibhne doighir ndiadh.


39 Creach Méig Shámhradháin - réim rathmhur -

rugais leat gér throm a dtóir;

gé téid díom a leath nach labhraim,

do bhíodh creach Méig Raghnaill róimh.


40 Tugais leat - créad fa gceilfinn ? -

creich ó Fhormaoil - níorbh fheidhm soirbh;

díol as an chreich ó Charn Shiaghail

rét bheith marbh gá iarraidh oirn.


41 Áth na Beithighe do briseadh

- beart oirdheirc - ar iomadh slóigh;

- an maidhm ré slógh Mhaghruis muidhidh -

clódh Maghnuis gér dhuiligh dóibh.


42 Gan chuimhne ar mharbhadh Maoil Mhuire

meic Dhomhnaill Óig níor mhol mé;

do chaoir shlóigh dob fheidhm ar fhéaghadh

dóigh i mbeirn do dhéanamh dé.


43 An lá do marbhadh Maol Muire

’na mhaidhm do bhí an briseadh tug;

fuair a oighidh ag díoth Danar;

doiligh críoch na roghan rug.