firstLine"; ?>

1436. Mor theasda dh’obair Ovid $
Length: long 34 qq
Certainty: 1
Period:
  1. 17th early
Areas:
  1. Ulster
Classes:
  1. inauguration mp
Manuscripts:
  1. RIA 1078 (B/i/1a) ?early 18th cent.
  2. RIA1387(23/O/78)Uill.R.MacCoitir 1723
  3. RIA3 (23/L/17) S. O Murch. na R. 1744-5
Prints:
  1. transl. Eigse xvii, 171
Motifs:
  1. symptoms of law & order under true king
  2. citation of earlier text by name
  3. Classical allusions
  4. Classic. personification of abstract nouns
Poet Christian Names:
  1. Eochaidh (RIA 1078 - anon, RIA 1387,3)
Poet Surnames:
  1. O hEoghusa
Patron Christian Names:
  1. James VI & I
Patron Surnames:
  1. Stuart (King of England)
Apologue Subclasses:
  1. Daisy faces sun
  2. Eagle’s fiery wings
  3. night bird blinded by daylight
Meter Vars:
  1. deibhidhe
Poem:

Poem in printable PDF format

Mór theasda dh’obair Óivid


[Pádraig A. Breatnach, ‘Metamorphosis 1603: dán le hEochaidh Ó hEódhasa’, Éigse 17, 169-180]


Eochaidh Ó hEódhasa cc.


1 Mór theasda dh’obair Óivid:

leis ar tús do tionóilid

[séala suthain láimh ar láimh]

fréamha cruthaidh is claochláidh.


2 Óibhid géarbh fhada ag labhradh

ar cclaochládh na ccéadadhbhar,

dá maradh [dob am don fhior]

barr lér canadh do chuirfeadh.


3 Rob iomdha ní - gá ttám dhó -

ar dtús a n-olc do iompó;

fearr an cinneadh dho-ní a-nos

gach ní d’fhilleadh ar fheabhas.


4 Tillidh deallradh gach doircheacht,

díbridh eagna anfhoirfeacht;

an ghlóir a n-oighreacht re headh,

foirneart gach bróin do báitheadh.


5 Atá libeirte a labhra

’gun anbhfainne agallmha;

a bruth as éadána ar fhear,

guth na héagcára as íseal.


6 An cogadh ar an ccor-soin

do chlaochló a ccruth éagcosmhoil;

do-só a sgéimh dhothaobhtha dhuibh

a néimh chrothaobhdha chúthuil.


7 Suaimhnighthear gan ghoimh gan ghliaidh

díosgoir dian ’sa dá dheirbhshiair;

trí gaothmhná dob fhearr san olc,

do chlaochlá ceann a ccumhocht.


8 Do ceangladh le a cceannaibh féin

naithre fraochdha a bhfolt n-aimhréidh;

lán a mbailgcnis: giodh beó bhead

aingcis ná gleó ní gheinead.


9 Atá Seireis - as sé a shuim -

ag treabhadh thulach ndíoghuinn,

ag buain fhala d’arm Marsa:

marbh an fhala ón obar-sa.


10 Do éirigh d’aithrighthibh ann

éincheann ar iomad colann,

cosg gach uilc d’aobhdhacht ré a n-ucht:

cuirp a n-aonchorp ré hannsacht.


11 Óig Lonndan - lór do ghrádsa -

fuairsiod fios na cclaochládh-sa;

deallradh éagcoimse as ann tig

an chéadshoillse an tann tairnig.


12 Bearradh flaithis bhfear Lunndan

tug dhóibh dul ó chomhurdadh;

lá a rathuirse bás a mbróin,

dob fhás athshoilse um iarnóin.


13 An ghrian loinneardha do las;

sgaoileadh gach ceó Cing Séamas;

tug ’na glóir comhorchra cháigh;

móir na comhortha claochláidh.


14 Ionganta thrá ná sin sionn,

popal imshníomhach Éirionn,

gur dhearmaid gach duine dhíon

treabhlaid na n-uile imshníomh.


15 Roidhiongna an radhairc reimhe,

do ghnáth na n-én n-oidhchidhe

ar tteacht fan ngrianshoilse ngloin,

riandoirse ar ndearc nach dúntoir.


16 Oirchios dúin, gé a-deirim sin,

ceiliobhradh dár ccuing imnidh;

súil chobhartha ar ríogh do-róigh

tar bríogh ndomharbhtha ar ndobróin.


17 Atá aigneadh gach fhir dín

do réir nádúire an nóinín:

a n-uair shoilsi dá shoighidh

a dhoirse iar n-uair osgoilidh.


18 Bíd dh’aonbháidh isan am-sa

aignidh na n-aos gcodarsna

ar gcumhsgughadh gach croidhe

le hursboradh ionmhoine.


19 Ionann san uile dhomhan

as oircheas a fhiadhoghadh;

luibh fhóirthe chiach gach cridhe,

ní fhóirfe ar iath dh’áiridhe.


20 Do-bheir cách d’aontoil iomshláin;

d’oibrioghadh is d’eisiomláir

tug sé mar na tíre a dtig

gidh bé ríghe nach ráinig.


21 Lucht gach aoinchríche idir

gan iomthnúth gan ainigin,

gan neimh thnúith nár dhiongaibh díbh

acht tnúith nach iomaidh eissídh.


22 Éad an Fhortúin san fhoirm-sin

ris an Nádúir neartchoimsigh:

ag comhfhoghnamh do chéibh loig

a n-éir d’fhoghalghomh fhormoid.


223 Saoiltear lé a los ar dhearlaigh,

an Toichthe, gur thighearnaigh;

na dearloicthe budh díol tnúidh,

bíodh gur neamhdhoichte an Nádúir.


24 A chur ós cionn gach aoinfhir

an Fhortún gá fhormhaoidhimh;

bean a sáraighthe as sé a-deir

nár ghrádhaighthe é acht d’airrdhibh.


25 Rinn a soibhert le searc mbúidh

a-deir gur dháil an Nádúir;

nochtaidh gurab tríthe táir

rochtain críche gach conáigh.


26 Tuicthear nach tigthear thairse,

as inchreidthe a n-abair-se;

rí gan cheardghrádha do chrúdh,

a dheargnámha as í an Fhortún.


27 Urusa fadódh fúthaibh,

as drithleanna domhúchaidh

gan mhodha a measraighthi sin:

teasbhruithni fhola an uaibhrigh.


28 Do loisgfeadh a háit uile

le hainteas na hacuile;

d’uamhan an bhrotha do-bheir

clocha d’fhuaradh ’na heitibh.


29 Do-ní an Nádúir do nós soin,

aidhme ionnarbtha a huabhoir,

leó go measraigh a meanmain,

breó theasbhaigh nach tighearnaigh.


30 Díoghruis a rúin, a rathol

fuair sé, ní searc leasmháthor;

téid mar dheirbhshliocht dá dhreich bhúidh

eighriocht gach neith ón Nádúir.


31 Tárraidh dá teagusc fhromhtha,

táir dá múnadh mheasortha

nach fáth uamhain dó ná dhún

a ró ualaigh ón Fhortún.


32 Impireacht gach aignidh láin

gidh gnáth don Fhortún d’fhagháil,

mar athrughadh do-ní a-niogh

banchumhal dí do dhéiniomh.


33 Oraoid le a hathrughadh sin;

ní hí éintrén do imthigh;

feithiomh na hiodhna as fhearr dhó;

iomdha ’na cheann do chlaochló.


34 Ná tí dh’ulc ná d’fhormad súl,

ná tí d’fhilltighe an Fhortún

ar n-athchruthadh go hullamh;

gach athrughadh uaramar.